Failte roimh an Eoraip ur shona shasta - beagnach

Yippee! An Eoraip Nua agus pobal na dtíortha úra thar a bheith sásta leo féin go bhfuil ballraíocht i gclub an Aontais acu…

Yippee! An Eoraip Nua agus pobal na dtíortha úra thar a bheith sásta leo féin go bhfuil ballraíocht i gclub an Aontais acu.

Tá pobal Mhálta agus na hEastóine agus na Slóivéine agus gach tír eile ag cothú ciall nua de cad is mionteanga nó teanga náisiúnta nó teanga neamhfhorleathan nó cultúr Eorpach ann. Ní raibh an lá le lucht na Gaeilge ach níl an rás áirithe sin rite go fóill.

Agus tá cúinne beag san Eoraip nach ngéilleann do riail úr na hEorpa - agus ní ag caint ar Asterix agus a chomrádaithe atá an colún seo ach Ulaidh.

Níl am ar bith ann nach gcluintear gearán ó bhráithre na hUltaise nach ritheann focail chlúiteacha Kenneth Williams, fear mór na scannán Carry On, leis an cholúnaí seo: "They're revolting; they're revolting; the Ulster-Scots are revolting."

READ MORE

Agus níl uair níos fearr ann fá choinne éirí amach/tabhairt amach/cur amach am toghcháin. Iarchathaoirleach an Bhoord o' Ulster-Scotch, an Tiarna Laird, atá ag gearán leis faoi láthair. I ndiaidh dó éirí as a chúram leis an bhord, tá an Tiarna Laird ar a sheacht ndícheall ag ionsaí an Rialtais, ranna rialtais na Breataine agus lucht na Gaeilge as a bhfaillí i gcur chun cinn na hUltaise.

Ag caint leis an Sunday Tribune a bhí sé ag an deireadh seachtaine faoi mheon an Rialtais i leith na hUltaise: "I can't abide the fascist bigotry that exists and the determination to ignore Ulster-Scots. Well, we're not going away you know. We want our slice of the cake, we want our day in the sun."

Seans go raibh drochspionn ar an Tiarna Laird agus sin a thug air ráiteas chomh hainmheasartha a thabhairt. Bhí sé i ndiaidh a fháil amach gur theip ar an seó On Eagle's Wings sna Stáit Aontaithe agus ní mó ná sásta a bhí sé. Bhí an seó faoi na hAlbanaigh Ultacha nó Albanaigh Éireannacha (ag brath ar an léarscáil atá agat) le premiere domhanda a fháil ach, faraor, thit an tóin as an ócáid ceal airgid - tá an t-iolar ina thurcaí.

Tá an Tiarna Laird ar an phort cáinteach céanna le tamall de sheachtainí. Ag scríobh dó ar an Belfast Telegraph, cháin sé easpa tacaíochta ón Roinn Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta i mBéal Feirste: "The sleeping giant of our culture awoke, much as we had thought, perhaps faster. But in terms of understanding, support and fair share of resources we were simply "mugged" time and time again."

B'fhéidir gur chreid tusa gur ficsean polaitiúil a bhí san Ultais. Ní fíor ach gléas síochána: "Last year the agency could only afford to put £80,000 into cultural events surrounding the summer and the marching season. But it was an outstanding success and the peace of the province was kept."

Níl an Tiarna Laird ina éan aonair (nó ina iolar aonair) agus é ag troid ar son na hUltaise. Seo Feisire Parlaiminte de chuid Pháirtí Aontachtaithe Uladh (páirtí an Tiarna Laird): "The unionist community has not been receiving its rightful share of monies which they are entitled to and I am no longer prepared to accept or tolerate this situation. We have put up with this discriminatory policy for far too long . . ."

Ach, ach, an amhlaidh gur den chultúr aontachtúil amháin í an Ultais? An amhlaidh nach teanga a bhaineann le cách í an Ultais? Cad é faoi na Conallaigh bhochta sin ar cainteoirí Ultaise iad ach a bhfuil pas Éireannach ina seilbh acu?

Cad é faoi ghaolta an cholúnaí seo - ina n-airítear McDonalds, Atkinsons agus McKendrys Ghleann Airm, 'Gaeltacht' na hUltaise? Cén chuid den chultúr 'aontachtúil' a bheidh acu?

Agus, ar ndóigh, níl an DUP ar chúl sceiche agus iad ag troid ar son "a" gcultúir.

Seo ball Tionóil de chuid an pháirtí, Paul Berry, agus é ag caint i ndiaidh gur chinn comhairle ceantair agus cathrach Ard Mhacha ar Eamhain Mhacha a cheannach: "We also believe that it is worth exploring an Ulster-Scots programme and facilities to be provided at the Navan Centre, in order that this facility can be turned from a service ultimately aimed at nationalists to an all-inclusive centre, where unionists can also feel welcome and learn their proud history."

Sea, níl a fhios againn cad é an bhaint atá ag Eamhain Mhacha le hUltais nó le haontachtaithe nó le náisiúntóirí fiú. Ar bhall den SDLP nó Sinn Féin í Macha? Nár phágánach í nár ghéill do pháirtí ar bith?

Fáilte roimh an Eoraip nua - beagnach.