Cen Ghaeltacht?

Tharla dhá rud an tseachtain seo caite a léirigh cur chuigí difriúla ó thaobh cúrsaí Gaeltachta de

Tharla dhá rud an tseachtain seo caite a léirigh cur chuigí difriúla ó thaobh cúrsaí Gaeltachta de. Ar an chéad dul síos, d'fhógair Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go raibh grúpa oibre, Airdeall, bunaithe acu; grúpa a chinnteodh "an próiseas pleanála a úsáid ar mhaithe le teanga bheo na Gaeilge a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn mar theanga phobail sa Ghaeltacht".

Tá ionadaithe ó na príomhcheantair Ghaeltachta páirteach sa ghrúpa agus coinneoidh siad súil ar "iarratais phleanála agus aird na n-údarás pleanála a dhíriú ar an dochar don Ghaeilge mar theanga bheo pobail a d'fhéadfadh tarlú de bharr mórfhorbairtí tithíochta..."

Obair dheonach a bheidh ar siúl acu ach cuirfidh an Chomhdháil comhairle dlí, pleanála agus saineolas sochtheangeolaíochta ar fáil do Airdeall.

Thug ráiteas an ghrúpa le fios: "is obair é seo ar chóir bheith ar bun ag áisíneacht Stáit, le daoine gairmiúla fostaithe, chun a chinntiú go bhfuil an chosaint chéanna á tabhairt don timpeallacht teanga is a thugtar don nádúr agus don timpeallacht fhisiciúil.

READ MORE

"Beidh Airdeall ag líonadh na bearna go dtí go mbunaítear a leithéid d'áisíneacht. Tá sé i gceist ag Airdeall aighneachtaí a chur os comhair na n-údarás pleanála cuí maidir le cosaint agus caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht."

Léirigh eagarfhocal ar an iris Idirlín, Beo! (www.beo.ie) dearcadh eile ar fad ar cheist na Gaeltachta.

Chomh fada agus a bhain sé leis an eagarfhocal, bhí an Ghaeltacht thraidisiúnta imithe mar aon le seanchaithe agus scéalaithe.

Níor mhair anois ach Gaeltacht dhomhanda gan teorainneacha agus bhí an t-am ann cuidiú a thabhairt do na 'pobail' idirnáisiúnta sin.

Fiafraíonn eagarfhocal Beo! ar cheart "dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan?

"Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht 'thraidisiúnta' faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an tIdirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh? Tá 'pobal' nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá 'Gaeltacht' dhomhanda gan teorainneacha geografacha á cruthú. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid ár ndícheall í a chothú, go háirithe i bhfianaise mheath na nGaeltachtaí mar a bhí."

Mar sin de, a fhad agus a bheidh Airdeall ag plé le cruth fisiciúil na Gaeltachta, beidh muintir Beo! ag amharc ar an cheann físiúil.

Is ceist choigilteach i gcónaí í teorainneacha na Gaeltachta ach ní dócha gur mhol duine ar bith riamh neamhiontas a dhéanamh díobh ar fad. Tá a leithéid de chomhairle ag teacht salach ar iarrachtaí na Comhdhála agus grúpaí eile ceist na pleanála agus na teanga a chur ar an chlár oibre.

An ag eagarfhocal Beo! atá an ceart? An fiú cath na pleanála a throid nó an cath é ar féidir a bhaint? An gcothaíonn teorainneacha meon an léigir? Ach mura mbíonn ceantar fisiciúil teanga ann, an dtiocfadh pobal teanga slán ar chor ar bith?