Gradam ceoil

D’fhógair TG4 Liosta Ghradam Ceoil 2010 ar ócáid i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite

D’fhógair TG4 Liosta Ghradam Ceoil 2010 ar ócáid i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Bhronn na moltóirí Gradam Ceoil ar Sheán McKieran, píobaire, as Carna, Co na Gaillimhe; Ceoltóir Óg na Bliana ar Aidan O’Donnell as Dún Cionnaola, Co Dhún na nGall; Gradam Saoil ar Sheán Potts, ball bunaidh de The Chieftains; Cumadóirí na Bliana ar John agus Finbarr Dwyer ó na hAoraí, Co Chorcaí, Amhránaí na Bliana ar Chathal McConnell as i mBéal Átha na Leac, Co Fhear Manach, agus Gradam na gCeoltóirí ar Mhuiris Ó Rócháin as an Daingean, Co Chiarraí. Gheobhaidh gach buaiteoir seic agus píosa dealbhóireachta le John Coll.

Beidh ceolchoirm speisialta ag an stáisiún leis na ceoltóirí Dé Sathairn 27ú Márta in Áras Ceoldráma Loch Garman agus tá ticéid le fáil: www.wexfordoperahouse.com