Imeachtaí éagsúla

BEIDH GABRIEL Rosenstock, file, Seán Mac Mathúna, úrscéalaí, agus an cláirseoir Cormac de Barra i mbun oíche chultúrtha san oíche…

BEIDH GABRIEL Rosenstock, file, Seán Mac Mathúna, úrscéalaí, agus an cláirseoir Cormac de Barra i mbun oíche chultúrtha san oíche amárach ag 7pm sa Dún Laoghaire Club, Eblana Ave, Dún Laoghaire. €5 ar an doras. (Eolas: 01-231-2929).

Tabharfaidh na scríbhneoirí Micheál Ó Conghaile agus Mícheál Ó Ruairc ceardlann scríbhneoireachta do scríbhneoirí óga agus úra i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 18ú Meán Fómhair.

Tabharfaidh Ó Conghaile, i gcuideachta Jackie Mhic Dhonncha, an dara ceardlann Dé Sathairn 2ú Deireadh Fómhair i gConamara. Caithfidh gach ábhar scríbhneora samplaí saothair a sheoladh roimh ré. (Eolas: aodh@cic.ie)

Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús le ranganna oíche i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh Dé Máirt 28ú Meán Fómhair.

Tá ranganna in Inis, Luimneach, Maigh Eo agus i gceantair eile le tosú i dtrátha an ama chéanna.

Beidh na ranganna dírithe ar gach leibhéal cumais – ó thosaitheoirí go hardrang – agus beidh deis ag foghlaimeoirí scrúdú a dhéanamh le Teastas Eorpach na Gaeilge, cáilíocht idirnáisiúnta, a bhaint amach.

€200 atá ar na cúrsaí nó €180 do dhaoine dífhostaithe, mhic léinn agus lucht pinsin. (Eolas: 01-4757401.)

Beidh seimineár ar "Féiniúlacht Chultúir agus Teanga i Ré an Domhandaithe" ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé hAoine 15ú agus Dé Sathairn 16ú Deireadh Fómhair.

Ar na cainteoirí, beidh na hollúna Gearóid Ó Tuathaigh agus Peadar Kirby agus cainteoirí eile as an Fhrainc, an Chatalóin agus Ceanada. (Eolas: bmaccormaic@eircom.net)