Failte Ultach

Chuir an tIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste fáilte roimh na figiúirí nua daonáirimh.

Chuir an tIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste fáilte roimh na figiúirí nua daonáirimh.

Dúirt stiúrthóir an Iontaobhais, Aodán Mac Poilín, go raibh impleachtaí móra ag na figiúirí do Bhille Craolacháin rialtas na Breataine: "Gealladh maoiniú do theilifís Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta ach ní dhéantar soláthar ar bith don Ghaeilge sa Bhille, in ainneoin go bhfuil eolas ag duine as gach deichniúr ar an teanga."

Dúirt sé go raibh Breatnais ag 20 faoin gcéad de phobal na Breataine Bige agus go raibh, mar ba cheart, cainéal teilifíse acu, maoiniú £80 milliún dó agus soláthar 500 uair an chloig de chláir ó BBC na Breataine Bige as a acmhainní féin.

Dúirt sé nach raibh an tIontaobhas ach ag iarraidh suim idir £3.5 agus £5 milliún le ciste maoinithe teilifíse a bhunú don earnáil sa Tuaisceart. Ní raibh leithscéal ar bith ag rialtas na Breataine gan a leithéid a dhéanamh agus fás leanúnach ar líon na gcainteoirí Gaeilge, a dúirt sé.