1NÍ MÓR AN spéis a bhí agam sa pholaitíocht agus mé ag éirí aníos. Bhí a fhios agam gur fhág Cogadh na gCarad a rian ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn ach mar fhreagra ar an gceist an ar son de Valera nó an Choileánaigh a bhí mé, bhí orm a admháil nach raibh a fhios agam cár sheasas. Tar éis an tsaoil, bhí m'athair tagtha ón nGearmáin agus gan aon chuid den bhagáiste sin aige.
Bhí múinteoir staire agam i gCarraig an Tobair agus tar éis dom an scoil a fhágaint chuir sé litir chugam. Bhí páirtí nua le bunú in Éirinn, an Liberal Party, creid é nó ná creid, agus ar mhaith liom a bheith im bhall. Léas an bhileog a chuir sé chugam agus scríobhas ar ais chuige á rá nár mheasas go raibh aon smaointe radacacha aige chun an Ghaeilge a athbheochan agus dá réir sin nach mbeinn im bhall. Níor chuala gíocs ó shin uaidh. B'in mise agus an Liberal Party.
Nuair a bhí cúrsaí ó thuaidh imithe in ainm an diabhail ar fad, shocraíos go raibh sé in am agam clárú le Sinn Féin agus chuireas litir chucu. Litir nár bhain ceann scríbe amach. Is dóigh liom gur sceith an mháistreás poist (nó duine éigin) orm mar an mhaidin dár gcionn tháinig an Sáirsint go dtí an doras agus dúirt le mo mham gur chóir súil ghéar a choimeád orm, gur ábhar sceimhlitheora nó rud éigin a bhí ionam. Níor nuacht dom mháthair é an scéal sin a chlos. B'in mise agus Sinn Féin ach go háirithe.
Bhíos leath ag spraoi leis na Glasaigh ansin, bhí, tamall maith sula raibh aon iomrá cheart orthu. Ach ansan i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, dom bhíos gníomhach go maith i gcúrsaí amharclannaíochta. Bhí páirt agam i leagan Gaeilge den dráma iontach sin The Crucible le Arthur Miller.
Duine de na haisteoirí sa dráma sin, Loreto, dúirt sí liom go raibh deartháir léi, Michael, ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre agus an dtabharfainn lámh chúnta dhó, go mbeadh sé ag canbhásáil i mo dhúthaigh féin gan mhoill. "Fág fúmsa é!" arsa mise léi go díograiseach. Bhíos ábhairín ceanúil uirthi an dtuigeann tú ach cur amach dá laghad ní raibh agam ar Pháirtí an Lucht Oibre. (Tuigeadh dom go raibh baint éigin aige le hobair agus is ag iarraidh obair a sheachaint a bhíos. Pé scéal é…)
Bhí go maith is ní raibh go holc. Chuireamar chuige. Tar éis an Aifrinn i gCill Fhionáin, sheasamar ar leantóir i lár an bhaile agus thugas óráid bheag uaim i nGaeilge - nár thuig aon fhear ach Aesóp. Bhí a fhios agam láithreach nach raibh an óráid ag dul síos go maith mar bhí cuma chrosta dhuairc ar gach éinne agus ansin léim mo chroí le háthas nuair a chuala an liú: "Fair play, Gabriel." Cé a bhí ann ach Simpleoir an tSráidbhaile. Chuaigh gach éinne abhaile ansin sula raibh deis ag an bpríomhchainteoir soiscéal Pháirtí an Lucht Oibre a chraobhscaoileadh.
Leanamar orainn ach go háirithe gur bhaineamar Ard Phádraig amach agus chnagamar go hidéalach ar dhoras feirmeora. Mise Rosenstock as Cill Fhíonáin agus táim ag canbhásáil ar son mo dhuine anseo, Michael. Fear maith. Aon tseans uimhir a haon a fháil uait? Tá rud éigin deas agam daoibh, arsa an feirmeoir agus isteach leis arís. N'fheadar cad tá aige dúinn, arsa mise le Michael. Braoinín fuisce, b'fhéidir? Bhí gá le huchtach éigin. Bhí. Spreagadh éigin. Bhíomar saghas in ísle brí. Tháinig sé amach arís is gunna dhá bhairille aige ina lámh. Sea bhuel, b'in mise agus Páirtí an Lucht Oibre.
Aon uair eile a iarradh orm páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta bhí orm a rá go rabhas ag obair don Ghúm, gur státseirbhíseach ab ea mé agus go raibh teir agus toirmeasc orm mo bhéal a oscailt...
