Laighleismheas

Tá dhá leabhar nua foilsithe ag Ré Ó Laighléis - Goimh (Móinín, €7) agus Bolgchaint (Móinín, €7), a scríobhann Deirdre Ní Chearra…

Tá dhá leabhar nua foilsithe ag Ré Ó Laighléis - Goimh (Móinín, €7) agus Bolgchaint (Móinín, €7), a scríobhann Deirdre Ní Chearra. Gearrscéalta iad atá dírithe ar an dream óg, go háirithe ar dhéagóirí.

Tá meas agam ar Ré Ó Laighléis thar scríbhneoirí eile mar gheall ar chomh paiteanta agus a scríobhann sé gearrscéalta déagóra. Moltar é mar gheall go bhfuil sé ag spreagadh na litríochta ar bhealach taitneamhach soléite sothuigthe agus é ag síneadh an tsolais ag na glúnta atá le teacht. Ní amháin sin ach tá sé ag spreagadh dea-luachanna daonna.

Díríonn Ó Laighléis ar an gciníochas atá le brath ar fud na tíre sa leabhar Goimh. Tá Éire athraithe go mór; tá cuid de mhuintir na tíre ag déanamh iarrachta glacadh leis an athrú, go leor acu le dua mór. Tá cuid mhaith acu den tuairim gur iompú chun donachta atá ann.

Scairteann Ó Laighléis an lóchrann ar shaol na gcoimhthíoch a tháinig chugainn de bharr éagóra agus leatroim; doicheall a chuirtear rompu. Nárbh í an tarcaisne chéanna a caitheadh lenár sinsear i Meiriceá i bhfad níos faide siar?

READ MORE

Tugann sé suntas don bhrúidiúlacht chruálach a tharlaíonn sna scoileanna agus i saol na dteifeach óg. Cuireann grúpa óg déagóirí seodra isteach i mála Yolana (cailín óg ón Ailgéir) sul má chuireadar ina leith gur ghoid sí é sa bpríomhghearrscéal, Goimh.

Díríonn sé ar an mbarúil atá coitianta go bhfuil na heachtrannaigh ag goid postanna sa scéal, Éad. Cuireann Éireannach siopa éadaí Pacastánaigh trí thine mar gheall go raibh gnó an fhir ag coimhlint lena ghnó féin.

Déanann sé cur síos ar an Rómánach, Illi Hagi, agus a bhean óg atá ag súil sa scéal, Feall. Tá Illi i gcruachás ag triail a dhóthain airgid a shaothrú in ollmhargadh chun go mbeadh sé in ann na billí agus an cíos a íoc. Bheadh trua ag aon duine dóibh. Léiríonn Ó Laighléis cé chomh dona is a chaitheann na custaiméirí agus an bainisteoir leis.

Tá na gearrscéalta i Bolgchaint i bhfad níos meidhrí agus níos diongbháilte. Bailíonn beirt ghasúr óga €127 sa scéal aoibhinn Cór agus iad ag triail píosa breá talún féaraigh a cheannach sa tríú domhan agus é a thabhairt do na boicht.

Is é an scéal is mó a thaitin liom ná an príomhcheann, Bolgchaint. Gearrscéal taitneamhach mar gheall ar sheanfhear darb ainm Bobby.

Tá an saol agus an domhan feicthe aige. Chaith sé beagnach 40 bliain ag taisteal na tíre agus é ag saothrú a chuid airgid as taispeántais lena phuipeád láimhe, Jillie, a chur ar siúl.

Scéal draíochtúil slachtmhar é a mbainfeadh aon duine - déagóir nó duine fásta - sásamh as. Ní fhoilsíonn an t-údar driseacha saoil chomhaimseartha dúinn mar an ciníochas agus fadhbanna na n-óg sa scéal seo. Is scéal é ina bhfágann an Laighléiseach muid ar chipíní na cinniúna agus Bobby bocht sna críocha déanacha. Dá n-éireodh leis scannán a shaoil a dhéanamh, bheadh fortún a shaoil in oidhreacht air. Tá sé deacair aon locht a fháil ar an Laighléiseach, is iontach an scríbhneoir é.

Tá Deirdre Ní Chearra ina mac léinn ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath