Geamaireacht 18+

NÍ MINIC a fheictear teora aoise le geamaireacht Nollag

NÍ MINIC a fheictear teora aoise le geamaireacht Nollag. Ach geamaireacht 18+ an cur síos atá déanta ag Aisteoirí Bulfin ar an gheamaireacht nua Gur agus Gur Eile, dráma a chuirfidh siad ar stáitse an New Theatre i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, idir an Chéadaoin 7ú agus an Satharn 10ú Nollaig ag 8p.m. a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Aodh Ó Domhnaill, a bhuaigh Gradam Stewart Parker anuraidh le haghaidh an ghearrdhráma Idir an Dá Shúil a scríobh an script. Tá an chuma air go mbeidh an gheamaireacht seo níos greannmhaire agus níos craiceáilte ná aon cheann atá scríofa aige go dtí seo.

Tagann beirt ghoraillí ó Uganda – Gur agus Gur Eile – ar thóir oibre go hÉirinn atá faoi smacht an IMF.

Tá feachtas uachtaránachta faoi lán seoil agus san iomaíocht chun an tÁras a bhaint amach tá banríon Shasana.

READ MORE

Agus an méid sin ar eolas is féidir bheith ag súil le gach sórt rí-rá agus le neart ábhar gáire agus nach é sin atá ag teastáil ó na daoine fásta in am seo an ghátair?