CROBHINGNE:NÍ BHÍONN cuimhne róghléineach ag aon duine againn ar agallaimh raidió ná teilifíse, go háirithe le polaiteoirí. Cuid de cheol is de mhícheol na beatha a bheith ag éisteacht leo ar Morning Irelandnó ar Ádhmhaidinnó ar na cláir éagsúla a chraoltar ar na meáin uile chugainn i gcaitheamh an lae is na hoíche.
Dá fheabhas iad na hagallóirí – agus táid sármhaith in RTÉ (géaga uile) ar an mórchóir – téann dá ndícheall poll a dhéanamh sa sliogán cosanta a thógann polaiteoirí timpeall orthu féin mar mhalairt ar mhachnamh nó ar rud éigin a rá lena dteanga liom leo. Ní foláir nó déanann siad mar pholaiteoirí cúrsa máistreachta san fhoclaíocht cheomhar mhilis d’fhonn teacht slán ar an ócáid phoiblí.
I leataoibh ó "new interest in her family" Phádraic Flynn i dtaobh Mhary Robinson ar cuimhin liom cá rabhas nuair a chuala é, nó duine de Chaoimhigh Chorcaí ag áiteamh go ndéanfadh an scannán Babedochar do thionscal na muiceola, ghabh a bhformhór amach as mo chloigeann ar nós sí gaoithe.
Ach ar chúis éigin nach dtuigim go hiomlán, d’fhan agallamh a dhein stáisiún de stáisiúin Thuaisceart Éireann le hOliver Napier i stórlann mhodartha dhearmadta dem aigne go dtí gur chuala gur imigh sé uainn an deireadh seachtaine seo caite.
B’é peaca Pháirtí na Comhghuaillíochta ó thuaidh riamh ná go raibh siad i lár an bhóthair. Áit chontúirteach í lár an bhóthair mar is ann is minice a leagtar tú. Tá orlaí mós mór i lár an bhóthair go háirithe má tá baol ann go bhfeicfí tú ag dul oiread na fríde ar dheis, ná scrimh na hiongan ar chlé.
Ba mhisniúil an bheart riamh é ag Napier agus a chomhghleacaithe páirtí a bhunú nach bhfreagródh don ghlam ginearálta go gcaithfí clasú le pobal amháin nó le pobal eile.
Is é nár thuig siad nuair a bhíonn an fhuil in airde agus cuilithe guairne id thimpeall gur cuma faoin réasúnaíocht. In aon aighneas a bhaineann le “féiniúlacht”, nó le “haitheantas céannachta”, is iad a sháraíonn ar an argóint eacnamaíochta nó sóisialta. I gcónaí.
Ba ghá le Vítneam deireadh a chur le gabháltas Mheiriceá sar a ndéanfadh siad aon dul chun cinn dá muintir féin; ba ghá ceannas na ndaoine geala san Afraic Theas a dhíchur roimh aon iarracht ar shochaí chothrom do chách a bhaint amach.
Ba den riachtanas “ceist an bhunreachta” a bhogadh agus teacht chun réitigh leathshásúil éiginnte mhíshocair shealadaigh idir eatarthu éigin, ach réiteach mar sin féin, sula smaoineofaí ar cheisteanna lár an bhóthair a chur ar an gclár.
Is é nár thuig Oliver Napier ná Páirtí na Comhghuaillíochta gur gá na himill a thabhairt isteach i dtreo an láir, seachas an lár a chraobhú amach i dtreo na n-imeall. Bhí riamh mar sin.
Cuid den mhíthuiscint sin ba ea an t-agallamh a d’fhan im chuimhne. Oíche ar nós oíche eile agus mé ag cnapaireacht liom ó stáisiún go stáisiún ar an teilifís. Mar ba leonaitheach nocht Napier chugam, agallamh á chur air ag neach soilbhir milisbhriathrach teilifíse éigin.
Níorbh é an rud adúirt sé ar tús is mó a chuir mé suntas ann, ach an timpeallacht. Bhí sé ina shuí ar chathaoir bhreá mhaorga i lár seomra mhóir i dteach ba sheacht mó fós. Nuair adeirim “seomra mór”, is é atá á mhaíomh agam seomra ar aon chomhfhad le staid chispheile agus ar chomhleithead le halla ceolchoirme.
Bhí portráidí ar na fallaí de dhaoine nach raibh cuma na bochtaineachta orthu. Vásaí agus crúiscíní ar mhatal. Troscáin timpeall a thógfadh an Fhiacail Mhór lena mbogadh. Plástar greanta ornáideach lastuas ar an tsíleáil ar dhóigh leat gur Iodáileach ealaíonta éigin a dhein ar choimisiún ard.
Phanáil an ceamara siar go bun an tseomra cúpla céad méadar ar shiúl. Bhí fuinneoga francacha dearscnaitheacha ar leathadh agus laistiar díobh faichí fada fánacha siar go dtí abhainn bhog bhláth a bhí ag sní go socair sámh chun na farraige nó an chórais séarachais síos. Ba dhóigh leat go raibh dealbha de dhéithe uile na Gréige is na Róimhe ag princeam go corpnocht faoi sholas na gréine idir sinn agus íor na spéire.
Ina ainneoin seo, bhí ceisteanna á gcur. Sir Oliver Napier scríofa ag bun an scáileáin ar eagla na díchuimhne. D’fhiafraigh an t-agallóir de go séimh: “Agus a Shur, cén fáth an dóigh leat nár éirigh le Páirtí na Comhghuaillíochta?”
Rinneadh machnamh doimhin. Tugadh an freagra: “Is dóigh liom gur chailleamar vótaí na ngnáthdhaoine.”