Lucht féachana fonnmhar ar fáil do dhrámaí - ach iad a stáitsiú

TUARASCÁIL: TAR ÉIS an ghorta an féasta

TUARASCÁIL:TAR ÉIS an ghorta an féasta. Agus dóchas caillte ag Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath go bhfeicfidís dráma Gaeilge arís ar stáitse san ardchathair tháinig dhá cheann in aon seachtain amháin.

Tugadh mórchuid poiblíochta don chéad cheann, Sétanta,a léirigh an compántas Gaeltachta, Fíbín, i gcomhpháirtíocht Amharclann na Mainistreach in amharclann bheag, An Phéacóg, an chéad dráma Gaeilge san amharclann náisiúnta le 20 bliain.

Mar is dual don chompántas seo, léiriúchán snasta proifisiúnta a bhí ann agus bíodh nach raibh ann ach cúigear aisteoirí d’éirigh thar barr leo, le húsáid chliste radharcanna ar scáileán agus cleasaíocht le fuaimeanna a thabhairt le fios go raibh na sluaite ar an stáitse. Ba éacht ann féin é, mar a rinne na haisteoirí, le cabhair mascanna, níos mó ná páirt amháin.

Bunaithe ar eachtraí laoich mhóir na scéalta Rúraíochta, Sétanta nó Cú Chulainn mar is fearr aithne air, atá an dráma ach é suite sa lá ata inniu. Tá Sétanta ina iomrascálaí cáiliúil agus é á thiomáint ag bainisteoirí agus polaiteoirí chun gníomhartha buile gaisce a dhéanamh.

READ MORE

Is rí-shuimiúil léargas an údair agus stiúrthóra, Paul Mercier ar phearsantacht an laoich. Sórt Muhammad Ali é nach santaíonn ach a bheith i mbéal an phobail agus bhí Stephen Darcy ar fheabhas ar fad sa pháirt agus deilbh agus geáitsí an laoich air agus níor thaise do Sheán T. Ó Meallaigh i bpáirt Fherdia.

Bhí na babhtaí iomrascála agus troda thar barr ar fad ach ní mé an t-aon duine a shíl go raibh an iomarca díobh ann.

Fiú agus é suite san am i láthair scéal mór eipiciúil is ea scéal Sétanta agus is é an locht is mó a bhí agam ar an léiriú seo nach raibh an teanga in oiriúint don téama.

Níor léirigh sé maorgacht an scéil laochais. Anuas air sin, ba rí-dheacair go minic na focail a chluinstin siocair an fothram/ceol a bheith chomh hard sin. Mar shampla, tugadh léiriú an-chliste, le cabhair pictiúr ar scáileán, ar an rás in aghaidh capaill a rinne Macha agus í ag iompar cúpla agus ar an mhallacht a chuir sí ar fhir Uladh – ach mura mbeadh an scéal ar eolas agat roimh ré ní leanfá é.

Mar an gcéanna leis an radharc ina bhfaigheann Sétanta amach go bhfuil sé tar éis a mhac a mharú. B’éifeachtaí go mór cúpla nóiméad ciúnais chun tocht an athar a léiriú ná an bhéicíl a rinne sé.

Agus, arís, leis an fhothram sa chúlra ní fhéadfaí a chuid focal a dhéanamh amach. Níor chorraigh an radharc seo mé in aon chor.

Bíodh sin mar atá, léiriú d’ardchaighdeán a bhí ann ach is fearr fós a bheadh sé dá gcaithfí níos mó dua leis an teanga.

Ó thus na hathbheochana tá lucht drámaíochta na Gaeilge ag iarraidh teacht ar sheifteanna chun freastal ar lucht féachana ar bheagán Gaeilge. Réiteach amháin is ea an Ghaeilge a dhéanamh chomh simplí agus is féidir mar a rinneadh i Sétanta.

Ach bhí ócáidí sa dráma nuair a theastaigh níos mó ná fothram agus béicíl chun laochas an scéil a chur in iúl agus seans a thabhairt don lucht féachana blas éigin a fháil ar an teanga inar cumadh scéal na Tána.

Ní raibh an phroifisiúntacht chéanna ag baint leis an dara léiriúchan Gaeilge, Gur Eilele hAodh Ó Domhnaill a chuir Aisteoirí Bulfin ar stáitse an New Theatre i mBarra an Teampaill.

