Inspioráid Imbolc

IMBOLC – inspioráid na bliana an t-ainm a bheidh ar chomhdháil lae a bheidh ar siúl san ionad cultúrtha, Baile Bhúirne, Co Chorcaí…

IMBOLC – inspioráid na bliana an t-ainm a bheidh ar chomhdháil lae a bheidh ar siúl san ionad cultúrtha, Baile Bhúirne, Co Chorcaí, Dé Sathairn 6ú Feabhra, 2010. Ainmnithe as seanfhéile Cheilteach atá an ócáid agus ba mhaith mar a d’fhóir an t-ainm a dúirt duine d’eagraithe na hócáide, Tomás Ó hAodha.

Ceiliúradh ar fhás an earraigh a bhí i gceist le hImbolc agus b’amhlaidh an cuspóir leis an teacht le chéile seo, a dúirt sé. Bheadh “Gaeilgeoirí inspioráideacha ag caint ann, daoine a bhfuil obair nó

taighde ceannródaíoch ar bun acu, ó gach aon earnáil den saol – gnó, na healaíona agus na heolaíochtaí. Is é an t-aon ábhar amháin atá á sheachaint againn ná cás na Gaeilge féin – is mian linn díriú isteach ar na tionscadail chruthaitheacha nuálacha atá idir lámha ag Gaeilgeoirí seachas ceist na teanga féin.”

Deichniúr cainteoirí a bheidh ann, ina measc, Siobhán Ní Chonchúir,bainisteoir le Google i mBaile Átha Cliath; an cumadóir ceoil Peadar Ó Riada; an foilsitheoir Colmán Ó Raghallaigh; an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin agus an DJ Aoife Nic Canna. ■ Eolas: 026-61165 nó www.imbolc.ie