NÍ MINIC a thagann dhá leabhar chugat faoi iarthar na tíre in aon iarraidh amháin agus ní minic a bhíonn lámh ag athair agus iníon sa dá leabhar sin. Mar sin féin, sin an scéal i gcás Samointe ar Árainn/Thoughts on Aran (Arlen House) le Agnes O’Farrelly, a bhfuil eagarthóireacht déanta ag Ríona Nic Congáil air, agus Aesóp i gConamara (Arlen House) a bhfuil eagarthóireacht déanta ag Nollaig Mac Congáil – a hathair – air.
Saothar dátheangach ar fad atá in Smaointe ar Árainn, dialann taistil a scríobh Agnes O'Farrelly/Úna Ní Fhaircheallaigh agus a foilsíodh ar dtús mar shraith ar An Claidheamh Soluis, nuachtán Chonradh na Gaeilge, agus mar leabhar sa deireadh i 1902.
Scríobhann Nic Congáil, léachtóir ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, gur "cáipéis shóisialta" atá ann agus "cuntas an chuairteora ón taobh amuigh" ar shaol an oileáin ach cuntas a dhéanann "taifead ar ghnéithe den chultúr ársa Gaelach agus iad ag géilleadh don saol nua-aoiseach ag tús an 20ú haois".
Is beag duine sa lá atá inniu nach mbainfeadh pléisiúr as an dialann nó as an teanga ina scríobhtar í agus is pléisiúr é fosta aithne a chur ar Ní Fhaircheallaigh, bean chumasach is léir, an chéad bhean a thug faoi chéim M.A. sa Ghaeilge ar an Ollscoil Ríoga agus, a scríobhann Nic Congáil, an chéad bhanúrscéalaí Gaeilge a bhuíochas lena saothar, Grádh agus Crádh, a foilsíodh i 1901.
Bíodh is nár chainteoir dúchais í, tá abairtí thall is abhus ag Ní Fhaircheallaigh atá thar a bheith mothúlach. Agus í ag fágáil na n-oileán, labhrann sí ar aghaidh a thabhairt ar "fuarchríocha an Bhéarla". Leoga, luann Ní Fhaircheallaigh gurbh é "an chéad bhlas dá bhfuaireas den teanga ná beirt bhaniascaire ag báirseacht dá chéile."
Is beag athrú a tháinig ar an bháirseacht ó shin ach gur "gníomhaithe" teanga agus feidhmeannaigh a bhíonn ina bun!
Tá scéalta Aesóip thart le fada agus sciar eile acu atá anseo mar Aesóp i gConamara. Pádraic Mac Con Iomaire as Carna a d'inis na scéalta sna 1940í luatha; Domhnall Ó Cearbhaill as Uíbh Fhailí a scríobh síos iad agus Nollaig Mac Congáil as Doire, agus léachtóir ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a rinne eagarthóireacht orthu.
(Anois sin agat tionscnamh uile-Éireann thar na blianta.)
Lena chois sin, tá aiste an-spéisiúil ag Máire Uí Chuinneáin ar Ó Cearbhaill, cuntas ag Mac Con Iomaire ar a shaol féin agus aiste le Ríona Nic Congáil ar stair na bhfabhalscéalta.
Ag léamh na scéalta, ní hábhar iontais é daoine bheith á léamh go fóill de bharr na gaoise atá ann. "Na Cuileoga agus an Mhil" atá ar an cheann gairid seo ach b'fhéidir gur cheart "Scéal na bhForbraitheoirí in Éirinn" a thabhair air feasta:
"Bhí pota doirte lá i gcisteanach tí agus, mar is gnách sa samhradh, chruinnigh go leor cuileog á hithe. Bhíodar ag ithe go raibh a gcuid cos ag greamú ins an mhil. Nuair a bhíodar ag iarraidh éirí as an mil ar eiltreoig bhí a gcuid sciathán greamaithe dá chéile.
"Ó, nach díchéillí na rudaí muid," a dúradar le chéile.
"Táimid caillte go brách mar gheall ar an phléisiúr beag a thug an mhil dúinn." "