An Peann Coitianta: A Athair Onóraigh, Is cóir dúinn, de réir an eagnaí, cúram do bheith againn fá ár n-ainm agus fá ár gclú.
Dá bhrí sin, atáimid dá chur síos daoibhse, maille re hosnaibh troma agus re doilíos intinne, an t-imdheargadh do fuair an comhthionól beannaithe seo.
"Óir, tá ár gclú arna spotadh agus arna dubhú i gcoinbhint Lováin, agus níl amhras go mbeidh mar an gcéanna in Éirinn, de bhrí nach bhfuil iomrá ná scéal fábhail ar bith bhíos ann nach gcluinfear gan mhoill sa bproivinse, ó luas teanga na ndaoine lerb fhusa nóta do chur ar locht dá laghad ná ar mhaith dá mhéad."
Sin é mar a thosnaíonn an Litir ó na Manaigh i bPrág a chuir Anraí Mac Giolla Chomhaill i gcló í i nDíolaim Próis.
I 1641 a sheol ceathrar Proinsiasach í chuig Lobháin. Bhí mámh mór acu - greim faighte acu ar dhá litir a mhill a gclú.
Deineann siad athlua ar na líomhaintí chun iad a bhréagnú: "Do thuigeamar as litreachaibh aithreach Lováin, go speisialta ó dhís acu, gurb é meas atá ar an áit seo nach bhfuil inti ach tábhairne pótairí mar nach bhfuil d'exersís againn ach na copáin."
Is fearr an bréagnú: "do bheirid comhairle uathu as an áit sin do na bráithribh tháinig anseo, ár gcomhluadar do sheachnadh amhail daoine atá ar ár salachadh re lobhra na pótaireachta.
"Go deimhin, is críonna an chomhairle sin, dá mbeadh sí discréideach nó carthanach: óir do ba chóra an locht do chíd na súile lincsiúla úd atá i bhfad uainn, agus nach bhfeicimid féin atá do láthair, do chur i gcéill d'uachtarán do chuirfeadh ceirín ar an gcneá, ná bheith ag scríobh chum bráthair príobháideach, óir ní mar sin d'ordaigh Críost riail na carthanachta."
Is minic cheana atá tagairt déanta agam do na manaigh i bPrág. A meon. An chothromaíocht stíle sa litir. An amour propre. An chiontaíl, is léir. An phléideáil, an abhcóidíocht (agus Críost ar a dtaobh!).
Sna dúthaí sin lastuas de Phrág, soir agus siar isteach san Ostair agus sa Ghearmáin, tá rianta cianda na manach Éireannach sna háitainmneacha, Colmán, Deaglán, Fiachra.
Ach mapa de na hAlpa a iniúchadh, thart ar Salzburg, agus síos in aice le Innsbruck, feicimid ainmneacha na dtaistealaithe Éireannacha.
I lámhscríbhinn i mainistir i Carinthia i ndeisceart na hOstaire a caomhnaíodh an dán 'Pangur Bán'.
Tá dánta eile inti, tráchtaireacht ar Virgil, nótaí réalteolaíochta, iomainn Laidne, ón naoú haois. Tá an lámhscríbhinn i St. Gallen san Eilbhéis.
Táimid faoi chomaoin ag na scoláirí Ceiltise ón nGearmáin, ón Eilbhéis, ó Phrág féin - Pokorny, agus ón mBreatain - Bláithín - go bhfuil 'Pangur Bán' againn.
Bhí cuid díobh siúd - Meyer, Pokorny - gan trácht ar na Lochlannaigh, an-ghafa i bpoileimic náisiúnach thús an 20ú haois.
Tá tagairt ag Seán Ó Lúing ina chnuasach aistí Celtic Studies in Europe a foilsíodh tar éis bháis dó, do litir Phokorny i 1908, ag seasamh leis an bhfeachtas chun an Ghaeilge a dhéanamh éigeantach le haghaidh iontrála san Ollscoil Náisiúnta.
"It has been opposed .... on the ridiculous ground that such a thing would keep out foreign students ... People of Ireland! The 20th century is the century of the nations, the century of artistic and national individuality.
"The Hungarian people, the Slavonic nations, people that have no great past, no great literature, people that are much inferior in culture to the Teutonic or Celtic races have attained national independence as to their language and education."
EISEAMLÁIR na hUngáirise a tharraing Kuno Meyer chuige féin chun Acadamh Léinn na hÉireann a áiteamh ar mhuintir na hÉireann - ag labhairt dó le cruinniú de Chonradh na Gaeilge i Learpholl i 1904. Bhí dintiúirí "idirnáisiúnta" ag an ócáid sin.
Thagair Meyer d'Acadamh na hUngáire a bunaíodh i 1830, don fhlosc oibre a lean é, don mborradh litríochta, foclóireachta, staireagrafaíochta. Tá eiseamláirí inniu againn i dtíortha Mhuir Bhailt, sa tSlóivéin agus san Ungáir an athuair.
Má bé an 20ú haois ré na náisiún, bhí a thairbhe againn. Tá cogadh le fógairt ar an Iaráic i gceann de na cogaí sin ar bhaist Jacques Delors "Cogaí acmhainní an 21ú haois" orthu tráth. Bhí sé ina uachtarán - Sóisialach - ar Choimisiún na hEorpa.
Uaireanta sa tsaol, ní mór lámh an charadais agus an mhuintearais a shíneadh thar claí seanfhaltanais ar mhaithe leis an ngníomh féin, ar mó é ná suim a chuid páirteanna.
Mar a deir na manaigh, agus iad ag cur clabhsúir ar a litir ó Phrág i 1641: "Atá súil againn go sábhálfaidh sibh ár gclú-na agus bhur n-onóir féin sa bponc seo. Leor."