Domhan drithleach is gan aon mhíniú ar an drithle aige

Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige (Eif. 1.18)

Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige (Eif. 1.18)

TÁ FÉIDEARTHACHTAÍ dochreidte ann do scannánóirí an lae inniu go mór mór i dtéarmaí na nuatheicneolaíochta de. Mairimid i ré na físe gan amhras. Saol na teilifíse, saol an Idirlín, saol na gceiliúrán: tá ár gcéadfaí de shíor faoi ionsaí ag íomhánna difriúla fiú más íomhánna neamhbhuana gan tábhacht go minic iad.

Ina ainneoin sin go léir, fágann an saol comhaimseartha dall muid ar rudaí a bhfuil fíorthábhacht leo. Seans go bhfuilimid dallta ag i bhfad an iomarca íomhánna i ré seo na féachana. An bhfuil ré seo an fhrithchaithimh agus na féiníomhá tar éis fírinní bunúsacha a cheilt orainn?

An bhfeicimid a thuilleadh a bhfuil laistiar den dromchla? An scanraíonn What Lies Beneath sinn? (Teideal scannáin a raibh an-rath air).

READ MORE

Ní hé nach bhfuil dóthain leabhar fealsúnacha nó “spioradálta” á scríobh na laethanta seo faoi conas an saol a “fheiceáil” i gceart.

Agus cén gaol atá idir an rud a fheicimid agus an réaltacht atá ann dar linn? Is seancheist í seo gan dabht – bhíodh Platón agus na Gréagaigh á ríomh fadó.

Chonaiceamar cultúr seo na híomhá i mbarr a réime sa toghchán Uachtaránachta anuraidh. Is ar éigean má bhí díospóireacht chruthaitheach ar bith mar chuid den “Rás chun an Árais”. Níor cuireadh saincheisteanna a bhaineann le todhchaí na tíre ar aon duine de na hiarrthóirí.

An t-ábhar cainte a lean na díospóireachtaí teilifíse – an scagadh áiféiseach a lean iad ar leithéidí Twitter agus sna hionaid oibre an lá dár gcionn – bhain siad leis an “gcuma” a bhí ar na hiarrthóirí, cén íomhá a bhí acu, más maith leat.

“Shíl mé go raibh cuma an-tuirseach air aréir.” “Níor thaitin an seaicéad sin a bhí á chaitheamh aige ar chor ar bith liom.” “Tháinig strainc uirthi nuair a bhí uirthi freagra a thabhairt ar an gceist sin” agus mar sin de. Seo saol na híomhá gan aon agó.

An nua-theorainn i dtéarmaí chultúr na féachana anois ná an rud sin a dtugtar go hearráideach teilifís réaltachta air, an feic gliaireach sin ar X-Factor, Big Brother, Come Dine with Me, I’m a Celebrity, Get Me Out of Here, ba liosta le háireamh iad na cláir chraiceáilte chéanna.

Ach tá rud éigin mealltach fúthu. Súnn siad isteach an lucht féachana agus fágtar drugáilte iad. Bhí an ceart ag na filí agus ag na healaíontóirí sin – leithéidí George Orwell – nuair a thuar siad cén sórt saoil a bhí os a gcomhair amach.

Mar ghliúcaí (voyeur), is féidir leat sáraithne, mar dhea, a chur ar dhaoine mór le rá. D’fhéadfá a bheith sa chistin nó sa seomra codladta leo. Is féidir páirt a ghlacadh sa scéal leo, amhail is dá mba in aice leat sa seomra suí a bhí siad.

Cad is brí le bheith ag “féachaint” ar rud éigin i ndáiríre? Cad atá á fheiceáil againn? An ann dó i ndáiríre nó an scáil é? An cineál ciméara nó cur i gcéill atá sa saol anois? An bhfuil radharc nó léamh ceart againn ar an scéal ar chor ar bith?

An bhfuil an caidreamh atá againn le daoine eile, le tíortha eile, leis an domhan lasmuigh, á chur as a riocht? An teilifís dhigiteach, teilifíseáin sna pubanna, ceamthaifeadáin, ceamaraí slándála 24-7, an fón póca féin, YouTube, Facebook, Twitter agus mar sin de.

Creid é nó ná creid ach bhí na ceisteanna agus na hábhair bhuartha seo á n-iniúchadh i bhfad roimh theacht na teilifíse. Bhí Matthew Arnold, file agus fealsamh, ag léiriú imní i leith “ré na híomhá” ag tús na 1800í fiú.

Tá macallaí de na ceisteanna a d’ardaigh sé sa leabhar Culture and Anarchy le cloisteáil anois beagnach 200 bliain tar éis dó peann a chur le pár.

(Ní bheimis ag teacht, ar ndóigh, lena thuairimí impiriúla faoi thodhchaí na dteangacha Ceilteacha ach fágaimis marbh mar scéal é an scéal áirithe sin an babhta seo).

Tá na ceisteanna céanna sin le sonrú i scríbhinní fhealsúna na Fraince sa lá atá inniu ann agus níos gaire don bhaile i gcuid de na haistí cultúir de chuid Terry Eagleton.

An imní is mó a bhí ar Matthew Arnold, bhain sé le tionchar “chultúr (bréagach) na foirfeachta” ar chúrsaí ealaíne agus an saol i gcoitinne (léigh aerphéinteáil ar ghrianghraif de cheiliúráin, 3D, Second Life agus míoruiltí na nua-theicneolaíochta i gcoitinne).

Bhí imní ar Arnold go gcaillfimis an cumas chun rudaí a mheas i gceart, an rud foirfe agus an fhírinne a fheiceáil i gceart. I dtraidisiún na hÉireann, ba mhinic an duine dall agus “fios” aige/aici.

Ba ag an dall a bhí an léargas ceart fírinneach nach raibh teacht ag an móramh air. Ba aige a bhí an fhís.

Rinne an scríbhneoir Caitliceach a raibh fuil Éireannach inti, Flannery O’Connor, iniúchadh thar a bheith spéisiúil ar shaincheist spioradálta seo na físe, an léargas, san úrscéal Wise Blood a foilsíodh sa bhliain 1952. (Rinne an Gael-Mheiriceánach John Huston scannán a bhí bunaithe ar an leabhar sin ach sin scéal eile).

Cuntas an-íorónta ar scéal Hazel Motes atá sa leabhar sin, saighdiúir a throid i gCogadh na Cóiré agus a d’fhill ar a fhód dúchais in Tennessee.

Seans gur tharla rud éigin aisteach do Motes bocht agus é amuigh ar pháirc an áir ach éiríonn sé an-ghafa leis na seanmóirithe a bhí líonmhar ina cheantar féin ag an am; is ann dóibh i gcónaí.

Cinneann Motes ar dhul i gcomórtas leo, bunaíonn sé “Eaglais Gan Chríost” agus cothaíonn lucht leanúna. Tá céile iomaíochta mór aige áfach, soiscéalaí eile atá tar éis é féin a dhalladh d’fhonn teacht ar an bhfírinne.

Téann an praeitseálaí eile seo timpeall agus a iníon bheag mar thaca aige. Ach is bréag atá mar bhonn lena mhisean. Níl a radharc caillte aige in aon chor.

I ndeireadh na dála éiríonn Hazel Motes bréan den saol. Domhan dromchlaí é dar leis, domhan trasnála, domhan atá ina pharabal ar dhomhan an iar-nua-aoiseachais ar shlí: domhan nach mbaineann fírinne le seanmóin ar bith ann. Coibhneasacht. Tá gá le gníomh grod radacach, dar le Motes.

Tá an-radharc i dtreo dheireadh an leabhair agus an bhean lóistín aige ina suí amuigh ar an bpóirse, cat á chuimilt aici agus cé a thagann sa treo ach Motes, mála aoil bheo aige agus buicéad uisce.

“Cad a dhéanfaidh tú leis sin, a Mhister Motes?” ar sise. “Mé fein a dhalladh,” an freagra.

Tagann deireadh leis an leabhar nuair a thugann na póilíní Motes ar ais go dtí an teach lóistín, marbh. Féachann an bhean lóistín, Mrs Flood, isteach ina shúile. Súile an daill mhairbh.

Is dóigh léi go bhfuil drithle éigin, rinn solais, le feiceáil iontu, sna mogaill fholmha.

Dá mbeadh teicneolaíocht an lae inniu ag Huston cad é mar mhaisíocht a dhéanfadh sé leis an rinn solais sin. Ach ní móide go dtabharfadh a leithéid sin níos cóngaraí sinn don “radharc” a bhí feicthe ag O’Connor.

Ar shlí is seanpharabal é scéal Motes, parabal a raibh cur amach ag O’Connor air gan amhras. Is meafar é a sheasann i gcónaí do chastacht an domhain iar-nua-aoisigh seo, domhan drithleach is gan aon mhíniú ar an drithle aige.