Comhalta imithe

Tá duine de chomhaltaí Fhoras na Gaeilge, Caitríona Ní Cheallaigh, i ndiaidh éirí as bord an eagrais.

Tá duine de chomhaltaí Fhoras na Gaeilge, Caitríona Ní Cheallaigh, i ndiaidh éirí as bord an eagrais.

Rinne an colún seo teagmháil léi ach dúirt sí nach raibh sí ag iarraidh labhairt ar na cúiseanna gur éirigh sí as. Bhí iaróg inmheánach san Fhoras ní ba luaithe i mbliana agus labhair Ní Cheallaigh leis na meáin chumarsáide faoina míshástacht ina leith sin.

Tá meas ag mórán daoine san earnáil dheonach teanga ar an Cheallach.

Is é tuairim na coitiantachta gur bean ghníomhach chumasach í a a bhain cuid mhór amach le Coláiste na bhFiann agus lena seal mar uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

READ MORE

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais: "Tá Foras na Gaeilge an-bhuíoch de Chaitríona Ní Cheallaigh as an tréimhse a chaith sí mar chomhalta boird agus as an obair agus an inchur a bhí aici..."