Cuairt an Phápa ar Éirinn

Beocheist: Cothrom an lae seo 25 bliain ó shin réitigh mo mháthair picnic mhór agus cheannaigh sí na stóilíní beaga adhmaid …

Beocheist: Cothrom an lae seo 25 bliain ó shin réitigh mo mháthair picnic mhór agus cheannaigh sí na stóilíní beaga adhmaid ar tugadh stóilíní an Phápa orthu agus a bhí ar díol os comhair an tséipéil tar éis an Aifrinn le trí seachtainí roimhe sin.

Sílim go bhfuil cuid acu in úsáid aici fós mar sheastáin ag plandaí tí. Cúramaí cheannach na dticéad traenach agus spól scannáin don cheamara a thóg m'athair air féin.

Níor chuir sé mórán spéise i ngnáthchúrsaí Aifrinn - bhí a dhóthain Aifrinntí friotháilte aige a deireadh sé gach uile mhaidin le deich mbliana ina óige nach sroichfeadh an chuid eile go deo cibé cén líon mór a bhí ann - ach b'ócáid stairiúil í seo.

Nuair a thug sé leis abhaile na ticéid facthas dúinn go raibh dathanna an Phápa orthu agus go rabhamar ag dul go stáisiún a raibh Ashtown air.

READ MORE

Tuigfidh léitheoirí Harry Potter má deirim gur cineál Ardán Naoi is Trí Ceathrú a bhí ann mar ardán speisialta ab ea é a cuireadh suas do chuairt an Phápa.

D'fhágamar an teach i lár na hoíche, rud a raibh cleachtadh againn air ó b'shin é an nós a bhí againn agus muid ag dul ar laethanta saoire go hInis Oírr.

D'fhágamar Baile Átha Cliath i lár na hoíche le bheith ar an Naomh Éanna ó Ghaillimh ag a naoi a chlog ar maidin.

Tá na grianghrafanna ina gcumhneacháin ar éirí aoibhinn na gréine an mhaidin sin i bPáirc an Fhionnuisce.

Thairis sin, níl aon chuimhne faoi leith agam ar an ócáid ach mé bheith ag siúl thart ag breathnú ar dhaoine go bhfeicfinn an aithneoinn duine ar bith sa slua.

Bhí mé an oíche dár gcionn gan codladh arís agus mé ar aistear níos faide an uair seo, ar bhus chuig Aifreann an Aosa Óig i nGaillimh.

Nach ormsa agus ar mo chara a bhí an gliondar nuair a chas beirt leaid thart chun cainte linn ach ní fada gur náirigh siad sinn.

Bhíodar sa séú bliain i gColáiste na Carraige Duibhe, bliain chun cinn orainn agus arsa duine acu nuair a dúramar gur éisteamar leis na Eagles go mb'shin ceol "country and western".

In ainneoin an méid sin leanamar orainn ag cabaireacht agus is beag duine a chuala an Pápa nuair a dúirt sé na focail cháiliúla sin: "Young people of Ireland I love you."

Éist leis an chéad uair eile a chraoltar é agus cloisfidh tú bualadh bos beag ón dream a bhí gar don altóir, scaipeadh an scéil ina sioscadh agus ansin an bualadh bos fada.

Is mar sin a chloiseadh na sluaite a bhíodh ag éisteacht le Dónall Ó Conaill an méid a bhí le rá aige.

Más buan mo chuimhne amhráin nuachumtha ba mhó a bhí á gcasadh an dá la sin. Amhráin a bhí le dul i bhfeidhm ar an nglúin óg.

Ach sílim go mba mhó an dóchas ná an creideamh a bhí ag go leor daoine faoin am sin. Má bhí tarraingt fhorleathan ar an bPápa agus an méid a bhí le rá aige bhí sé gearrthéarmach.

Is minic a dhéantar ceangal idir cuairt an Phápa i 1979 agus an buaicphointe a sroicheadh sa ráta breithe an bhliain dár gcionn nuair a saolaíodh 70,000 leanbh.

Bhí an ráta ag éirí go réidh ó 60,000 i 1960 agus is éard a thárla ar feadh scór bliain ina dhiaidh sin gur thit an ráta dhá oiread chomh sciobtha is a bhí sé tar éis bheith ag ardú.

An ghlúin óg a chuala an Pápa b'shin an ghlúin óg a ndeachaigh go leor acu ar imirce sna 1980í, a chuaigh in aon tíos roimh phósadh, agus a d'fhan go raibh rath ar an tír agus iad féin i lár a 30í sula raibh aon chaint acu ar leanaí.

Agus fiú muide a bhfuil gasúir againn atá thart ar an aois a bhíomar an lá sin i nGaillimh cé mhéad acu a ghabhfadh ann dá dtiocfadh an Pápa arís i mbliana?

Dúirt sagart ar an raidió an lá cheana gur beag seans a líonfadh sé Páirc an Chrócaigh dá dtiocfadh sé anois.

Ócáid stairiúil a bhí ann ceart go leor agus ní tharlaíonn a leithéid faoi dhó.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom tagairt a dheanamh arís d'Inis Oírr. I dtosach an Mheán Fómhair chéanna chaith mé seachtain ansin ar lóistín le seanlánúin lách a bhí ina gcónaí i dteach ceann tuí ar an bhFormna.

Ar dhúiseacht dom i leaba a raibh pluid agus braitlíní bána air agus an ghrian ag teacht isteach trí fhuinneoigín beag mar a thiocfadh solas ó theilgeoir ar bhallaí bána an tseomra, shíl mé go raibh mé sna flaithis.

Mar a deir Dante nuair a imíonn radharc an tsolais shíoraí uaidh ag deireadh an Choiméide Diaga maireann cuid de i mo chroí i gcónaí níos doimhne ná Schwärmerei chuairt an Phápa.