Tá dhá fheachtas mhóra ar siúl in earnáil na teanga faoi láthair - is é an feachtas le teanga oifigiúil oibre a dhéanamh den Ghaeilge san Aontas Eorpach an ceann is feiceálaí faoi láthair.
Ach tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag lucht ollscoile ceist na hollscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta a chur ar an chlár oibre náisiúnta. Is ar phleananna Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, atá an rath is mó go dtí seo agus iad ag forbairt idir chúrsaí agus champais.
Tá, gan amhras, obair ar siúl ar an ábhar céanna a ollscoileanna eile agus tá FIONTAR, ionad fiontraíochta lán-Ghaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag déanamh a gcion féin san earnáil seo fosta.
Reáchtáil FIONTAR comhdháil idirnáisiúnta ar an cheist seo anuraidh agus tá páipéir na comhdhála sin - 11 aiste ar fad - anois ar fáil i bhfoirm leabhair, Ollscolaíocht Ghaeilge: dúshláin agus léargais (Fiontar). Foilseachán dátheangach atá ann le hábhar ó léachtóirí agus oideasóirí as Éirinn, as an Bhreatain Bhig, an Chatalóin agus Tír na mBascach.
Scríobhann Stiúrthóir FIONTAR, Caoilfhionn Nic Pháidín go bhfuil "caipiteal cultúrtha á aithint mar acmhainn luachmhar" san Eoraip: "Tá teangacha i gcroílár na gcaidreamh daonna i réigiúin na hEorpa agus 50 milliún duine ag labhairt 225 teanga nach teangacha oibre iad san Aontas Eorpach.
"Tá ceannródaíocht áirithe tugtha ag Éirinn i gcothú dea-chleachtas éagsúlacht teanga sa reachtaíocht agus sna hinstitiúidí Eorpacha, agus is léir dúinne anois gur gné logánta de shaothar domhanda is ea buanú agus caomhnú na teanga againn féin."
Díríonn na húdair ar na deacrachtaí praiticiúla atá roimh ollscolaíocht Ghaeilge agus ar an riachtanas atá léi. Ní sop in aghaidh na scuaibe atá uathu ach córas samhlaíoch ceannródaíoch a chuirfeadh scoth oideachais ar fáil d'aos óg na Gaeltachta agus na Gaeilge; oideachas as a saothródh siad na cáilíochtaí is fearr agus, as sin, na postanna is fearr.
Ach ní i dtéarmaí custaiméirí amháin a shamhlaítear an fiontar ach mar thionscnamh a chothódh muinín i bpobal na Gaeltachta as beocht a dteanga féin.
Feictear don Ollamh Micheál Ó Cinnéide go gcaithfidh an t-oideachas a bheadh ar fáil in institiúid den sórt ar leibhéal chomh maith le, nó níos fearr ná, ollscoil Bhéarla.
B'fhearr leis an ollscolaíocht Ghaeilge a fhás "go horgánach" trí chláir nua a fhorbairt agus cur leis na cinn seanbhunaithe.
Sa chás nach n-éilítear an caighdeán is fearr ón ollscolaíocht Ghaeilge, ní bheidh i ndán di ach teip: "Mura ndéanfar ní bheidh an chruthaitheacht, an tsubstaint, an nuálaíocht, ná an fuinneamh ag baint léi a chinnteoidh go mbeidh meas ag lucht léinn i gcian agus i gcóngar uirthi."
Molann an Dochtúir Tadhg Ó hIfearnáin go bhféadfaí Lárionad Náisiúnta don Ollscolaíocht Ghaeilge a bhunú ar bheagán costais. Bheadh de dhualgas ar an lárionad ról comhordaithe a chothú agus cláir nua léinn a fhorbairt ar bhonn modúlach.
Creideann sé fosta go gcaithfidh "na hollscoileanna páirt níos gníomhaí a ghlacadh i saol phobal na Gaeilge sa dóigh chéanna agus a bhíonn siad beagnach uileláithreach i saol intleachtúil an Bhéarla ... Tá muinín agus fiosracht le tabhairt ar ais i saol na Gaeilge agus caithfear a thaispeáint go bhfuil féidearthachtaí intleachtúla sa Ghaeilge nach mbíonn fáil orthu sa Bhéarla."
Cuirfidh an cnuasach seo cainteanna cuid den fhiosracht ar ais. Anois, nuair atá Stádas réidh lena bhfeachtas féin, an mbeidh fonn ar dhuine ar bith tabhairt faoi fheachtas nua, Staidéar, b'fhéidir?
Tá an leabhar le hordú ó FIONTAR. Eolas: 01-7005614 nó fiontar@dcu.ie
Cuirfear fáilte fosta roimh iarratais ó mhic léinn iarchéime do Scoláireachtaí Taighde i bhFiontraíocht, Cultúr, Oidhreacht, Cumarsáid, Forbairt Shoch-Eacnamaíoch, Teicneolaíocht an Eolais. Caithfidh baint bheith ag an taighde le hÉirinn agus le hAlban araon.