Fágaimis Stádas inár ndiaidh, éilímis Stáitse

D'fhéadfainn slí bheatha a bhaint amach mar aisteoir ach cor bheith i mo chinniúint

D'fhéadfainn slí bheatha a bhaint amach mar aisteoir ach cor bheith i mo chinniúint. Ghlac mé páirt i ndrámaí amaitéaracha - An Giall le Breandán Ó Beacháin agus Biedermann agus na Loisceoirí le Max Frisch. Mar a tharla, stáitsíodh dráma Frisch in Amharclann na Péacóige, mionamharclann na Mainistreach, ach ba é an uair dheireanach a shiúil mise ar stáitse.

Is fearr bua aisteoireachta an tábla os do chomhair ná agamsa. Ach, cá bhfios, cá bhfios, nach mbeinn i mo luí cois linn snámha i Hollywood, ag plé cúrsaí leis an Cruiser - Tom, chan Conor - ach cloí leis an fhís?

Tháinig mo shaol (gairid) mar aisteoir chun cuimhne arís agus cás Amharclann na Mainistreach faoi chaibidil. Ceann de na nithe a tháinig chun solais an drochthinreamh ar dhrámaí na bliana seo. Níor mheall na drámaí Béarla ach 28 faoin gcéad de lucht féachana. I gcás amháin, líon dráma amháin 50 faoin gcéad de na suíocháin - agus seo in amharclann nach gcuireann drámaí Gaeilge ar siúl in amharclann na Péacóige féin - de bharr nach mbeadh, i mbarúil lucht na hamharclainne, éileamh ag pobal "beag" Gaeilge Bhaile Átha Cliath orthu.

Anois agus fios againn nach bhfuil lucht Béarla na cathrach ag briseadh na gcos le freastal ar dhrámaí na hamharclainne, tá an t-am ann arís a háit chuí a iarraidh do dhrámaí agus do dhrámadóirí na Gaeilge san amharclann "náisiúnta".

READ MORE

Fágaimis Stádas inár ndiaidh agus éilímis Stáitse.

Ní chreidim féin go bhfuil bunús ar bith ach sotal i gceist le polasaí Amharclann na Mainistreach gan drámaí Gaeilge a stáitsiú. Ní hiad an dream ceart iad lucht na Gaeilge, bíodh fhios agat. Cá bhfios cén nóisean aisteach a thabharfadh siad thar táirseach isteach?

Bhuel, tá sotal na hamharclainne náisiúnta feannta go cnámh - níl pobal an Bhéarla ag tacú leo i mbliain seo chomóradh a gcéid.

Agus ná cluinimis focal feasta faoi dhraíocht na háite agus a gcuid drámaí. Tá an Mhainistir i ndiaidh éirí ramhar ar uabhar agus tá dearmad déanta acu ar an rud is tábhachtaí in amharclann - tóineanna a chur ar shuíocháin.

Baineann íoróin leis an scéal, ar ndóigh. Tá drogall ar an Mhainistir freastal ar ealaíona sa chéad teanga oifigiúil agus cuireann siad pobal - atá ag iarraidh ócáidí agus deiseanna caidrimh - ó dhoras. Ní drochmhargaíocht éigiallta go dtí é.

Tá pobal drámaíochta Gaeilge Bhaile Átha Cliath gan áit dá gcuid féin agus gan compántas dá gcuid féin le fada. Tugann Foras na Gaeilge deontas don amharclann, Theatre Space, le drámaí Gaeilge a stáitsiú agus tá €50,000 tugtha dóibh go dtí seo i mbliana.

Tá an Foras le moladh as iarracht a dhéanamh ionad lárchathrach do dhrámaíocht a lorg ach ní dócha go bhfuil toradh mar is ceart ar an chaiteachas sin.

Ní bheidh dráma Gaeilge i Theatre Space le linn Fhéile Amharclainne Bhaile Átha Cliath, mar shampla. (Beidh dráma de chuid Aisling Ghéar ann an tseachtain seo chugainn; tá sonraí ar fáil thíos.)

Beidh drámaí Gaeilge san ardchathair le linn na féile ach is i mBaile Munna a bheidh siad mar chuid d'imeachtaí imeallacha na féile, "Borradh Buan". Beidh Theatre Space - an spás a urraíonn an Foras - ina luí folamh.

B'fhearr airgead a chaitheamh ar chompántas sainiúil don ardchathair - stiúrthóirí, aisteoirí, drámadóirí - in áit é a chaitheamh ar fholús, folús nach bhfuil fonn ar chompántais a líonadh, is cosúil.

"Is olc an ghaoth..." a deirtear ach soláthraíonn géarchéim na Mainistreach deis don Fhoras compántas cathrach a mhaoiniú agus féacháil leis an chompántas sin a lonnú in Amharclann na Péacóige. Dúshlán a bheadh ann dóibh dul i ngleic le héirí in airde seanbhunaithe ach níor cheart go mbeadh a leithéid thar a gcumas - agus cuideoidh an seicleabhar mór millteach lena gcás a dhéanamh. (Tuigfidh muintir na Mainistreach an téarma "nouveau riche".)

Cén leithscéal a bheadh acu cur in éadan airgead an Fhorais nó in éadan drámaí Gaeilge ach polasaí agus maoiniú ceart a chur os a gcomhair?

B'fhéidir go gcuirfeadh a leithéid d'athnuachan a bpréamhacha féin i gcuimhne don Mhainistir. Nach raibh aithne ag an Ghaeilgeoir sin, Dúbhghlas de hÍde, ar Willie cóir?

Agus ná cluinimis leithscéalta ar bith faoi easpa éilimh feasta.

I ndeireadh thiar thall, ba cheart go mbeadh Gaeilgeoirí na hardchathrach ábalta 28 faoin gcéad de na suíocháin a líonadh.