'Díomá' go fóill ar an fhoras faoi dhíolachán íseal Gaelscéal

CEANNAÍONN NÍOS lú ná 1,500 duine Gaelscéal as a stuaim féin gach seachtain

CEANNAÍONN NÍOS lú ná 1,500 duine Gaelscéal as a stuaim féin gach seachtain. Léiríonn figiúirí a chuir Foras na Gaeilge ar fáil don cholún seo go ndíoltar 1,300 cóip den nuachtán i siopaí agus go bhfuil síntiús aonair ag 133 duine.

Díolann an nuachtán rud beag níos lú ná 1,000 cóip eile ar lascaine le scoileanna, ciorcail chomhrá, mic léinn agus imeachtaí – 938 – agus baintear anuas 425 cóip den eagrán digiteach ón idirlíon saor in aisce.

Dúirt an foras i ráiteas leis an cholún seo an tseachtain seo caite go raibh “nach mór 8,000 úsáideoir uathúil” i ndiaidh úsáid a bhaint as láithreán an nuachtáin seachtainiúil ó bunaíodh é níos mó ná bliain go leith ó shin.

Ní mór don cholún seo a rá nach figiúirí neamhspleácha ABC iad – slat tomhais thionscal na nuachtán – na figiúirí atá an foras ag cur ar fáil. Bainistíocht an nuachtáin a chuir na figiúirí ar fáil don fhoras agus an foras a chuir na figiúirí ar fáil don cholún seo.

READ MORE

Lena chois sin, baineann na figiúirí seo leis an leagan den nuachtán a thagadh amach Dé hAoine. Shocraigh lucht an nuachtáin an páipéar a athsheoladh tá cúpla seachtain ó shin agus is ar an Chéadaoin a fhoilsítear anois é.

Thug an foras le fios go mbíonn siad i dteagmháil le foilsitheoirí Gaelscéal, Torann na dTonn, faoi “gach gné den pháipéar”, cúrsaí ciorclaíochta ina measc.

Is “ábhar dóchais é” líon na n-úsáideoirí uathúla atá ag an pháipéar ar líne, a dúirt siad, agus is am “an-deacair” é seo ag nuachtáin.

“DÍOMÁ” agus “ábhar dóchais”. Ag brath ar do dhearcadh, tá ag teip go holc ar Gaelscéal nó tá comharthaí ann go bhfuil bealach éalaithe an idirlín ar fáil dóamach anseo.

Conas a mheasann tú an foilseachán? Creideann an foras, mar shampla, gur “am an-deacair é seo do na meáin agus do nuachtáin ach go háirithe”. Sa chás sin de, cén fáth gur thug siad ar Gaelscéal a nuachtán a chur ar fáil saor in aisce ar líne?

Níl an t-uafás cóipeanna den pháipéar á n-íoslódáil ach chuideodh roinnt céadta léitheoir gníomhach eile le cuma níos fearr a chur ar na figiúirí díolacháin.

Ar ndóigh, thug feidhmeannaigh an fhorais le fios i Meán Fómhair go raibh díolachán an nuachtáin “way below what we expected”. Cén t-expectation a bhí acu? (Chuir an colún an cheist ach níor tháinig an t-eolas go fóill.)

Sa chás go n-aimsíonn an foras “ábhar dóchais” i líon na gcuairteoirí ar líne, cén fáth gur iarr siad an páipéar a chur i gcló an chéad lá riamh?

Bhí am deacair ann do na nuachtáin nuair a seoladh Gaelscéal ar dtús agus mórán daoine ag caint ar ról an idirlín sna cúrsaí seo le blianta beaga anuas.

Cén taighde a rinne an foras féin ar fheiniméan an idirlín agus a thionchar ar fhoilseacháin i dteangacha faoi bhagairt agus conradh €1.6 milliún ann?

Agus tá ceist ann do lucht an nuachtáin féin sna figiúirí céanna. An raibh daoine ar an eolas faoin nuachtán nuair a seoladh é? Sa chás go raibh siad ar an eolas, cén fáth nár cheannaigh siad é?

An bhfuil siad ar an eolas faoin athrú lae nó an bhfuil fadhb níos bunúsaí acu leis an pháipéar, is é sin, ní aithníonn siad a saol i scáthán an fhoilseacháin?