Gradam aistritheoiri

Bronnadh ballraíocht oinigh Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann ar bheirt scoláirí Ghaeilge, Seán Mac Mathghamhna…

Bronnadh ballraíocht oinigh Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann ar bheirt scoláirí Ghaeilge, Seán Mac Mathghamhna, agus Nicholas Williams, Dé hAoine seo caite a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bronnadh an gradam ar Sheán Mac Mathghamhna as a bhfuil déanta aige chun filíocht i dteangacha éagsúla a aistriú go Gaeilge agus filíocht na Sean-Ghaeilge a aistriú go Béarla. Bronnadh ar Nicholas Williams é as an Nua-Thiomna a aistriú go Cornais.

Agus Seán Mac Mathghamhna á mholadh aici don ghradam dúirt Máire Nic Mhaoláin, ball coiste den Chumann, nárbh aon ionadh go gcuirfeadh sé luach i gcónaí ar cheol na filíochta a bhí á haistriú aige, mar go raibh sé pósta ar an amhránaí cáiliúil sean-nóis, Máire Áine Ní Dhonnchadha nach maireann.

Agus dánta i gCroatáis-Sheirbeach á haistriú go Gaeilge aige d'iarr sé ar údar na ndánta, a bhí ina chónaí san Iugasláiv, téipeanna a chur chuige de na dánta á léamh sa bhunteanga chun go gcluinfeadh sé ceol na bhfocal. Agus filíocht na Sean-Ghaeilge á haistriú aige ní raibh sé sásta go dtí go raibh léiriú sa leagan Béarla ar chastachtaí meadrachtaí na bunfhilíochta.

READ MORE

As Londain Shasana do Nicholas Williams. Thosaigh sé ag foghlaim Cornaise agus é fós ar scoil. Fuair an cainteoir dúchais deireanach Cornaise bás breis agus 200 bliain ó shin agus i 1960í na haoise seo caite is beag duine eile a chuir suim sa teanga. Tháinig sé go hÉirinn chun Gaeilge a fhoghlaim. Is léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath anois é agus mórchuid scríofa aige faoi litríocht agus theanga na Gaeilge.

Nuair a thosaigh an ghluaiseacht chun an Chornais a athbheochan ó fhoinsí scríofa sna 1980í músclaíodh a shuim arís inti agus chuir sé foclóir i dtoll a chéile. Cé nach bhfuil níos mó ná 100 duine sa Chorn atá ag iarraidh an Chornais a labhairt, shíl sé gur cheart aistriúchán den Tiomna Nua bheith ar fáil chun caighdeán a bhunú. Foilsíodh an Cháisc seo caite é.