Cúig chiorcal na gcluichí

BEOCHEIST: CÉARD BA chóir a bheith ionat dá mbeifeá ag iarraidh bheith ar fhoireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha uair…

BEOCHEIST:CÉARD BA chóir a bheith ionat dá mbeifeá ag iarraidh bheith ar fhoireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha uair éigin?

Ag breathnú ar liosta na bliana seo, thosóinn le láthair mo bheireatais a roghnú: Baile Átha Cliath (13 lúthchleasaí) nó oirthear Thuaisceart Éireann (11) mar phríomhspriocanna, ach níor mhiste Corcaigh (8) mar rogha thánaisteach.

Ansin roghnaigh do spórt. Lúthchleasaithe páirce, reathaithe den chuid is mó, is líonmhaire le 24 rannpháirtí, ach tá iomaitheoirí i dtrí cinn déag de spóirt eile ina measc i mbliana.

Tá difríocht amháin idir an fhoireann seo agus foireann ar bith eile a théann os comhair phobal an domhain. Ní féidir cáiliú di ach ar bhonn do chuid torthaí. Ní hé sin le rá, mar a chífimid, gurb ionann an caighdeán a shroisint agus bheith roghnaithe.

READ MORE

Tá caighdeáin cháilíochta ann a leagann an Coiste Idirnáisiúnta Oilimpeach, nó na Comhaontais aonair sna spórtanna éagsúla, síos do gach aon spórt atá le bheith idir chamána ann. Má éiríonn leat é sin a bhaint amach, tá bheith istigh agat.

Lucht scór éigin chontaethe a rachaidh go Londain thar ceann na tíre seo, agus cuid a rugadh chomh fada ó bhaile leis an bhFrainc is an Pholainn, le California agus le Laitvia.

Tá 17 ina measc atá buanbhunaithe thar lear, gan trácht ar an méid nach bhfuil bunaithe ina gcontaetha dúchais sa bhaile – rud atá nádúrtha go maith ar na saolta seo.

Ach b’fhéidir gur tábhachtaí fós a thabhairt faoi deara go bhfuil scór éigin acu atá ag dul chuig na cluichí Oilimpeacha don dara nó don tríú huair.

Triúr acu san, is é an ceathrú huair acu é: na siúlaithe Rob Heffernan agus Olive Loughnane, agus an seoltóir David Burrows.

Agus tá duine amháin a bhfuil stádas ar leith aici, go ndeachaigh sí san iomaíocht sna Cluichí Geimhridh ar son na hÉireann freisin – Claire Bergin a bheidh ar fhoireann rás sealaíochta 4x400m i Londain agus a bhí san iomaíocht sa Charr Sleamhnáin i Vancouver.

Ach ós ag caint ar an rás sealaíochta ban muid, cé a chreidfeadh i bpróiseas ainmniúcháin foirne in Éirinn nach mbeadh aighneas éigin ag roinnt leis?

Agus tá aighneas ár ndóthain i mbliana againn.

An rás sealaíochta sin, ainmníodh seisear lena aghaidh nuair a cáilíodh an fhoireann, ceathrar reathaí agus beirt bhan ionaid.

Ach rinne reathaí eile, Joanna Mills, achomharc láithreach, agus fuair sí áit in ionad Chaitríona Cuddihy. Tá sise i mbun achomhairc í féin agus é seo á scríobh.

Ag brath air sin atá sé an mbeidh beirt deirfiúr ar fhoireann na hÉireann (Caitríona a luadh, agus Joanne) – agus aisteach go leor tá duine den lánúin phósta ina measc, Marian Heffernan, bean chéile Rob réamhráite, le bheith sa rás céanna!

Agus i gcúrsaí eachléime, fágadh foireann na hÉireann in aimhréidh nuair a dícháilíodh capall de chuid Denis Lynch i gcomórtas in Aachen de bharr é a bheith hipiríogair – ainneoin nárbh é sin an capall a bhí sé lena thabhairt go Londain.

Fiú ballraíocht sa bhfoireann rásaíocht bóthair rothaíochta, cuireadh sa mheá é nuair a rinne rothaí a rugadh i Learpholl, Matt Brammeier, achomharc ar an mbonn go mba chóir dó féin bheith páirteach, ós é curadh na hÉireann sa spórt sin trí bliana as a chéile. Theip ar an iarracht sin.

Gan milleán ar éinne, bhí toradh míshásúil ar phróiseas cáiliúcháin mharatón na mban, leis.

Triúr reathaí ar a mhéid a bhí le bheith ag tír ar bith sa rás sin, ach ar an drochuair nár éirigh le ceathrar Éireannach an caighdeán cáilithe a bhaint amach.

N’fheadar conas a roghnaíodh an triúr a mbeidh brat na hÉireann sa rás sin orthu, ach fágadh Maria McCambridge ar an trá fholamh.

Tá daoine eile nár mhór do dhuine trua bheith aige dóibh, leis: David Gillick, mar shampla, a dtáinig gortaithe rialta matáin idir é agus caighdeán reatha gur chóir go mbeadh sé bainte amach aige sách éasca sa rás 400m.

Chlis ar fhoirne na hÉireann sa hacaí, fir agus mná, agus iad an-ghar den cháiliú, agus ní thuigeann éinne conas a tharla gur theip ar Joe Ward áit a bhaint amach ar an gcáiliú sa dornálaíocht.

Níos truamhéalaí fós, Jason Smyth, as Doire, fear nach bhfuil iomlán radharc na súl aige, agus a bhain dhá bhonn óir sna cluichí para-oilimpeacha i mBeijing.

Bhí sé i ngiorracht 0.04 soicind den cháiliúchán don 100m sna gnáthchluichí, ach theip air dul níos gaire don sprioc.

Ach comhartha é sin d’íogaire na gCluichí Oilimpeacha, agus gan an chomórtasaíocht tosaithe, fiú.