Táthar ag súil le hachrann sóisialta sa Bhrasaíl an samhradh seo agus Corn an Domhain á imirt sa tír – ach d’fhéadfadh réamhbhlaiseadh a bheith ar na bacáin cheana féin. Tá an lasair á cur – in ionaid shiopadóireachta ollmhóra na tíre.
Samhlaigh gur déagóir as bruachbhaile bocht de chuid São Paulo thú (agus ciallaíonn sé sin, mar seo í an Bhrasaíl, go bhfuil dath dorcha ar do chraiceann). An deireadh seachtaine atá ann, ach níl faic na ngrást le déanamh sa cheantar ina bhfuil cónaí ort.
A bhuíochas le polasaithe frithbhochtanais Pháirtí na nOibrithe atá i gcumhacht le 11 bliain níl ocras ort agus tá teilifíseán réscáileáin sa bhaile, ach níor dearnadh aon infheistíocht sa chóras oideachais, san infrastruchtúr ná in áiseanna pobail.
Níl rogha agat ach an lá a chaitheamh ag fánaíocht i measc na dtúr árasán coincréite a thóg an rialtas do na boicht nó ar bhóithríní plúchta an favela. Ach tá tú óg, agus teastaíonn uait an saol a bhlaiseadh.
Teastaíonn uait creathán bainne a ól tigh McDonalds agus teastaíonn uait casadh ar dhéagóirí eile. Céard a dhéanfaidh tú? Tá fón cliste agat agus déanann tú coinne le do leithéidí féin ar Facebook nó ar Twitter.“Dé Sathairn ag a ceathair, san ionad siopadóireachta!”
Ach ar shroicheadh an ionaid shiopadóireachta duit, feiceann tú na póilíní círéibe romhat, deorghás agus urchair rubair faoi réir acu.
Mar seo í an Bhrasaíl. Agus bochtán gorm thusa, agus níl fáilte roimh do leithéid in ionad siopadóireachta. Murach gur tú glantóir na leithreas.
Le mí anuas, tá an Bhrasaíl faoi gheasa ag feiniméan sóisialta ar a dtugtar rolezinho, nó "turas beag". Ar an chéad radharc, tá an coincheap chomh neamhurchóideach agus an t-ainm: níl sa rolezinho ach teacht le chéile ógánach a shocraítear ar Facebook.
Ach, go minic, tobshlua (flash mob) an toradh: tugann na céadta agus uaireanta na mílte déagóir aghaidh ar ionad siopadóireachta ag an am céanna. Ní chun rudaí a ghoid nó an áit a scriosadh – mar a shamhlaíonn na custaiméirí rialta saibhre – ach chun gúna de chuid Zara nó péire bróg reatha de chuid Adidas a cheannach.
Rud atá i bhfad níos measa: goideann an bochtán a cheannaíonn éadaí faiseanta féiniúlacht an Bhrasaíligh mheánaicmigh.
Go dtí le gairid, chinntigh riail shóisialta neamhscríofa nár thaobhaigh Brasaíligh de chuid na híosaicme (sciar den phobal a mbeadh dath dorcha ar chraiceann a bhformhór) ionaid shiopadóireachta ollmhóra na tíre.
Parthais aer-oiriúnaithe atá sna hionaid shiopadóireachta seo: oileáin bheaga ar féidir leis an meánaicme agus an uasaicme dearmad a dhéanamh, ar feadh seala, go bhfuil siad sa Bhrasaíl – tír atá á roinnt acu leis na scórtha milliún bochtán.
Ar a chuntas Twitter, is mar seo a chuir Wilson Gomes, léachtóir cumarsáide ag Ollscoil Fheidearálach Bahia, síos ar an chinedheighilt cheilte seo: “Tá cathracha leagtha amach le cinntiú nach gcastar na bochtáin agus an meánaicme ar a chéile ach go fíorannamh. Nuair a tharlaíonn sé sin, cuireann sé as do chách.”
Le mí anuas, tá tonn rolezinhos tar éis aird a tharraingt ar an chinedheighilt cheilte Bhrasaíleach seo. Bhain póilíní círéibe úsáid as deorghás agus urchair rubair chun bac a chur ar rolezinho in ionad siopadóireachta amháin i São Paulo coicís ó shin.
An deireadh seachtaine céanna, d’éirigh le hionad siopadóireachta eile sa chathair sin ordú dlí a fháil a chuir bac ar dhéagóirí cos a chur thar tairseach. “Ciníochas mínáireach,” a dúirt na déagóirí – agus Amnesty International.
Gan mhoill, beartaíodh tuilleadh rolezinhos – an iarraidh seo, mar agóid, agus ní i gcathair São Paulo amháin. Seachtain ó shin, dhún ionaid shiopadóireachta sna ceantair is saibhre i gcathair Rio de Janeiro a ndoirse ar fad toisc go raibh faitíos orthu go dtarlódh rolezinho; as seo go ceann míosa, tá raidhse rolezinhos beartaithe in ionaid shiopadóireachta ar fud na tíre.
Cén chríoch a bheidh ar an scéal seo? Braitheann sé sin ar na póilíní, agus ar na treoracha a thugann na polaiteoirí dóibh.
Má théann na húdaráis i muinín na láimhe láidre, mar a rinne siad i mí an Mheithimh 2013 nuair a ghlac na céadta míle Brasaíleach páirt in oll-léirsithe, d’fhéadfadh an t-achrann sóisialta a bhfuil súil leis ag Corn an Domhain tosú gan mhoill.