CROBHINGNE:TÁ AN saol lán de chaint. Tá sé lán de mhórán nithe eile, leis, nach n-oireann dúinn a lua ar eagla na gcalóg arbhair. Cuid den chaint sin is ea mungailt, agus uaillbhreasa, agus geabstaireacht, agus ó bhoch, fiú eolas. Ach samhlaítear buaic na cainte go minic leis an óráid, an píosa dea-dhealfa a chuirtear le chéile d'fhonn dul i bhfeidhm ar dhaoine eile.
Tá ag dul díom mórán inchuimhnitheach a thabhairt liom ón Dáil cheana ar ais seachas Joe Higgins ag déanamh iontais de Bhertie a bheith ina shóisialach, agus is beag ná go rachadh siad beirt síos le chéile. Bhainfí ded chosaint tú nuair gurb í caint neamhphairliminteach an Taoisigh leis an Tánaiste an mhír is túisce a gcuimhnímid air ón Dáil roimhe seo, agus comhartha follasach go bhfuil ealaín na hóráidíochta marbh.
B’fhéidir go bhfuil amhras ar dhaoine roimh an líofacht, agus cé nach minic a bhris béal duine a thóin ar shuíochán Dháil Éireann, mar sin féin ba dheas an ní é abairt a chloisint ag titim go slán ar a ceithre chos, anois is arís.
Uaireanta fanann frásaí áirithe ag sonadh sa chuimhne. Dessie O’Malley agus é ag seasamh leis an bpoblacht, má shiúil sé amach féin roimh an vóta ina dhiaidh sin. Haughey (nó pé duine a scríobh an chaint dó) ag goid línte ó Shakespeare á rá gur dhein sé seirbhís áirithe don Stát, bíodh is nach ndúirt sé gur dhein an Stát seirbhís áirithe dó féin níos fearr fós.
Liam Cosgrave agus na sionnaigh ilmhianaigh, a raibh go leor díobh ina suí timpeall an bhoird leis. Mary Robinson ag tabhairt cuireadh dúinn teacht agus rince a dhéanamh in Éirinn os comhair na coinnle a bhí ar lasadh i bhfuinneoig Áras an Uachtaráin. David Trimble agus an teach fuar do Chaitlicigh, cé gur lasadh go leor tinte i gcoinne an fhuachta sin.
Más slacht ar an gcaint an modh, is leor an buille ceart a bhualadh uair amháin le go mbeadh cuimhne ar an gcaint. Is leor amhrán maith amháin i gceoldráma ionas go mbeadh cuimhne ar an gceoldráma.
“Fuil, saothar, deora agus allas,” Churchill, mar shampla, cé go raibh óráid Mholotov nuair a d’ionsaigh arm Hitler an Rúis dhá bhliain ina dhiaidh sin chomh ceolmhar céanna. Chothaigh “Vive le Québec libre!” de Gaulle go leor aighnis ar feadh i bhfad, ach dfhan mar mhioscais i bpolaitíocht Cheanada go ceann glúine dá héis.
Má ghabhtar thar na bearta, áfach, is deacair gan gáire a dhéanamh. Níor thuigeas riamh cad ina thaobh go raibh caint Edmund Burke ar chur chun báis Marie Antoinette ar chúrsa scoile, mar a bhí. Beidh cuimhne ag daoine air nuair a dúirt sé go raibh roinnt bhlianta ann ó chonaic sé í, “and surely never lighted on this orb, which she hardly seemed to touch, a more delightful vision...”
Chloistí na rachta gáire sa seomra ranga mar a cloiseadh na rachta gártha nuair a thit an lann. Bhíodh an aiste sin in aice le “A Dissertation upon Roast Pig,” le Charles Lamb sa leabhar a bhí agamsa, agus ar chúis éigin cheap cigire géarchúiseach go raibh sin oiriúnach.
Ba cheart go scaoilfí na rachta gáire idir chorp ceart aon uair go ndeir polaiteoir go bhfuilimid ag an gcrosbhóthar. Nó go bhfuilimid aibí anois. Is ceart iad a bheith chomh láidir bolgséite céanna leis an ngáire is cóir a dhéanamh aon uair a luaitear óráid de Valera mar gheall ar na maighdeana mánla, nó na hógánaigh ag gleacaíocht, nó gaois na seanaoise, nó an saol ábhartha a bheith ann mar bhunús le maitheasaí an spioraid.
B’é sin “That Ireland which we dreamed of” de Valera. Is beag rud is lú orm ná gáire na fonóide, agus gáire leisce an mhagaidh, leisce na smeartáilteachta, leisce mheabhrach an té a tharraingíonn cliché chuige féin go neamhnáireach. Óir is beag rud a bhí bunoscionn le caint cháiliúil úd Dev, ach friotal an lae inniu a chur air.
Friotal an lae inniu a chur air!: b’in a dhein Bill Clinton sa chaint a thug sé uaidh mar gheall ar Éirinn lá ’le Pádraig i mbliana. Níor chualathas na rachta magaidh, óir níorbh é Dev a chan.
Ach nach é an rud céanna adúirt sé le Dev fadó riamh? – nárbh í an mhaoin shaolta ba mhó ba luachmhar linn, gur cheart dúinn dul ar thóir ár gcroí arís tar éis an tsúgartha le margadh an mhargaidh, gur glas agus gurb áille mar thír sinn, go bhfuil áilleacht agus iontas inár gcuid filí agus inár gcuid scríbhneoirí, go bhfuil draíocht inár gceol agus inár rince...Ambaiste, féach!
Dá ndéarfadh polaiteoir Éireannach ar bith é sin bheifí ag lorg ionaid go pras dó i nGleann na nGealt, áit a bhfuil gach duine a raibh fís ar bith sa tír seo aige.