Irisí ban a spreagann féinfhuath

BEOCHEIST: DÁ gCREIDFEÁ cló glórach sheastán na n-irisleabhar, bheadh an tuairim agat gur daoine leochaileacha, nimhneacha, …

BEOCHEIST:DÁ gCREIDFEÁ cló glórach sheastán na n-irisleabhar, bheadh an tuairim agat gur daoine leochaileacha, nimhneacha, ocracha agus go hiomlán spleách ar fhir iad mná an tsaoil.

Bheadh glacadh ginearálta ann go bhfuil siad i gcónaí ar tí cliseadh néarógach nó mothúchánach agus i gcónaí ag troid i gcoinne an scála.

Shílfeá go mbeadh siopadóireacht, cúlchaint, aistí bia agus conas fir a shásamh ar na clocha is mó ar a bpaidrín.

Cé gur ar mhaithe le mná a fhoilsítear na hirisleabhair seo, déanann siad ceap magaidh dóibh níos mó ná rud ar bith eile.

READ MORE

Ar ndóigh tá tarraingt na n-irisleabhar sofheicthe; tá siad éadrom agus is slí éalaithe iad ó ghnéithe níos dáiríre sa saol. Ach tá cumhacht acu freisin ar shaol ban.

Ní féidir a rá nach bhfuil iontu ach siamsaíocht, mar sa chás sin, dhíreodh siad ar fhir freisin agus dhéanfaidís gáire fúthu chomh maith.

Léirítear mná mar íospartaigh agus sclábhaithe d’fhir sna hirisleabhair seo, mar atá le feiceáil ón iliomad cinnlínte a fhógraíonn go bhfuil bean amháin – aisteoir éigin – “Caillte gan a fear” agus ceann eile acu – amhránaí éigin – ar tí “Cliseadh Eile” ó scar sí lena fear.

Cuirtear an méid seo os ár gcomhair mar aon le híomhánna dóibh ag caoineadh go poiblí agus ag titim amach as tacsaithe. Seachas buanna na mban seo a léiriú, déanann na hirisleabhair seo gach iarracht an méid náire gur féidir a tharraingt orthu.

Ní hiad clúdaigh na n-irisleabhar seo amháin atá náireach agus áiféiseach, áfach; is é an t-ábhar léitheoireachta atá iontu chomh maith. An iad ailt faoi conas fir a mhealladh nó an cúpla punt stalcach sin a chailleadh gan buairt na smaointe is mó atá ag mná an lae inniu?

Más ea, is cinnte go bhfuil talamh slán á dhéanamh d’iarrachtaí mhná glúine eile ar mhaithe le mná an lae inniu.

Má bhreathnaítear ar chlár teilifíse cosúil le Mad Men, a léiríonn meascán ban ag maireachtáil sna 1960í, faightear tuiscint níos fearr maidir leis an gclaochlú atá tagtha ar ról na mban ó laethanta Jackie agus Marilyn.

Ní éiríonn le cuid de na mná sa chlár níos mó ná ról rúnaí a bhaint amach ag an obair, in ainneoin a seacht ndícheall ardú céime a fháil.

Stopann an chuid eile acu ag obair tar éis dóibh pósadh, rud a chuireann faoi chois a bhfir chéile iad. Tuigimid, mar sin, go bhfuil athruithe tarlaithe i gcás na mban ó shin agus go bhfuil i bhfad níos mó roghanna agus deiseanna ann inniu ná mar a bhí.

Maidir le gluaiseacht na mban in Éirinn, sa bhliain 1972, bunaíodh an Coimisiún Stádas Mná; eagraíocht a rinne iarracht an pholaitíocht a chur chun cinn i measc ban. Sa bhliain 1973, tháinig Comhairle Náisiúnta na mBan ar an bhfód; gníomhaireacht neamhspleách a thug tacaíocht d’eagraíochtaí agus imeachtaí bunaithe ar son na mban.

Is leis an sprioc comhionannas a bhaint amach agus féinfhorbairt a spreagadh a cuireadh tús leis na heagraíochtaí seo. Theastaigh uathu a léiriú do mhná nach raibh siad teoranta don teaghlach amháin.

I measc na n-éachtaí ba mhó a baineadh amach le tús ghluaiseacht na mban in Éirinn, bhí an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta sa bhliain 1977, tús le saoire mháithreachais sa bhliain 1981. Ar ndóigh, toghadh leanúnach uachtaráin mná, ag tosú le Máire Mhic Róibín sa bhliain 1990 agus ag leanúint le Máire Mhic Giolla Íosa sa bhliain 1997.

Agus tá i bhfad níos mó ban amuigh ag obair agus i mbun staidéir tríú leibhéal ná mar a bhí riamh agus tá ról na n-eaglaisí á scrúdú ag an tsochaí agus athruithe ag teacht ar bhrí an téarma “leas an phobail” i leith mná.

Go dtí seo, glacadh leis go bhfanfadh mná sa teach, ag tabhairt aire do na páistí a fhad is a bhí an fear céile amuigh ag obair. B’shin an ról a bhí ag mná, b’shin an méid a chuireadar leis an tsochaí. De réir a chéile, áfach, d’éirigh le mná an stádas teoranta seo a shárú.

Toisc gur mná iad féin is mó atá bainteach le foilsitheoireacht irisleabhair ban, ba chóir go ndéanfaidís iarracht níos fearr dea-eiseamláirí mná, atá neamhspleách agus tréitheach, a thaispeáint seachas leanúint leis na samplaí scriosta, cráite atá ann faoi láthair. Nó fiú díriú ar na mná céanna ach íomhá níos dearfaí a chruthú dóibh.

Tá sé cruthaithe ag mná arís agus arís eile go bhfuil siad ar comhleibhéal le fir ó thaobh chumas agus intleachta de. Ba chóir go mbeadh sé seo sofheicthe ar leathanaigh irisleabhar na mban ach go háirithe.