Geamaireacht nó reiviú greannmhar ar Éirinn na linne a bhí ann agus bíodh is go raibh rian an amaitéarachais ar chuid de na radharcanna agus éagothroime san aisteoireacht, d’éirigh thar barr leis an údar agus leis an léiritheoir, Barry Barnes, ar chuir siad rompu a dhéanamh – an lucht féachana a chur a gháire agus iad a chur abhaile agus ardú meanman orthu.

Chuir na hamhráin a chan an triúr cailíní cóir, na Milseáin, go binn bríomhar leis an ardú meanman sin, mar a rinne freisin stocaí daite na n-aisteoirí.

Script chliste ghreannmhar a bhí ann cé gur bhraith mé uaireanta go bhféadfadh cuid de na haisteoirí níos mó a dhéanamh chun aoir agus íoróin na línte a chur in iúl. Beirt ghoraillí is ea iad Gur (Seán Ó Cadhain) agus Gur Eile (Tadhg Ó Conchubhair) a thagann ó Uganda go dtí an Phoblacht Bhanana seo ar thóir oibre.

Cé go bhfuil cuid d'iompar goraille acu fós is i riocht homo sapiensatá siad nuair a bhaineann siad Éire amach agus beartaíonn slíbhín de státseirbhíseach, Féilim Ua Fásach (Aodh Ó Domhnaill) iad a úsáid, gan pá.

Chuirfeadh sé leis an aoir dá mbeadh masc ar aghaidh na beirte ag an phointe seo. Ní tír tairngire a fheiceann an bheirt Ugandach, ach tír ina bhfuil cailín óg giodamach (Méabh Ní Loingsigh) ag bagairt í féin a chaitheamh ó bharr Halla na Saoirse toisc gur cuireadh í fein agus a cara (Shorna Nic Lochlainn) amach as a n-árasán; tír atá faoi smacht ionadaí cruachroíoch an IMF Josef Anafacku (Gearóid Ó Mórdha) agus ina bhfuil iarmhúinteoir scoile Mamaí na Málaí, (Fidelma Ní Ghallchóir) ag siúl na sráideanna i gcomhluadar baincéara bhriste (Sean Ó Broin), agus suaitheadh aigne uirthi de bharr an bhasctha a fuair Fianna Fáil san olltoghchán.

Buaileann siad freisin le cúpla Siamach (Tadhg Ó Bric/Oisín Ó Cualáin) agus le hÉilís de Bhuinseoir (Sinéad Ní Uallacháin) agus í ar a dara cuairt ar an “tír as a dtagann na capaill”. Críochnaíonn Éilís in iomaíocht le Mamaí na Málaí le haghaidh phost an Uachtaráin.

Agus mé ag féachaint ar an dráma seo agus ar an sult a bhí á bhaint ag an lucht féachana as, rith sé liom a thábhachtaí agus atá sé compántas a bheith ag drámadóir.

Tá drámaí á scríobh ag Ó Domhnaill d’Aisteoirí Bulfin le 20 bliain agus chonacthas dom go raibh cuid de na haisteoirí ar aigne aige agus na páirteanna á scríobh.

Agus bíodh go bhfuil sé breis agus bliain anois ó chonaic muid Aisteoirí Bulfin ar an stáitse i mBaile Átha Cliath, is léir go bhfuil lucht leanúna dílis ag an chompántas. Ní raibh an lucht féachana ag súil le foirfeacht. Thuig siad gurbh amaitéaraigh iad an fhoireann ach fuair siad uathu a mbítear ag súil leis ó gheamaireacht – greann agus aoir, clisteacht chainte, amhráin agus spraoi ina dteanga féin.

Má tá aon rud i ndán do dhrámaíocht na Gaeilge san ardchathair, ní mór compántas a bheith ann a chuirfeadh léirithe go rialta ar siúl in amharclann – mar ní mór dóchas a bheith ag drámadóir go bhfeicfear a shaothar ar stáitse.

Deir lucht Amharclann na Mainistreach nach bhfuil na scripteanna Gaeilge a fhaigeann siad maith go leor le cur ar siúl in amharclann phroifisiúnta. Ach is i gcomhar le haisteoirí agus léiritheoirí a chuireann drámadóirí barr feabhais ar a saothar.

Tá thart faoi 70 suíochán sa New Theatre. Ach léirithe Gaeilge a bheith ann go rialta, agus cuid den acmhainn atá ag Amharclann na Péacóige a bheith ar fáil dó, chothófaí lucht feachána agus spreagfaí drámadóirí le dul i mbun pinn.

An bhfuil an fuinneamh agus an toil ag dream ar bith chun tabhairt faoi?