Fáinne foghlama

TÁ COMHAIRLE an Iúir agus Mhúrn le camchuairt a reáchtáil faoi Fháinne Shliabh gCuillinn Dé Domhnaigh.

TÁ COMHAIRLE an Iúir agus Mhúrn le camchuairt a reáchtáil faoi Fháinne Shliabh gCuillinn Dé Domhnaigh.

Tabharfaidh an turas bus cuairt ar 25 suíomh stairiúil sa cheantar ársa faoin chnoc cáiliúil i ndeisceart Ard Mhacha, Sliabh gCuillinn, agus stopfaidh an bus ag cúig nó sé cinn d’áiteanna.

Is é an staraí áitiúil Éamonn Ó hUallacháin a bheas mar “fhear an turais” don lá agus i nGaeilge amháin a bheidh an tráchtaireacht.

Dúirt duine d’eagraithe an turais, Darren Rice, go mbeadh daoine ag amharc ar shuíomhanna a bhí 6,000 bliain d’aois suas go cinn a tógadh sna 1900í. Ba é cuspóir na camchuairte “a taste of the region” a thabhairt do dhaoine agus iad a spreagadh le teacht ar ais le feiceáil cad é a bhí sa cheantar. Reáchtáil an chomhairle ceithre thuras i mBéarla anuraidh agus bhí toil an phobail leo.

READ MORE

Seo an chéad uair go raibh ceann acu i nGaeilge agus bhí siad á reáchtáil mar chuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa le daoine a chur ar an eolas faoi oidhreacht shaibhir an cheantair – bíodh an timpeallacht, mainistreacha, seandálaíocht nó finscéalta i gceist.

Tá an turas saor in aisce ach caithfidh tú focal a chur ar áit roimh ré.

Eolas: www.ringofgullion.org

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times