'Laghdu' ar chiste craoltoireachta cainte

Tá imní ar Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann go bhfuil "laghdú éifeachtach" déanta ar Chiste Craoltóireachta…

Tá imní ar Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann go bhfuil "laghdú éifeachtach" déanta ar Chiste Craoltóireachta na Gaeilge.

Bhunaigh rialtas na Breataine an ciste le scannáin agus cláir theilifíse a mhaoiniú agus bhí £12 milliún le caitheamh thar tréimhse trí bliana. Thug siad le fios an tseachtain seo caite, ámh, gur thar tréimhse cúig bliana a bheadh an t-airgead le caitheamh, rud is ionann agus gearradh siar a dúirt an coimisiún.

Dúirt ceann Chiste Craoltóireachta na Gaeilge sa choimisiún, Máire Killoran, go raibh an-díomá uirthi faoin chinneadh. Ní dheachaigh státseirbhísigh an Roinn Cultúir, Fóillíochta agus Ealaíon i mBéal Feirste i gcomhairle leo sular shocraigh siad an t-athrú, a dúirt sí. Bhí imní uirthi go gcruthódh an t-iompar sin "fasach contúirteach".

Thug rialtas na Breataine an cúram dóibh an ciste a riar agus "shocraigh siad an buiséad a athrú gan labhairt linn", a dúirt sí. Ba é barúil an choimisiúin go raibh "sé thar a bheith bearránach go mbainfí na cumhachtaí cinnteoireachta maidir leis an tslí a gcaithfear an ciste dínn gan aon chomhchomhairle agus iarraimid ar an Rúnaí Stáit an buiséad a thabhairt ar ais go dtí an t-amscála bunaidh a fógraíodh an chéad uair."

READ MORE

Dúirt stiúrthóir Iontaobhas ULTACH, Aodán Mac Póilin, go raibh sé "náireach agus míphroifisiúnta" nach ndeachaigh an roinn i gcomhairle leis an choimisiún faoin bhuiséad. Bíodh sin mar atá, ní raibh sé "tubaisteach" go raibh athrú ó thrí bliana go cúig bliana ann.

Bhí an chéad bhliain den chiste chóir a bheith istigh, rud a chiallaigh go gcaithfí an t-airgead thar ceithre bliana go praiticiúil. Ba bhuntáiste é sin nó chuideodh sé leis an earnáil neamhspleách teilifíse "forbairt ar bhonn orgánach".

Bhí taithí agus traenáil de dhíth ar dhaoine san earnáil agus chruthódh na ceithre bliana "spás breise" dóibh.

Dúirt urlabhraí thar ceann na roinne i mBéal Feirste faoin chiste: "...it has been re-phased because it has not been possible to spend the allocation as rapidly as had originally been envisaged.

"This is a draft budget that has been issued for public consultation. The final budget, due later this year, will take account of representations made during the consultation period ...

"The total budget of £12m and the commitment to 90 hours Irish language broadcasting to an audience of at least 25,000 per week by 2007/2008 remains."