Cothrom an lae

CROBHINGNE: LEITHSCÉAL AR fónamh ag lucht turasóireachta agus ag aicme an airgid bliain éigin a phiocadh amach agus a leagadh…

CROBHINGNE:LEITHSCÉAL AR fónamh ag lucht turasóireachta agus ag aicme an airgid bliain éigin a phiocadh amach agus a leagadh ar chlár an tsaoil.

Searmanais chuimhneacháin a cheapadh timpeall air sin, coiste a bhunú, deochanna a thabhairt d’iriseoirí, agus beidh ócáidí a rachaidh chun sochair do dhuine éigin gan mórán righnis.

Fuair Baile Átha Cliath agus Corcaigh blaiseadh de sin le glúin anuas nuair a stoitheadh bliain éigin as an aer mar chomóradh ar iad a bheith 1,000 nó 800 bliain d’aois. Bhí an dá bhaile sin ann i bhfad sular leag Cnut Fiacailbhriste nó Thor Taobhthiubh ar bith cos shalach ar thír abhus.

Cíorann lucht litríochta na blianta breithe agus báis go rialta féachaint cén duine a chuirfear i mbéal an phobail sa tréimhse amach romhainn. Beidh caint éigin an bhliain seo chugainn, tá súil agam, ar Chaoimhín Ó Danachair a rugadh sa bhliain 1913, agus Emily Lawless a fuair bás. Seans go luafar ach nach léifear Principia Mathematica Alfred Whitehead agus Bertrand Russell, cé go mbeidh cead feasta ag múinteoirí leas a bhaint as sa Teastas Sóisearach nua leasaithe friseáilte úrloinnireach.

READ MORE

Pé duine nó daoine a shocraíonn cad air a mbímid ag caint tá siad balbh go maith inniu. Mar is cothrom an lae seo go cruinn díreach 520 bliain ó shin a cuireadh tús leis an gconcas Columbach, mar a thug staraí amháin go paiteanta air.

Uair éigin an lá sin chonaic duine d’fhoireann Cristoforo Colombo, nó Cristóbal Colón smut den domhan úr amach roimhe agus iad ar a slí dóibh chun na Seapáine, dar leo.

An lá ina dhiaidh sin, leag siad a spága ar oileán ar bhaist sé San Salvador air, agus tá na spága sin ag leathnú siar ó shin, agus gach constaic duine nó ainmhí á scuabadh as an tslí acu gan stad.

Na daoine a d’fháiltigh roimh Cholón agus a chuid foghlaithe creiche, b’iad na Lucayos iad, nó b’in an leagan dá ainm a bhaist sé orthu.

Focal oiriúnach é “baisteadh” sa chás seo, mar ba mhian leis iad a bhaisteadh in umar na Críostaíochta, bíodh gur in umar na fola is túisce a tumadh iad. Trí lá ina dhiaidh sin bhreac sé ina dhialann nach raibh “aon taithí acu ar chogadh”.

B’fhollas an tslat tomhais a stiúródh an slad as sin suas á tabhairt amach láithreach. Níor ghá fanúint rófhada lena fhíoradh sin. Laistigh de 40 bliain, bhí na Lucayos ar fad marbh.

Ní fios an ndúirt an chéad duine as an mbáidín an mhaidin sin na focail bheannaithe: “coiscéim bheag amháin don duine, coiscéim mhór don chine daonna – nó, gabh mo leithscéal – coiscéim mhór don chine daonna geal san Eoraip agus dá shliocht”.

Mar sin é a bhí ann, agus truslóg mhór chun deiridh isteach i sloc an bháis nó i gcillín na díchuimhne do dhuine ar bith eile a sheas sa bhearna bhaoil ina gcoinne.

Fág nach bhfuil ann ach comhtharlú glanseansúil, is lánoiriúnach chomh maith ainm an chreachadóra féin. Is ón Laidin an bunfhocal ar a bhfuil “coilíneacht” bunaithe agus arb é ba bhrí leis ná “fearann talamh”, nó “feirm”; is le Cristóbal Colón a thosnaíonn fás agus craobhú agus at agus séideadh agus eilifintiú na hEorpa thar chríocha amach a dtugaimid “coilíniú” go simplí air.

Borradh agus breisiú agus bolgleathnú seo na hEorpa chuir sé feoil suas i ngach poll is pluais ar fud an domhain leis na céadta bliain anuas.

Is dá bharr atá tíortha na hilchríche againn féin saibhir, de thoradh tionscal na sclábhaíochta, agus an dúshaothraithe agus na loingeas ar sáile a chosain coinníollacha trádála chun ár leasa féin agus chun aimhleasa cáich eile.

Ní gan ocras agus gorta an cupán tae deas sin agat, agus ní gan faobhar na fuipe an siúcra. Ach cad fáth a bhfuilim leis seo?

Ní bheidh gach duine ar aon fhocal choíche maidir le cad é an imeacht nó an fhionnachtain is mó tábhacht i stair an domhain. An chéad tine? An chéad sleá? An bhróg, an bríste, an bolgán leictreach? Teacht an ghunna, dul ar an ngealach, ceansú an ghadhair? An tIfón, an tIpad?

Ach is beag é m’amhras dá gcuirfí ceist ar dá maireann beo, má mhaireann, de na Cherokee, Choctaw, Chinook, Chappaquidic, Cochimi, Cheyanne, Crow, Cree nó Carib (agus níl againn anseo ach tús na haibítre) go ndéarfadh siad gurb é an lá seo breis agus 500 bliain ó shin, lá an léin.

Lean díospóireacht bhríomhar sa Spáinn nuair a thug Colón a chuid indios mar thrófaithe aniar cé acu an raibh siad daonna dáiríre, nó nach raibh.

Ceist fós í ag comharbaí caipitilíocha an choncais Cholumbaigh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar