Duais go Toraigh

Ní mór an líon daltaí atá ag freastal ar Choláiste Phobail Cholmcille, Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall, a scríobhann Máiréad…

Ní mór an líon daltaí atá ag freastal ar Choláiste Phobail Cholmcille, Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide

Ach d'éirigh le duine acu, Donna Nic Laifeartaigh, ceann de na príomhdhuaiseanna a bhuachan i gcomórtas aistriucháin a d'eagraigh Cumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann do scoileanna dara leibhéal anuraidh.

Bhuaigh sí an chéad duais sa chomórtas aistriú próis don leagan Béarla a rinne sí de shliocht as an leabhar Fanaíocht i gContae Mhuigheo le Séamas Mag Uidhir.

An tOllamh Micheál Ó Cróinín, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bhronn na duaiseanna ag ócáid in Áras na Scríbhneoirí, Bhaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.