Ansin le déanaí d'iarr na foilsitheoirí, Coiscéim, orm leaganacha Gaeilge a sholáthar dóibh ar dhánta a bhí cumtha ag cimí i mBá Guantánamo. Tar éis dom na dánta a léamh agus leaganacha Gaeilge díobh a chur ar fáil, scríobhas Iarfhocal a chruthaíonn nach bhfuilim chomh neamhpholaitiúil is a bhím ag ligint orm. Seo sliocht as:
Bíonn caint ó thráth go chéile ar chogadh na sibhialtachtaí ach cén tsibhialtacht ar fiú sibhialtacht a thabhairt uirthi a chruthódh an fíoríochtar Ifrinn is Guantánamo ann?
Is dánta iad seo a léifidh daoine nach léann mórán filíochta de ghnáth, a déarfainn, toisc go bhfuil a lán againn ní hamháin fiosrach ach buartha faoin méid atá ag tarlú laistiar de na ceannlínte nuachta, laistiar den tsreang dheilgneach, istigh sa sluachampa géibhinn sin is Guantánamo ann. Ní hé is tábhachtaí linn anseo an filí amaitéaracha nó filí proifisiúnta a chum: liú chun Dé atá sna dánta seo agus is ag liú orainne go léir atá siad chomh maith.
Go leor de na filí sa díolaim seo bhí praghas ar a gcloigeann. "Hé, tá file anseo agam - cad a thabharfá dhom ar an bhfile seo, huth? Cad is fiú é? $3,000? Á, is fiú níos mó ná sin é!" Daoine á ndíol mar bheithígh, mar chamaill! Cé a cheannódh file?
Samhlaigh Moslamach deabhóideach - bíodh sé ciontach nó neamhchiontach i gcomhcheilg nó i bhforéigean - agus é ag féachaint ar shaighdiúir Meiriceánach agus an leabhar beannaithe aige, an Qúrán, á chur síos an leithreas aige.
Nach bhfuil sé in am Guantánamo a dhúnadh agus an limistéar léanmhar sin a thabhairt ar ais do Chúba? Sin é is dóigh le Noam Chomsky: "The region was taken by a 'treaty' that Cuba was forced to sign under military occupation. The US has been violating the terms of this outrageous treaty for decades... Current use also radically violates the terms of the outrageous treaty..." ( The Independent on Sunday, 30ú Lúnasa, 2008).
Deirtear go bhfuil gaol speisialta ag an tír seo le Meiriceá - agus tá. Is beag duine againn nach bhfuil ceangal éigin againn leis an Oileán Úr. Bhí mo sheanathair féin, ar thaobh mo mháthar de, Murty Keane, ag sclábhaíocht thall ar an iarnród tráth den saol. Chaith aintín liom a saol ar fad ina bean rialta in Baltimore. Is beag Éireannach nach bhfuil scéal mar sin le hinsint aige. Ach ní hionann sin is a rá gur geal linn gach aon diabhal ruda atá cruthaithe ag na Stáit Aontaithe, ní hea; ná ní hionann sin is a rá go mbeadh fonn ar gach duine againn céad míle fáilte a chur roimh shaighdiúirí Mheiriceá nuair a thuirlingíonn siad ar Aerfort na Sionainne chun sos deas a ghlacadh roimh dhóibh eitilt soir chun páirt a ghlacadh i gcogadh mídhleathach.
"Foinse ár gcumhachta friotal an fhile," a deir duine de na géibhinnigh. Cé a shamhlódh a leithéid de chumhacht a bheith ag dán? Ach is buaine ná daoirse, ná ansmacht í an fhilíocht. Ní filíocht in aon chor í mura seasann sí leis an tsaoirse.
An bua a bhaineann leis na dánta seo ná go roinneann na filí a dtromluí linn. Ní tromluí chimí Guantánamao amháin é ach ár dtromluí féin chomh maith agus tromluí dodhearmadta an chine.
Síth Dé ar shíol Éabha.
I measc na leabhar ón údar tá an leabhar machnaimh Dialann Anama(Coiscéim), an leabhar haiku Géaga Trí Thine(Comhar), an bailiúchán de jócanna Giúdacha Éist leis Seo(Coiscéim) agus an díolaim idirnáisiúnta Guthanna Beannaithe an Domhain(Coiscéim). Tá Guantánamoanois ar fáil.