Deireadh Foinse agus bás an ginger-haired country cousin

TUARASCÁIL : ÓN DEIREADH seachtaine seo caite níl fostaithe go buan sa Stát seo ach iriseoir cló Gaeilge gairmiúil amháin – …

TUARASCÁIL: ÓN DEIREADH seachtaine seo caite níl fostaithe go buan sa Stát seo ach iriseoir cló Gaeilge gairmiúil amháin – Eagarthóir Gaeilge an nuachtáin seo.

Sular cuireadh deireadh an tseachtain seo caite le foilsiú Foinse, nuachtán náisiúnta na Gaeilge, bhí triúr againn ag déanamh slí bheatha iomlán mar iriseoirí cló as Gaeilge. Sea, triúr.

Is fiú cuimhneamh ar an méid sin agus díospóireacht ar bun faoi cad is maoiniú dóthaineach do nuachtán Gaeilge ann, nó cad is ardú “substaintiúil” ann i ndeontas nuachtán Gaeilge.

Tá cur síos greannmhar in A New View of the Irish Languageag Breandán Delap ar na meáin Ghaeilge mar a "ginger-haired country cousin desperately wanting to be taken seriously, yet cut off from the majority of the Irish population by their own national language".

READ MORE

D’fhéadfaí cur síos a dhéanamh ar an iriseoir cló Gaeilge mar an “ginger-haired country cousin” a mbíonn na “ginger-haired country cousins” eile ag caitheamh anuas air.

Ach pé rud eile a déarfaí faoi, ní fhéadfaí a rá nach bhfuair an Stát luach a chuid airgid ón iriseoir cló Gaeilge. Fuair agus fuair sé tuilleadh leis.

B'fhéidir go dtuigfí an méid sin nuair nach mbeidh fáil ar aon nuachtán Gaeilge sna siopaí an tseachtain seo agus b'fhéidir go dtabharfadh imeacht Foinseorainn machnamh a dhéanamh cé acu atáimid dáiríre nó nach bhfuil faoin méid atá cloiste againn le tamall anuas faoin 'ngá' atá le nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar ardchaighdeán.

Is é bun agus barr an scéil bhrónaigh seo ná nach féidir nuachtán ar mhúnla Foinse a chur amach faoi láthair gan tuilleadh maoinithe.

Tá sin amhlaidh mar gheall ar thitim obann ar theacht isteach ó fhógraíocht agus toisc nár thapaigh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, an deis fós na rialacháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach, rialacháin a chuirfeadh dualgas éigin ar an Stát méid áirithe fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge.

Ní féidir nuachtán a oscailt ar na saolta seo gan teacht ar scéal faoi bhás nuachtán agus le tamall gearr anuas tá dhá nuachtán Ghaeilge curtha le liosta na marbh.

Tá na cúiseanna le meath na nuachtán ar fud an domhain pléite agus seanphléite faoin am seo agus plé déanta leis ar na himpleachtaí tromchúiseacha a bhaineann leis an gcreimeadh atá á dhéanamh ar luachanna na hiriseoireachta gairmiúla.

ACH is í fírinne an scéil ná nach mbéarfaidh aon nuachtán Béarla nó Fraincise an Béarla nó an Fhraincis go dtí an uaigh leis.

Muna mbeadh nuachtán ceart Gaeilge ann, áfach, buille tubaisteach a bheadh ann don teanga féin, rud a aithníonn Liam Mac Mathúna ina aiste siúd in A New View of the Irish Language: "Ultimately if Irish is to prosper, it must not only be used but used well."

Áitíonn sé go bhfuil ról ar leith ag na meáin chlóite agus chraolta i gcaomhnú agus i bhforbairt na Gaeilge: “...the future well-being and form of the Irish Language is largely, if not exclusively, in their hands.”

Ní beag an fhreagracht é sin agus ba chóir go n-aithneodh pé maoiniú a chuirtear ar fáil do nuachtán Gaeilge é sin.

Níl aon amhras, agus cúrsaí eacnamaíochta mar atá, go gcaithfear bheith réadúil faoin maoiniú a bheidh ar fáil don Ghaeilge as seo go ceann tamaill agus ba chóir dúinn bheith réadúil chomh maith faoin saghas nuachtáin Ghaeilge a theastaíonn uainn. Fastaoim atá ann bheith ag súil gur féidir le nuachtán Gaeilge gach aon riachtanas atá ag duine ó thaobh na nuachta, na tuairisceoireachta agus na hanailíse a shásamh.

