Leabhair Comhar liom

Sheol Cathal Póirtéir, léiritheoir agus file, dhá leabhar nua ón chomhlacht foilsitheoireachta Comhar agus eagrán liteartha Nollag…

Sheol Cathal Póirtéir, léiritheoir agus file, dhá leabhar nua ón chomhlacht foilsitheoireachta Comhar agus eagrán liteartha Nollag na hirise oíche Luain i mBaile Átha Cliath.

Ba é Míle Murdar (€6.80) le Micheál Ó Ruairc agus Clann na nÉan/Ríocht na Cailce (€6.20) le Gabriel Rosenstock an dá leabhar. Tá leabhar Uí Ruairc dírithe ar an fhoghlaimeoir fásta. Comhlacht atá i Míle Murdar a ghearrann táille ar dhaoine chun dúnmharú bréagach a fhiosrú. Scéal eile ar fad é nuair a thagann na bleachtairí amaitéaracha ar bheirt atá marbh. Dhá scéal don déagóir atá i saothar Rosenstock. I ndomhan faoi thalamh atá Clann na nÉan suite, áit a bhfuil díorma daoine óga ar iarraidh go hoifigiúil ach atá á n-oiliúint ag pearsa dhiamhair darb ainm An Fiolar.Baineann Ríocht na Cailce le garsún a mbíonn éifeacht ait ag an chlár dubh air nó ag a mbíonn scríofa le cailc ar an chlár dubh. Eolas: 01-6785443