Gan meas, gan muinín

BEOCHEIST: THUG AN cor is deireanaí i gcúrsaí ó thuaidh breithiúnas clúiteach Chathail Uí Eochaidh faoin Tuaisceart chun cuimhne…

BEOCHEIST:THUG AN cor is deireanaí i gcúrsaí ó thuaidh breithiúnas clúiteach Chathail Uí Eochaidh faoin Tuaisceart chun cuimhne. "A failed political entity," a thug sé ar an stáitín ó thuaidh ina chéad óráid mar cheannaire Fhianna Fáil agus ba dheacair easaontú leis an tuairim sin i 1979.

Tá 30 bliain d’obair fíorchrua caite ó shin ag an dá rialtas agus ag an iliomad daoine chun córas a cheapadh a shásódh an dá thraidisiún. Éacht thaidhleoireachta a bhí sa socrú a rinneadh. Ní bhfuair ceachtar den dá thaobh a gcuid cuspóirí go léir. Chaill aontachtaithe an ceart cumachtaí tromlaigh shíoraí a ídiú mar a bhí déanta acu ó bunaíodh an stát Tuaisceartach. Bhí ar náisiúntóirí a gcuspóirí faoi athaontú na hÉireann a chur ar mhéar chomh fada sin go dtéann sé thar íor na spéire.

Níor cuireadh iachall ar an dá phobal cion a thabhairt dá chéile ach tugadh modus vivendi dóibh chun go bhféadfadh siad ar a laghad mairstin le chéile.

Ach, ceann de na deacrachtaí faoi leithéidí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an chomhaonaithe a rinneadh ag St. Andrew’s go gcaithfidh siad a bheith scaoilte go leor chun síniú an dá thaobh a mhealladh. Cosúil le “madadh Lanna Machree”, téann siad cuid den mbóthar le gach aon duine rud a fhágann nach mbaineann siad ceann scríbe amach in amanna.

READ MORE

Mealladh tacaíocht ó Shinn Féin don tseirbhís nua póilíneachta ar an tuiscint go n-aistreofaí cumhachtaí dlí agus cirt go dtí rialtas Stormont. Ar an drochuair, níor leagadh síos clár docht ama don aistriú sin agus tá eagla ar an DUP nach go rómhaith a ghlacfadh a lucht leanúna le “géilleadh” eile do Shinn Féin ag an am seo.

Arís agus arís eile i stair na coimhlinte ó thuaidh, tá an patrún seo feicthe againn ar an dá thaobh, an iomaíocht seo don dream is dílse amuigh.

Ar ndóigh, tá gach cúis ag an DUP a bheith buartha. Is iadsan a scríobh an lámhleabhar ar an gcluiche seo. Ó aimsir Terence O’Neill ar aghaidh, tá an DUP ina seasamh ar an taobhlíne ag screadaíl maslaí le haon cheannaire aontachtach a mbeadh aon chaidreamh aige le náisiúntóirí. De réir a chéile, baineadh craiceann i ndiaidh craicinn d’oinniún na dílseachta go dtí nár fágadh ach iadsan. Ach díreach nuair a bhaineann siad cumhacht amach, faigheann siad amach go bhfuil craiceann eile ann fúthu, Jim Allister agus an TUV. Agus bí cinnte de, má thagann Allister i gcumhacht go mbeidh dream éigin eile níos dílse fós ann.

Nach aisteach an casadh ar an scéal é go bhfuil páirtí a tháinig chun cinn tré “thréatúirí” a thabhairt ar gach aon dhuine eile anois i gcontúirt an teideal sin a fháil iad féin ó dhream eile?

Ach nach scannalach freisin go bhfuil sé de chumhacht ag na daoine is faide amuigh an oiread seo tionchair a bheith acu ar aon dul chun cinn?

Muna bhfuil aon rud eile déanta ag an ngéarchéim is deireanaí, tá léargas tugtha aici dúinn ar an teannas taobh thiar de na gáirí a fheictear go hiondúil sna meáin chumarsáide.

Má éiríonn le polaiteoirí sa DUP agus i Sinn Féin oibriú le chéile sa bhFeidhmeannas, níl ann ach sin. Bíonn mascanna na béasachta á gcaitheamh ar ócáidí poiblí ach ó am go chéile is deacair dóibh na fíormhothúcháin a cheilt.

Uaireanta, bíonn an chuma ar Peter Robinson gur samhnasach leis a bheith in aon seomra le Martin McGuinness. Ní chroithfeadh sé lámh leis go dtí le déanaí agus bhí air a leithscéal a ghabháil faoi sin leis an míniú go raibh McGuinness ag déanamh combhróin leis faoi chás a mhná, Iris.

Mar sin, tá dhá pháirtí i gcumhacht le chéile i Stormont a bhfuil an dearg-ghráin acu ar a chéile. Is deacair á shamhlú go mbeadh aon rath ar an rialú tíre a thiocfadh amach as caidreamh comh nimhiúil. Is léir go dtiocfadh ábhar éigin chun tosaigh luath nó mall a chuirfeadh an Feidhmeannas i mbaol. Agus nuair a chaitheann tú ceanndánacht chlúiteach na nUltach isteach san anraith chomh maith, tá meascán marfach ann.

Is í fírinne an scéil í go mbreathnaíonn Sinn Féin ar Stormont mar theach leath bealaigh go dtí athaontú na tíre fad is a fheiceann an DUP air mar bhealach leis an aontacht a neartú agus leis na seanphribhléidí a fháil ar ais. Sa gcomhthéacs sin, is ábhar imní é go bhfuil iarracht á déanamh ag Páirtí Caomhach na Breataine chun aontacht de chineál éigin a bhunú idir an DUP agus an UUP. Rómhinic a himrítí an cárta Oráisteach go soiniciúil ar mhaithe le buntáiste polaitiúil i Westminster. Toradh tubaisteach a bhíodh riamh air. Beidh arís an iarraidh seo.