Gradam Ghearoid

Bhronn Comhairle Chonate Luimní Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide na bliana seo ar an fhile ó Bhéal Feirste, Gearóid Mac …

Bhronn Comhairle Chonate Luimní Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide na bliana seo ar an fhile ó Bhéal Feirste, Gearóid Mac Lochlainn, as a chnuasach filíochta agus dlúthdhiosca, Sruth Teangacha/Stream of Tongues (Cló Iar-Chonnachta).

Ba iad na filí Máire Mhac an tSaoi, Gabriel Rosenstock agus an léachtóir, an Dochtúir Angela Bourke, na moltóirí.

Mhol siad an saothar "corraitheach agus oilte ó shráideanna achrannacha Bhéal Feirste, scríofa i nGaeilge chinnte a chuireann in iúl faobhar géar an tsaoil sa chathair, an cineál saoil a chaitheann 80 faoin gcéad de dhaonra an oileáin seo."