Foras na Gaeilge míshásta le díolachán an nuachtáin Gaelscéal

FOILSEOFAR an nuachtán seachtainiúil Gaelscéal Dé Céadaoin as seo amach

FOILSEOFAR an nuachtán seachtainiúil GaelscéalDé Céadaoin as seo amach. Tá an nuachtán á fhoilsiú ar an Aoine ó bunaíodh é bliain go leith ó shin.

D’eisigh lucht an nuachtáin ráiteas go mall Déardaoin na seachtaine seo caite inar thug siad le fios go raibh siad á dhéanamh amhlaidh i ndiaidh dul i gcomhairle lena gcuid léitheoirí agus mar “chuid d’fhorbairtí agus dul chun cinn an pháipéir”.

Tagann an t-athrú sna sála ar dhíomá a léirigh feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge – maoinitheoirí an fhoilseacháin – faoi dhíolachán an pháipéir ag coiste de chuid Thionól Thuaisceart Éireann mí go leith ó shin.

Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha an fhorais, Éamonn Ó hArgáin go raibh díolachán an nuachtáin “way below what we expected” agus nach raibh an foras “altogether happy with the current level of sales”.

READ MORE

Dúirt sé go raibh an nuachtán ag díol “in and around 2,000” cóip. Mhol sé “content” an nuachtáin agus “the way in which people have taken to it” agus dúirt go raibh “general problem with circulation and advertising for all types of newspapers and magazines, not just those in the Irish language”.

Thug príomhfheidhmeannach an fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, le fios go raibh deacracht mhór ag nuachtáin Ghaeilge le dáileachán mar “the distribution companies want to carry big numbers

“In addition, when a newspaper is stocked … we want it to be placed where it can be seen. However, if it is not going to walk out the door, it will not be given priority”.

Dúirt eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, i ráiteas gurbh fhearr mar a dhéanfadh an socrú nua seo freastal ar lucht na Gaeilge ná an seancheann; bhí sé ní ba phraiticiúla an nuachtán a chur ar fáil Dé Céadaoin. Bhí borradh "nach beag" faoi líon na léitheoirí agus bhí "ról lárnach" ag Gaelscéali bhforbairt na meán cumarsáide Gaeilge.

Le cois an nuachtáin féin, bhí siad le tús a chur le seirbhís Idirlín teilifíse, Otv, a chraolfaí le linn Oireachtas na Gaeilge agus a thabharfadh léargas ar an fhéile. (Craolfaidh Otv ar www.gaelsceal.ie)

D’fhiafraigh an colún seo den fhoras cá mhéad cóip a bhí á dhíol. Agus muid ag dul i gcló, ní raibh an t-eolas sin le fáil. Foilseoidh muid é a luaithe agus a thig linn.

Tráthúil go leor, tá Foras na Gaeilge le seimineár ar “Iriseoireacht na Gaeilge: cad é an scéal?” a reáchtáil Dé hAoine idir 4pm agus 6pm in Óstán Gleneagle, Cill Áirne, Co Chiarraí.

Labhróidh painéal cainteoirí ar na hathruithe sna meáin chumarsáide agus cad é atá i ndán do na meáin Ghaeilge.

Beidh iar-eagarthóir The Daily Mail, Pól Mac an Draoi, ina aoichainteoir agus beidh léachtóir ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus iar-Eagarthóir Gaeilge an nuachtáin seo, Uinsionn Mac Dubhghaill, an t-iriseoir Eibhlín Ní Chonghaile le RnaG agus iar-iriseoir sinsearach de chuid an stáisiúin sin, Eoin Ó Murchú, agus Tomaí Ó Conghaile ón suíomh Idirlín, Nuacht 24, ina chuideachta.

AN FADA uainn tubaiste eile i gcúrsaí nuachtáin?

Ní dea-chomhartha ar bith é go bhfuil Foras na Gaeilge ag tabhairt le fios go poiblí go bhfuil díolachán Gaelscéal"way below what we expected".

Conradh ceithre bliana €1.6 milliún atá i gceist leis an tionscnamh seo, conradh nach bhfuil dhá bhliain féin de caite agus an socrú radacach seo tógtha ag lucht an nuachtáin.

Lá an-ghnóthach a bheidh sa Chéadaoin do léitheoirí na teanga – agus rogha acu ar Foinse san Indo, Gaelscéalagus, leoga, an colún seo mar ábhar léitheoireachta.

Ach seans go gcaillfidh Gaelscéalléitheoirí fosta – an gceannóidh daoine dhá nuachtán ar aon lá amháin agus cad é faoi na léitheoirí sin a chuireann an trioblóid orthu féin an nuachtán a aimsiú ag an deireadh seachtaine? An mbacfaidh siad i lár na seachtaine?

Ceann de na fadhbanna is mó atá ag an nuachtán ó thaobh díolacháin de go gcaithfidh siad leagan digiteach a chur ar fáil ar líne saor in aisce.

Tá an leagan digiteach an-éasca le húsáid agus cad chuige a gceannódh duine ar bith an foilseachán Dé hAoine agus fios acu go mbeadh sé ar fáil saor in aisce dhá lá ina dhiaidh sin? (Seasann an fhadhb chéanna go fóill agus an nuachtán á fhoilsiú Dé Céadaoin.)

Is beag duine a cheannódh Gaelscéalar son nuachta mar ní féidir leis dul in iomaíocht leis an dá sheirbhís laethúla nuachta ar RnaG agus TG4; gan trácht ar na meáin Bhéarla.

Is ag dul sa seans atá lucht an nuachtáin leis an athrú seo agus is dócha gurb é a nguí gurbh fhearr bheith misniúil agus rud éigin a dhéanamh ná cloí le cur chuige nach bhfuil ag éirí leis.

Cad é a bheidh fágtha ag deireadh an chonartha seo don fhoras, do lucht na Gaeilge agus don cháiníocóir – Gaelscéal nó Failscéal?