Cosa i dtaca

TÁ lucht cheardchumainn RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 ag cur a gcosa i dtaca maidir leis an atheagar atá beartaithe…

TÁ lucht cheardchumainn RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 ag cur a gcosa i dtaca maidir leis an atheagar atá beartaithe ag RTÉ ar a seirbhísí nuachta Gaeilge.

Tuigtear don cholún seo go bhfuil ionadaithe ceardchumainn den tuairim go bhféadfadh gur ag Binse Caidrimh Thionsclaíoch RTÉ a réiteofar an t-easaontas le lucht bainistíochta mar gheall ar an atheagar conspóideach.

Bhí cruinniú Dé Máirt seo caite ag baill NUJ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 ag ar aontaíodh go gcuirfí dhá aighneacht le chéile.

Cuirfidh an chéad aighneacht tuairimí na foirne faoin atheagar in iúl don lucht bainistíochta agus san aighneacht eile leagfar amach fís na mball foirne do chraoltóireacht na Gaeilge.

READ MORE

Scaip ionadaithe cheardchumainn Nuacht TG4 agus RnaG nóta ar bhaill foirne i ndiaidh chruinniú na Máirte seo caite ag iarraidh orthu a dtuairimí faoin atheagar a chur i scríbhinn.

Iarradh ar bhaill foirne an dá sheirbhís seasamh le chéile i gcoinne phlean na bainistíochta agus a dtuairimí faoi cad iad bunluachanna na craoltóireachta Gaeilge a chur ar fáil ionas go bhféadfaí polasaí do chraoltóireacht na Gaeilge a chur i dtoll a chéile. Tugadh go dtí lár na seachtaine seo don dá fhoireann a dtuairimí a chur in iúl.

Ag comhchruinniú eile de bhaill cheardchumainn RnaG agus Nuacht TG4 Dé Máirt seo chugainn bunófar dhá ghrúpa oibre, ceann chun an polasaí maidir le craoltóireacht na Gaeilge a fhorbairt agus ceann eile leis an bhfreagra a dhréachtú faoina bhfuil beartaithe faoin atheagar.

Bheadh na cáipéisí seo mar chuid lárnach de chás an cheardchumainn dá rachadh an scéal a fhad le Binse Caidrimh Thionsclaíoch RTÉ.

Faoin atheagar a fógraíodh an mhí seo caite beidh Nuacht, nó Nuacht TG4, ag soláthar na nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta i nGaeilge don dá sheirbhís agus beidh ar iriseoirí teilifíse tuairiscí raidió a sholáthar do chláracha éagsúla ar RnaG.

Cruthófar chomh maith idir ceithre cinn agus sé cinn de phostanna nua agus beidh líon beag daoine le haistriú ó Nuacht TG4 go RnaG agus ó Chasla go Baile na hAbhann.