Bhí alt spéisiúil le Roy Garland ar an Irish News an tseachtain seo caite. Is colúnaí leis an nuachtán sin é Garland ach baineann sé leis an traidisiún aontachtúil polaitíochta. Ag scríobh ar iaróg (eile) teanga a tharla i mBéal Feirste ar na mallaibh a bhí sé.
Ar Ollscoil na Ríona a tharla an t-aighneas an iarraidh seo. Bhí rún ag Aontas na Mac Léinn treoirleabhar a chur ar fáil i mBéarla agus tagairtí éagsúla i nGaeilge, Ultais, Sínis agus Arabais ann.
Ach, idir cinneadh agus cló, d'imigh na tagairtí do na teangacha éagsúla agus cuireadh cinnteidil Ghaeilge agus Bhéarla amháin isteach sa leabhrán. Bhí sin ag teacht salach ar chinneadh Fheidhmeannas Aontas na Mac Léinn.
Dá bharr sin, shocraigh uachtarán an Aontais, Mary Durkan, ar smúsach a dhéanamh de na leabhair.
As sin a tháinig an raic agus ní den chéad uair. Beidh cuimhne ag léitheoirí ar chinneadh an Aontais roinnt blianta ó shin fógraí dátheangacha a bhaint anuas ar chomhairle dlí.
Thug Sinn Féin le fios go raibh cosc ar an teanga san ollscoil arís eile agus go raibh an tAontas ag cur airgid amú. Shéan an tAontas sin. Ar bhealach, is tábhachtaí an díospóireacht phoiblí ar an iaróg ná cúis na hiaróige féin.
Scríobh Garland go raibh iarracht ar siúl daoine ó chúlra aontachtúil/Protastúnach a chur ó dhoras. Bhí spéis sa teanga aige, á rá gur fhreastail sé ar ranganna: "However, I still find, and I am by no means alone in this, that those who push Irish for a political purpose cause people like myself to question their interest in Gaelic. Irish is a beautiful language and Protestants, including some unionists, have played a significant role in its survival."
Nó, i mbeagán focal, is teach fuar í an teanga aige.
Is ábhar dóchais é go bhfuil daoine ar nós Garland sásta plé le cúrsaí Gaeilge go fóill i ndiaidh ar tharla de chliseadh gealltanas i bpróiseas na síochána. Léiríonn sé go bhfuil fonn díospóireachta ann agus nach bhfuil gach aon duine sásta cúlú ar ais ina champa 'traidisiúnta' féin.
Is slat tomhais thar a bheith tábhachtach í an méid sin féin ar shláinte na teanga sa Tuaisceart. D'ainneoin iarrachtaí leanúnacha Shinn Féin seilbh phoiblí a ghlacadh ar an Ghaeilge, aithníonn daoine de thraidisiún eile polaitíochta gur cuid dá n-oidhreacht í.
Aithneoidh tú fosta an éiginnteacht atá ar Garland maidir le 'cead' bheith aige páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí teanga. Gheobhaidh sé amach go bhfuil scoth na ndaoine ag plé leis an Ghaeilge ó thuaidh - daoine eolacha tuisceanacha a bhfuil cion fir is mná déanta acu ar bheagán airgid is aitheantais.
Gheobhaidh sé amach go bhfuil eite amh ghlas ann ar beag a n-aird ar Dhubhglas de hÍde. Bíonn na daoine céanna chomh breá sásta náisiúntóirí nach réitíonn lena ndearcadh a imeallú agus a bhíonn siad aontachtaithe a choinneáil faoi fhad láimhe.
Bhí sé ariamh amhlaidh. Roimh na sosanna comhraic, ba ghnách le Sinn Féin ionsaithe fíochmhara a dhéanamh ar eagrais agus ar Ghaeilgeoirí aonair nár ghéill dá ndearcadh cúngaigeanta.
"Cleas Sasanach" a tugadh ar eagras amháin Gaeilge agus tugadh "spiairí Gaelacha Stormont" ar dhaoine eile. (Samhlaigh an iaróg dá dtabharfaí "spiaire" ar dhuine ar bith i Sinn Féin.)
Ar an drochuair, níor chuir próiseas na síochána deireadh leis an mheon seo. Má chuir gluaiseacht na poblachta deireadh leis an 'streachailt armtha', níor chuir siad deireadh leis an streachailt chultúrtha. Is smachtín iontach éasca le húsáid í an Ghaeilge. Mura dtacaíonn tú le hiarrachtaí Shinn Féin, is 'in éadan' na Gaeilge atá tú.
I gcás Garland de, ní seicteachas simplí amháin atá i gceist lena shuim a mhúchadh. Tá smacht i gceist fosta. Ní féidir smacht a choinneáil ar eagrais nó ar dhaoine mura mbíonn siad ag feidhmiú taobh istigh de cheantair náisiúnacha.
Cad é a tharlódh i ndáiríre dá mbíodh na scórtha - gan a bheith ag caint ar na céadta - daoine cosúil le Garland ag plé leis an teanga? Bheadh tuairimí agus éilimh dá gcuid féin acu. D'éireodh rudaí thar a bheith casta. B'fhearr gan ligean dó sin tarlú agus an teanga a choinneáil taobh istigh de cheantair ar féidir tionchar a imirt ar thuairimí an phobail.
Bhain íoróin eile leis an scéal. Tá Gaeilge ag Durkan. Nuair a labhair an colúnaí seo léi bhí sí breá ábalta an chuid is mó de na ceisteanna a cuireadh uirthi a fhreagairt sa teanga - cé gur dhúirt sí gur as "cleachtadh" a bhí sí.
Níor chosain a cumas teanga í, áfach.Scaipeadh litir gan ainm thart ar cheantar na hollscoile ag tabhairt le fios go raibh sí in éadan na teanga. Bhí uimhir a gutháin póca agus a ríomhphost scríofa ar an leathanach. Fuair sí teachtaireachtaí gan ainm dá bharr seo, teachtaireachtaí a bhí maslach.
Tá iomlán an chirt ag Garland nuair a scríobh sé: "This is hardly conducive to a neutral environment and reflects an attitude that intimidates Irish-speaking nationalists and fosters a chill factor among unionists."
D'fhéadfá neamhiontas glan a dhéanamh den eachtra seo ach amháin go bhfuil an cumas sa chineál seo polaitíochta tobar na teanga a thruailliú ar fud an oileáin. Lena chois sin, déanann sé beag is fiú den obair mhór atá déanta ag mórán Gaeilgeoirí i gcuibhreann na teanga - bíodh siad glas, bán nó buí ina gcuid polaitíochta.
"If people want to create respect for the Gaelic langauge it is entirely counterproductive to make it a matter of political propaganda ...
"Gaelic is still not the language of the people and will never achieve the respect it deserves if used to promote political agendas," a scríobh Garland.
Tá brú leanúnach á chur ar ghluaiseacht na poblachta tabhairt le fios go bhfuil deireadh lena 'gcogadh'. Tá an t-am ag Sinn Féin tabhairt le fios go bhfuil an choimhlint chultúrtha thart fosta.
Gaeilge do chách.