Duais Thorai

Daltaí Idirbhliana ó Phobalscoil Cholm Cille, Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall a thug an phríomhdhuais leo i gcomórtas físeán …

Daltaí Idirbhliana ó Phobalscoil Cholm Cille, Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall a thug an phríomhdhuais leo i gcomórtas físeán TG4 i mbliana lena saothar, Romanza, scéal grá faoi chailín óg Éireannach agus Iodáileach.

De bharr a mbua, beidh daltaí na scoile ag freastal ar Fhéile Scannán Sóisear Ciak i dTreviso na hIodáile an mhí seo agus iad in iomaíocht le déantúsóirí óga eile scannáin.

Ba iad Coláiste Alexandra, Baile Átha Cliath, agus Pobalscoil Louis, Coillte Mach, Co Mhaigh Eo, na duaiseoirí tánaisteacha.