Glúin a d'imigh le gaoth

BEOCHEIST: I MÍR reacaireachta de chuid Tommy Tiernan, nuair a bhíodh an cat breac Ceilteach thart, deireadh sé gurbh iontach…

BEOCHEIST:I MÍR reacaireachta de chuid Tommy Tiernan, nuair a bhíodh an cat breac Ceilteach thart, deireadh sé gurbh iontach an tréimhse í d'Éireannaigh óga dul ar saoire in áiteacha ar nós Ibiza agus an Costa del Sol. Dáiríre, mhol sé don óige imeacht le fiántas ar fad sna háiteacha sin.

“Is féidir libh dul ann,” a deireadh sé, “éirí dallta ar dheoch, raic a thógáil, an teach óstáin a scriosadh, an troscán a chaitheamh isteach sa linn snámha agus toisc gur i mBéarla atá sibh ag caint, ní abróidh an bainisteoir ach “Na diabhail Sasanacha sin arís!””

Bheadh sé de bhuntáiste ag a leithéid de dhrochiompar, dar le Tiernan, go mbeadh an-chraic ag Éireannaigh óga ar chostas chlú na Breataine. Bua dúbailte, mar a déarfá.

Ar ndóigh, bíonn bunús beag fírinne le gach ábhar grinn agus thart fán am nuair a d’úsáideadh Tiernan an script seo, bhíodh scéalta ag teacht ar ais go rialta ón Spáinn agus ón nGréig faoi eachtraí scannalacha a mbíodh baint ag dronga daoine óga as Éirinn leo.

READ MORE

Gan dabht, bhí glúin óg tagtha chun cinn in Éirinn den chéad uair a mbíodh an t-airgead acu le saoire rialta a chaitheamh thar lear. Bhíodh siad ag teacht as tithe compordacha agus ina gcónaí i dtír a bhíodh ag éirí níos saibhre in aghaidh na míosa.

Réalt idirnáisiúnta eacnamaíoch a bhíodh in Éirinn, rud a chuireadh mórtas iomarcach cine agus uaireanta sotal orthu i dtíortha eile. Cuimhneoidh daoine ar shraith amháin teilifíse ar a laghad bunaithe ar thurasanna saoire triúr lead a théadh ar an dreabhlás ó thír go tír agus níor spáráladh na mionsonraí.

Thugadh siad le fios uaireanta go mbíodh an domhan mór i ngrá le muintir na hÉireann mar go raibh na hÉireannaigh chomh glic, chomh greannmhar agus chomh haisteach sin. Ar ndóigh, is é a bhíodh á rá ag na dúchasaigh fhoighdeacha, is dócha, ná “cad as do na daoine seo?”

Ach ar bhealach, thug cláracha mar sin agus cláracha eile ag an am léargas ar dhaoine óga nárbh eol dóibh easpa ná éadóchas. Chonacthas dream óg a thuig gur ar muin na muice a bhí siad agus a mheas gur mar sin a bheadh sé go deo.

An raibh aon ghlúin Éireannach eile ann roimhe sin a bhí chomh hoilte agus a raibh an oiread féinmhuiníne acu? Ní dócha é, cé go mbeadh drogall ar aon ghlúin eile atá thart go fóill é sin a admháil.

I gcomparáid le glúnta a chuaigh rompu, bhí teacht aniar iontach iontu. Bhí tuiscint acu ar a bhfiúntas féin. Chonaic siad daoine óga i dtíortha eile ag baint ardaidhmeanna amach agus thuig siad go bhféadfadh siad féin a leithéid a dhéanamh.

Má bhreathnaítear ar líon na nÉireannach óg atá ag teacht chun tosaigh sna healaíona go hidirnáisiúnta fiú, tuigfear nach de thaisme atá sé sin ag tarlú.

Is ábhar mór buartha é gurb í an ghlúin seo is mó atá thíos leis an gcúlú eacnamaíoch agus nach bhfuil de rogha ag na mílte acu ach imeacht. Ní rófhada ó tuairiscíodh go raibh níos mó daoine ag imeacht as Éirinn sa mbliain ná mar a bhí as aon tír Eorpach eile. Leoga, ráta dúbailte a bhí ag Éirinn.

Cé gur féidir daoine eachtrannacha ag filleadh abhaile a chur síos mar chuid den eisimirce sin, is léir gur fir óga Éireannacha is mó atá i gceist.

Tá an ghlúin seo á scaipeadh ar fud an domhain anois agus tá a gcuid scileanna á dtabhairt leo.

De réir tuairiscí, tá tionscal na faisnéise teicneolaíche sa mBreatain ag cur fáilte roimh na céadta díobh agus tá “coilíneachtaí” nua d’Éireannaigh óga á mbunú i gCeanada, san Astráil agus i Meiriceá.

Ní gá a rá go mbeidh eacnamaíocht na hÉireann thíos faoi dhó leis an imeacht seo gan a bheith ag caint ar an scrios atá déanta aige ar an saol i mbailte ar fud na tíre.

Is fíor go gcaithfeadh cuid mhór de na daoine óga seo tamall thar lear ar chaoi ar bith, díreach le taithí a fháil. Ach an chontúirt is mó a bhaineann leis an gcúlú eacnamaíoch s’againne go mairfidh sé rófhada agus go socróidh na mílte acu seo síos ina dtíortha nua.

Níl aon neart air sin cé gur crá croí é. Tá na haerlínte tar éis áit níos lú a dhéanamh den domhan agus is fusa anois cónaí a dhéanamh i bhfad ó bhaile agus coinneáil i dteagmháil ar an Idirlíon.

Gan mhíorúilt, ní bheidh an Stát seo in ann saol chomh compordach a chur ar fáil dóibh go ceann tamaill an-fhada. A mhalairt, beidh an comhartha “Dúnta” ar dhoras Éireann plc má thagann an tuar faoin tairngireacht is déanaí ón eacnamaí Morgan Kelly.

Sa gcás sin, cé a thógfadh orthu gan filleadh?