Eagraí nua RnaG

TUIGTEAR DON gcolún seo gurb í an t-iriseoir agus craoltóir Bernie Ní Chuinn a thiocfaidh i gcomharbacht ar an gcraoltóir aitheanta…

TUIGTEAR DON gcolún seo gurb í an t-iriseoir agus craoltóir Bernie Ní Chuinn a thiocfaidh i gcomharbacht ar an gcraoltóir aitheanta Eoin Ó Murchú mar Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Roghnaíodh Ní Chuinn tar éis gur reachtáladh comórtas inmheánach in RnaG le déanaí.

Tá an post mar Eagraí Polaitíochta RTÉ RnaG ar cheann de na postanna is sinsearaí i saol na hiriseoireachta Gaeilge.

Beidh Ní Chuinn, clár reachtaire leis an stáisiún i gCasla, lonnaithe i nDáil Éireann nuair a chuirfidh sí tús lena ról nua.

Tá taithí ag Ní Chuinn, ar as Corca Dhuibhne ó dhúchas di, ar bheith ag obair ar an taobh eile de chlaí na polaitíochta chomh maith nó chaith sí seal mar phreasoifigeach ag feisirí parlaiminte Fhianna Fáil sa Bhruiséil.

READ MORE

Beidh folúntas eile le líonadh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go luath nuair a éireoidh Dónall Ó Braonáin as a phost mar leascheannaire an stáisiúin ar 13ú Bealtaine.

Tá Ó Braonáin le héirí as chun tabhairt faoi ról nua mar phríomhfheidhmeannach ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh.

Beidh sé ag teacht i gcomharbacht ar Pheadar Mac Con Iomaire, an t-aon phríomhfheidhmeannach a bhí ar an acadamh go dtí seo.

Beidh bainistíocht RnaG ag súil le cead a fháil post sinsearach Uí Bhraonáin a líonadh in ainneoin go bhfuil cosc ar earcaíocht in RTÉ faoi láthair.

Idir an dá linn, tá ceiliúradh á dhéanamh ó thús na seachtaine ag RnaG ar 25 bliain de

Adhmhaidin

, clár ancaire na maidine ag an stáisiún Gaeilge.

Is ar Luan na Cásca 1986 a cuireadh tús leis an gclár cúrsaí reatha. Beidh tuilleadh colún raidió agus cuimhní cinn ó dhaoine a bhí bainteach leis an gclár sna laethanta luatha á gcraoladh ar

Adhmhaidin

idir seo agus an Aoine.

Ba é iarcheannaire Fhine Gael, Alan Dukes, an chéad duine a chuaigh faoi agallamh ar Adhmhaidin nuair a craoladh an clár den chéad uair ar 31ú Márta 1986.

D’fhreagair Dukes, a bhí ina Aire Dlí agus Cirt ag an am, ceisteanna ón láithreoir, Seán Ó Tuairisg, faoi thuairiscí maidir le polaiteoirí ó Fhine Gael a raibh scaireanna acu i gcomhlachtaí ola.