Deiseanna forbartha ag Oireachtas na Gaeilge

Domhan ann féin é Oireachtas na Gaeilge

Domhan ann féin é Oireachtas na Gaeilge. Níl de dhíth ort ach cúpla halla mór agus d'fhéadfá é a chur ar siúl i mBoston Uí Chinnéide nó ar Bhaile Meánach an Oirmhinnigh Ian chomh furasta céanna. Tóg é agus tiocfaidh siad - pobal na Gaeltachta ach go háirithe.

Tharla gur i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, a bhí sé an deireadh seachtaine seo agus bhí eagar ar an ócáid. Rinneadh an bhunobair; thosaigh na himeachtaí san áit cheart ag an am ceart agus tá moladh ag dul don fhoireann bheag lán-aimseartha agus don choiste áitiúil deonach a rinne cinnte de gurbh amhlaidh é.

Ar fhianaise na gcomórtas, maireann inneach chultúr na Gaeltachta beo. Tá beocht sna healaíona béil agus leanfaidh an borradh faoin damhsa ar an sean-nóis go ceann tamaill fhada. Níl an traidisiún sin ach ina thús agus tá sé ag tabhairt dhúshlán Chorn Uí Riada mar bhuaicphointe féile.

Agus cad chuige nach dtabharfadh? Tá fuinneamh ann; ní fada a mhaireann na míreanna damhsa agus níl i gceist ach an dá chomórtas - do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.

READ MORE

Bhí trí chomórtas sean-nóis amhránaíochta ar siúl. Léiriú atá ansin de líon na n-amhránaithe atá sásta tabhairt faoi ach baineann sé d'éifeacht Chorn Uí Riada. Ní thig le comórtas ar bith trí bhuaicphointe a sheasamh thar aon deireadh seachtaine amháin.

Ba chuma éisteacht le trí cheolchoirm nó buaiteoirí agallamh beirte agus lúibíní, is dócha, ach comórtais a bhíonn i gceist, rud a chiallaíonn go mbíonn plúr na n-iomaitheoirí agus, bhuel, an neamhphlúr le cluinstin.

Ní heol do dhaoine roimh ré cé a bhainfidh; cothaíonn sé sin teannas agus cuireann sé daoine ar bís. Ach, de bharr nach eol dóibh cé a bhainfidh, caithfidh foighne bheith orthu éisteacht leis an chomórtas ó thús deireadh. Ní i gcónaí a bhíonn sé sin indéanta nó sodhéanta agus is beag uilig de roghanna eile a bhíonn ann.

Is fíor gur craoladh clár amháin i sraith nua grinn de chuid TG4, FFC. Ach níl an ghné seo den fhéile forbartha go fóill, rud is trua nó is léiriú iad na scannáin de thionscnamh nua Gaeltachta. D'fhéadfaí mionfhéile scannáin a reáchtáil; faoiseamh a thabhairt do na cluasa agus ábhar a thabhairt do na súile.

Níos lú sean-nóis, níos mó scannáin!

Is ábhar iontais é gur beag ar fad an pháirt a bhíonn ag scríbhneoirí san ócáid. Bhí seoltaí leabhair ann agus eagraíonn an tOireachtas comórtas bliantúil liteartha agus tugann siad duaiseanna fiúntacha airgid.

Is trua, ámh, nach mbíonn na buaiteoirí céanna san fhéile. Bhain léar scríbhneoirí duaiseanna i mbliana ach an ócáid oifigiúil féin ní raibh acu. (Léigh údar amháin, Anna Heussaff, lá amháin ach ní raibh sí ar an chlár oifigiúil.)

Ba mhaith dá ndéanfaí iarracht na scríbhneoirí sin a chur in aithne do shluaite an Oireachtais agus vice versa. Ní ceist díol leabhair é ach ceist scríbhneoirí a chur i lár an aonaigh agus caidreamh a bhunú idir iad agus pobal.

D'fhéadfaí níos mó a bhaint as na díospóireachtaí fosta. Tá sé intuigthe go mbeadh caint ar chúrsaí Gaeltachta agus pleanála ar an chlár agus ní holc an díospóireacht sin bheith ann. Ach is teoranta mar chaint í - lucht cúise ag caint faoin chúis - agus tá gá le cainteoirí agus criticeoirí nua.

Reáchtáil an file Cathal Ó Searcaigh comhdháil bheag i nGaeltacht Dhún na nGall an Nollaig seo caite. Labhair colúnaí leis an nuachtán seo, Fintan O'Toole, ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus thug Colm Tóibín, úrscéalaí, léamh as úrscéal. I mBéarla a labhair siad beirt agus níor tháinig deireadh leis an Ghaeltacht Chonallach.

Ó tharla na gnéithe ceoil agus cainte atá lárnach don Oireachtas bheith slán, b'fhiú gné nua a chur leis an fhéile agus ceann a chur ar dhíospóireacht le hÉireannaigh nach Gaeil iad; comhrá a bhunú le lucht ealaíne an Bhéarla le iad a chur ar an eolas faoin Ghaeltacht cheilte.

Níl cúis ar bith ann, ach an oiread, nach dtiocfadh leis an Oireachtas caidreamh a bhunú leis na pobail nua Eorpacha agus Afracacha atá anois ina gcónaí in Éirinn, ní mar shop ach mar aitheantas go bhfuil an tír ag athrú.

Ní hionann sin agus a rá go gcaillfear a bhfuil luachmhar inti nó nach féidir le cultúr na teanga í féin a shaibhriú as an úr. Tá deis ag an Oireachtas ceannródaíocht a léiriú.

Agus má tá drogall ar dhaoine athrú a dhéanamh ar Oireachtas na Samhna, an bhféadfaí an ról a thabhairt d'Oireachtas na Bealtaine?