San aiste thuasluaite deir Breandán Delap go bhfuil easpa “quality control” i gceist le roinnt de na meáin Ghaeilge agus molann sé cúlú ón bhfealsúnacht “more is better”. Tá an ceart aige.

Mar eagarthóir ar Foinse, ní raibh aon suim agamsa alt tuairimíochta a fhoilsiú ó dhuine nach raibh saineolas aige ar an ábhar a bhí faoi chaibidil aige agus mar léitheoir ní bheadh aon suim agam a leithéid d'alt a léamh, is cuma cén teanga ina mbeadh sé.

Mar a chéile, cur i gcéill atá ann a bheith ag aistriú scéalta nuachta faoi dheifir go Gaeilge agus ag tabhairt ‘nuacht’ air.

Caitheann aon seirbhís nuachta nuacht a ‘ghiniúint’ agus ní hionann sin agus aistriúchán a chur ar fáil ar scéal nach léir fiú cad é foinse an bhunleagain.

Mar sin féin, is féidir le nuachtán Gaeilge súil eile a chaitheamh ar an domhan mór ach cur chuige samhlaitheach seiftiúil bheith ann.

Tá gá leis, áfach, le tuiscint ar na srianta atá ar nuachtán Gaeilge. An toradh a bhíonn ar obair iriseoireachta as Gaeilge atá dall ar na srianta sin ná caighdeán íseal – caighdeán íseal anailíse agus tuairisceoireachta agus caighdeán íseal scríbhneoireachta.

Bhí tamall ann agus níor thaitin an lipéid ‘iriseoir Gaeilge’ liom in aon chor. B’iriseoir mé agus tharla sé go mbínn ag scríobh i nGaeilge. Ba é sin an méid. Is cuimhin liom gur chuir duine éigin ceist orm uair amháin, cén fhaid a bhí caite agam mar iriseoir Gaeilge agus bhraitheas nárbh aon oidhre orm ach an peileadóir Meiriceánach ar cuireadh ceist air tráth: “How long have you been a black quarter-back?”

Ach pribhléid ab ea é dáiríre ag an "ginger-haired country cousin" áirithe seo bheith ábalta slí bheatha a thuilleamh as iriseoireacht chlóite na Gaeilge agus é sin a dhéanamh i dteannta daoine chomh cumasach leis an meitheal a bhí ag obair go lánaimseartha agus go páirtaimseartha do Foinse.

Ní bheidh aon nuachtán Gaeilge ar fáil an deireadh seachtaine seo, ach mar a dúirt eagarfhocal deireanach Foinse:

“Chuireamar réimse leathan alt agus nuachta ar fáil: nuacht na mbailte fearainn, nuacht náisiúnta, nuacht idirnáisiúnta, ailt a bhain le spórt agus le ceol, léirmheasanna litríochta, nuachumadóireacht, gné-ailt, leathanaigh do pháistí agus do mhic léinn, colúin cheoil agus leathanach aoire a raibh tóir as cuimse air – Ar Son na Cúise...

“Shamhlaíomarna gur pobal ildánach ilghuthach sinne, náisiún na Gaeilge, a raibh ár n-intinn féin againn agus a gcaithfí éisteacht linn. Thugamar faoi nuachtán a bhéarfadh guth don fhís sin a chur ar fáil. Creidimid gur thugamar ár bhfís i gcrích.

“Tugadh aitheantas dár gcuid scríbhneoirí ag lucht bronnta gradam ach níos fearr ná sin fós, ceannaíodh agus léadh agus pléadh an nuachtán ag réimse leathan daoine a chuimsigh – den chéad uair, le glúin, b’fhéidir – Gaeltacht agus Galltacht, an léitheoir acadúil agus céimithe ollscoil an tsaoil. Go deimhin féin phléití a raibh sa nuachtán ag daoine nach raibh aon Ghaeilge acu.”

Tá súil agam go mbeidh ár leithéid arís ann.

Iar-EagarthóirFoinse é Seán Tadhg Ó Gairbhí