Inchinn an duine i ré na teicneolaíochta

BEOCHEIST: BHÍOS AG léamh leabhair spéisiúil an oíche faoi dheireadh, Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhair (2007). An rud…

BEOCHEIST:BHÍOS AG léamh leabhair spéisiúil an oíche faoi dheireadh, Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhair (2007). An rud is iontaí mar gheall ar an leabhar scéalta béaloidis sin a bhailigh an scríbhneoir iomráiteach Pádraic Breathnach ón gConamarach, Mícheál "Patch" Breathnach, ná an méid scéalta a bhí fós de ghlanmheabhair ag an bhfeirmeoir sin.

Tá seantraidisiún na scéalaíochta cois teallaigh, mar a bhí, imithe i léig le fada. An raibh deis ag Mícheál “Patch” na scéalta seo a insint d’éinne eile seachas an Breathnach a rinne taifeadadh agus athscríobh orthu nó ar choinnigh sé cuimhne ar na scéalta sin de bhrí go raibh tionchar chomh mór sin ag traidisiún a shinsir air?

Caithfidh go raibh an-chuimhne ag Mícheál “Patch”. Caithfidh gur bhain sé leis an seandream sin – tá a bhformhór ar shlí na fírinne anois – dream a bhí in ann ginealach chuile dhuine sa bhaile fearainn a ríomh, ag dul chomh fada siar le tús an 20ú haois.

Bhí an t-uafás eolais ag an seandream; bhíodar ar nós ríomhairí an lae inniu sa chaoi sin. An raibh cuimhne níos fearr ag scéalaithe ar nós Sheáin Uí Chonaill agus an seandream trí chéile? Sin a mhaíonn daoine áirithe inniu a chaitheann anuas ar an dream óg agus a deir nach bhfuil bua na cuimhne chomh maith céanna acu. Ach an bhfuil aon fhírinne laistiar den áitiú sin?

READ MORE

A mhalairt atá fíor go minic, seans. Seans go bhfuil cumas cuimhne dhéagóirí an lae inniu níos fearr fiú ná mar a bhí ag an seandream de bhrí go bhfuil an tsláinte níos fearr acu. Ach tá cuimhne acu ar rudaí difriúla ná mar a bhí ag na scéalaithe a chuaigh romhainn. Samhlaigh cé mhéad tiúin popcheoil atá in aigne na ndaoine óga. Cuir ceist ar leaid óg a bhfuil dúil aige sa sacar agus déanfaidh sé staitisticí tábhachtacha Wayne Rooney a ríomh duit ar an bpointe boise: cárbh as dó, cén aois é, cé mhéad cúl a fuair sé an bhliain seo caite...

Deir taighdeoirí ó Ollscoil Columbia go bhfuil an t-idirlíon ag cur isteach ar chumas an duine cuimhne a choimeád ar fhíricí agus ar nithe a bhí ar bharr a dteanga ag mórán daoine anallód, áfach. Níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, tá forleathnú an idirlín ag athrú an chaoi a n-oibríonn an chuimhne dhaonna. Rinne na taighdeoirí turgnaimh éagsúla le mic léinn ollscoile chun tuilleadh eolais a lorg ar na ceisteanna seo.

I dturgnamh amháin, d’iarr siad ar na rannpháirtithe nithe nach raibh mórán tábhachta ag baint leo a chlóscríobh ar an ríomhaire, nithe neafaiseacha. A leithéid seo: “Tá súil na hostraise níos mó ná a hinchinn.”

Chreid leath de na mic léinn go gcoinneodh ríomhaire s’acu an t-eolas sin slán, go sábhálfadh an ríomhaire é, ach chreid an leath eile a mhalairt, is é sin go mbeadh na nithe a chlóscríobh siad “scriosta” tar éis tamaillín.

Níos spéisiúla fós, áfach, bhí an dara grúpa rannpháirtithe i bhfad níos cúramaí maidir le cuimhne a choinneáil ar na blúirí eolais sin a bhí clóscríofa acu ná mar a bhí an chéad ghrúpa. Bhíodar amhlaidh mar cheapadar nach mbeadh siad in ann teacht orthu níos déanaí. Na rannpháirtithe sin a cheap go mbeadh teacht ar an eolas arís níos deireanaí, ní dhearnadar aon iarracht cuimhneamh ar an eolas a scríobh siad agus bhí dearmad déanta acu air taobh istigh d’achar an-ghearr.

Ní chuirfeadh sé sin iontas ort i ndáiríre, is dócha. Má tá suim mhór ag do mhac i gcarranna, mar shampla, agus an t-uafás eolais aige fúthu, seans go lorgófá fíricí tábhachtacha uaidh mar gheall orthu nuair a bheadh an t-eolas sin de dhíth ort.

Ní raibh ansin ach ceann amháin des na teisteanna difriúla a thug na taighdeoirí do na rannpháirtithe, turgnaimh a bhí dírithe ar an rud ar a dtugtar an chuimhne thrasghníomhach.

San am atá thart, bhímis ag brath go minic ar ár gcomharsana, nó ar dhaoine muinteartha linn, chun cuimhneamh ar fhíricí nach rabhamar féin in ann cuimhneamh orthu (nó nach raibh dóthain spéise againn iontu): cén scór deiridh a bhí sa chluiche ceannais i gcraobh iománaíochta an chontae anuraidh, mar shampla.

Ach ní hamhlaidh an scéal inniu. Tá an ríomhaire agus an t-idirlíon againn agus tá an chosúlacht ar an scéal go mbeimid ag brath ar an idirlíon chun cuimhneamh ar eolas tábhachtach thar ár gceann, go mbeidh an t-idirlíon níos tábhachtaí dúinn sa chaoi sin ná mar a bhí ár gcairde tráth den saol. Is ag athrú de réir a chéile atá an uile dhuine againn agus tá na hathruithe sin níos sonraíche ó thaobh na hintinne de. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an inchinn dhaonna á cur in oiriúint don mheaisín, do na réimsí nua cumarsáide sin a bhfuil an nuatheicneolaíocht mar dhia beag orthu.