Club leabhar

SEOLFAIDH an comhlacht oideachais, Gaelchultúr, club leabhar ar líne tráthnóna amárach i mBaile Átha Cliath, a scríobhann Pól…

SEOLFAIDH an comhlacht oideachais, Gaelchultúr, club leabhar ar líne tráthnóna amárach i mBaile Átha Cliath, a scríobhann Pól Ó Muirí. Is é is cuspóir le Clubleabhar.com (www.clubleabhar.com) deis a thabhairt do léitheoirí leabhair Ghaeilge neamhacadúla a phlé ar líne agus le chéile i gcumainn ar fud na tíre agus na cruinne

Dúirt urlabhraí ó Ghaelchultúr, Sara Jane Ní Ghabhann, go mbeadh siad “ag díriú ar leabhar nua gach mí agus beidh deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Beidh fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bheidh á bplé, rud a éascóidh an léitheoireacht go mór. Beidh deis acu siúd nach bhfuil ach ag foghlaim na Gaeilge, mar sin, bheith mar bhaill den chlub leabhar seo ar líne”.

Eolas: 01-4845220 nó sarajane@gaelchultur.com