Cloigne

CROBHINGNE: CEAPTAR GO minic gurb é an cloigeann an ball is tábhachtaí sa duine, bíodh go bhfuil dream eile ann a shíleann go…

CROBHINGNE:CEAPTAR GO minic gurb é an cloigeann an ball is tábhachtaí sa duine, bíodh go bhfuil dream eile ann a shíleann go bhfuil tamall uaidh síos. Ní hí an leite sin a dtugtar an inchinn uirthi atá i bhfolach faoin mblaosc bheag sin is cás dom, áfach, ach an cloigeann féin.

Is fíor go bhfacthas daoine ag siúl na slí agus cloigeann faoina n-ascaill acu, go háirithe i gcoim na hoíche agus cúpla deoch ar bord, ach amuigh sa saol gránna réadach sin a maireann roinnt bheag daoine ann is beag dul as atá againn ó thábhacht an chloiginn.

Bhíodh an cloigeann chomh tábhachtach sin go n-imrítí iomáint leis, más fíor don Táin, agus do scéalta eile ó phobail níos barbartha ná muintir Ó Méith ar fud na cruinne. B’fhéidir toisc taithí a bheith acu ar chloigne móra nár éirigh chomh maith sin le hArd Mhacha ná leis an Lú san iomáint nuair a tháinig an tsibhialtacht chugainn.

Ón gceantar céanna, gan amhras, ba ea cloigeann Oilibhéir Phluingcéad atá le feiscint i gcónaí ach dul ar seachrán na slí ón bpríomhbhóthar idir chéad agus dara cathair Éireann agus tamall a bheith agat paidir a rá nach raibh cónaí ort nuair a bhí praghas ar chloigne. Seargann daoine siar ó chloigeann Oilibhéir, ní hé amháin go bhfuil sé seargtha ann féin, ach gur comhartha é den stair sin ar fad arbh fhearr linn dearmad a dhéanamh uirthi.

READ MORE

Ach ba ghnáthchleachtadh é an cloigeann a chur in airde mar chomhartha mór an duine. Nuair a dhéantaí daoine a chrochadh, a stialladh is a ghearradh go ceathairchúinneach, ar chaitheamh aimsire móréilimh é san aimsir réamhtheilifíse, ba mhinic an cloigeannn a chur ar spíce. Nuair a buadh ar Arm na hÉireann i gcath Chionn tSáile cuireadh blaoscanna chuid de na daoine a maraíodh ar taispeáint timpeall an bhaile, amhail is gur iarsmalann mhór amháin a bhí ann do mhuintir na háite. Agus b’ea, leis.

Nuair a maraíodh duine de mhuintir Mhic Mhuiris Chiarraí ina dhiaidh sin, bhain neach dá chomrádaithe an cloigeann de agus chuir i bhfolach é ionas nach mbainfí mí-úsáid as.

Ach má bhí ríogaigh ceanúil ar chloigne ní féidir a rá nach raibh poblachtánaigh ar aon aigne leo. Thosnaigh rí Séarlas a haon na Breataine a réimeas agus timpeall cúig throigh aon orlach déag d’airde aige; nuair a tháinig deireadh leis ní raibh aige ach cúig throigh ceithre orlach aige ar a mhéid. Bhí na horlaí eile uaidh sa chiseán. Agus ba dheas iad na Francaigh ar an gcleas céanna, na huaisle a ghearradh anuas idir airgead agus airde ceann ar cheann.

B’é cloigeann Damian Hirst an cloigeann ba mhó a raibh caint air le suim bheag de bhlianta anuas, cloigeann a raibh sé i gceist go gcuirfí luach air ar mhargadh na saoire, seachas ar mhargadh na ndaor. Níorbh eol d’aon chloigeann beo ar dhiamaint dáiríre nó ar dhiamaint dhamanta bréige na diamaint a bhí dingthe go dearfa ann.

Is ionann diamaint thacaire agus diamaint lándiamantúla don tsúil neamheolach. B’é ba thábhachtaí ná go raibh i gceist praghas a chur air.

B’é pointe an chloiginn, más féidir pointe a bheith ag cloiginn seachas an smig féin, ná go léireodh sé go raibh spéis ag an aos caipitilíoch san ealaín.

Níl de spéis ag an aos caipitlíoch san ealaín ach go bhfuil sí go deas, ar nós ballapháipéir, nó feisteas tráthnóna dicíbhóúil oíche gheimhridh. Bhí caint go leor ar chriostailchloigne na nAstec in amaidí saonta na 20ú haoise nuair a síleadh go raibh draoícht ag daoine dorcha nach raibh ag daoine geala.

Ba chuid den ghluaiseacht sin ar dhóigh léi go raibh an ealaín go maith dá bhféadfaí í a cheannach is a smachtú.

Nuair a tuigeadh gur diamaint lándáiríre a bhí i gcloigeann Damian Hirst bhí a bhrí leáite. Bhíothas ábalta ar phraghas, arbh ionann é is luach, a chur air. Bhí an diamhaireacht bainte anuas de. Mar diamhaireacht atá sa chloigeann, ar a laghad, sa mhéid atá laistigh de.

Mar is é an rud sin atá á iompar agat ar do dhá ghualainn an t-earra is mistéirí amuigh. Go fiú is más turnap atá agat os cionn do mhuiníl, is luachmhaire sin ná diamaint uile Dhiamaint Hirst. Más meacan rua féin é, tá ábhar istigh ann nach leomhfadh Oilibhéar Pluingcéad smaoineamh air.

Is miosúr í an tslí a chaithimid le cloigne an meas atá againn ar an ainmhí daonna. Thar aon ní eile ba mhaith leat bheith istigh a bheith agat in intinn dhaoine eile. Polaiteoirí go háirithe. Smaoinigh dá bhféadfá éachtaint a fháil ar cad tá ar siúl dáiríre i gcloigeann Phil Hogan. Ina dhiaidh sin, b’fhearr nach mbeadh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar