Maitiúirití

CROBHINGNE: AN bhFUILIMID ann fós? An féidir linn dúiseacht arís? An bhfuil sé slán teacht amach as an gcófra? An bhfuil siad…

CROBHINGNE:AN bhFUILIMID ann fós? An féidir linn dúiseacht arís? An bhfuil sé slán teacht amach as an gcófra? An bhfuil siad imithe faoi dheireadh? An bhfuil cead agam labhairt arís? Sábháilte do chaincín a ardú? An bhfuil an sluamhachnamh tráite? An bhfuil baol ar bith ann go bhfillfidh siad? An bhfuil sé ar fad thart fós? Nó an tromluí ar fad a bhí ann?

Ó maigh gád, bhí sé laidhc, chasamar leis an uachtarán, chroitheamar lámh leis, ní nífidh mé go deo í, ní chreidfeá, sibhseguys, agus an bhanríon, bhí sé laidhc níosfearrgomór nájedbhard, ó maigh gád, an ceithre lá is tábhachtaí i stair an náisiúin...

Le linn na féile móire lúitéise agus féinchomhghairdeachais d’áirigh mé an focal “maturity” luaite 17 uair ar nuachtán áirithe Domhnaigh nach mbíonn nuacht ar bith air. Ó shin i leith táim ag iarraidh a fháil amach cad is brí leis.

Ar chúis éigin níl focal ar bith mar é sa Ghaeilge a bhfuil an blas céanna air, mar adéarfá. Bíonn úll aibí nuair a bhíonn sé réidh le sciochadh, ach is deacair a shamhlú gurb é sin an bhrí a bhí ag na tráchtairí leis. Bíonn banana aibí nuair a bhíonn sé buí seachas glas, agus seans gur chuige sin a bhíothas. Ní fada a bhíonn banana aibí, áfach, ná go dtosnaíonn ar a dhul i mboige agus i lofacht agus ina lodar.

READ MORE

Tugtar mac léinn lánfhásta ar “mature student”, agus b’ait leat dá gceapfaí nach rabhamar chomh lánfhásta le dream ar bith eile. Ina choinne sin, níl an sé throigh ar fad ag cuid againn, ach ba ghá sinn a chur ar an raca chun go mbeimis aon phioc níos lánfhásta ná mar atáimid anois.

Agus ba gheall a bheith ar an raca ó mhaidin go hoíche ag éisteacht leis an síor hula hul, an síorsciodar, an tsíorshluaisteáil chugainn timpeall ar “maitiúirití”, agus ar dhaoine a bheith “mórálach a bheith ina nÉireannaigh arís”, agus go raibh “ardú ár gcinn” againn ar shlí nach raibh roimhe seo.

Ní raibh aon chuid den mhilleán seo ag sroichint na beirte turasóirí – táim cinnte gur féidir gur daoine geanúla ina bpearsana féin iad dá bhféadfaí aon aithne a chur orthu lasmuigh dá bpacáistiú oifigiúil.

Ach is léithe daoine ná tuairim, agus ní thagann ciall le baois, agus is é lá na gaoithe lá na mbolg, agus mol an ogre agus tiocfaidh sí, agus tá taobh amháin ar gach scéal, agus après nous le bilouge. Má bhí easpa maitiúirití ag baint le rud ar bith, b’í an fhreagairt í, an sluamhachnamh, an glacadh aontoiseach, an guth céanna amháin, an una vox populi, an ola san olagón, an liú san lúitéis, an “úúú” san umhlaíocht, lucht an chrom cinn.

Caitear na billiúin ar oideachas gach bliain, iarraimid ar dhaoine machnamh a dhéanamh dóibh féin, cuirimid forais agus institiúidí agus acadaimh ar bun chun smaointe a chothú, agus sa cheann thall, sa deireadh thiar, i ndeireadh na feide, i ndeireadh an lae fiú amháin, is í an chaint chéanna caint gach aon duine, is í an tréadthuairim an t-aon ordadocsacht amháin.

Ní thuigtear gurb í sin an chúis go bhfuilimid san abar. Bhí ceartchreideamh eacnamaíochta amháin ann ar feadh deich mbliana (agus níos sia siar), agus an té a thóg a chloigeann as an bpoll chun gíocs a mhalairte a rá ós íseal san chlaisceadal mór caipitilíoch ba ghairid go raibh na clocha móra á gcrústach leis. Gabhann clichés le sruth; gabhann smaointe in aghaidh stuif.

Agus nár thug sibh faoi deara go raibh tosaithe tar éis na chéad chuairte? Is ea, mar chuid den nuamhaitiúirití ba cheart dúinn dul ar ais le Comhfhlaitheas na Breataine. Nuair a bheadh sin déanta agus i gcrích, cad í an chéad chéim eile ar bhóthar ard an mhaitiúirití seo, n’fheadar?

Tháinig sí, thál sí, thapaigh sí. Maidir le hObama, d’fhill sé, d’ól sé, d’imigh sé. Bhí sé anseo cheana ar a shlí ann nó as an Afganastáin. Cad a bhí ar siúl aige ansin? Ní bhainfeadh sé le maitiúirití ceist ghránna mar sin a chur, b’fhé go mbainfeadh le daonnacht.

Ach i leataoibh na slí, i ndoircheacht ár gcuid both, i gcúinní ciúine ár mbéal, i rúindiamhracha neamhshloinnte an anama, tá cuid againn a cheap go rabhamar maitiúir riamh. Tá cuid againn a bhí mórálach as an dtír seo le fada an lá.

Cuid againn adéarfadh go raibh sé thar a bheith maitiúir gan a bheith ag beiriú daoine beo i gCéinia, ná ag tabhairt turas an bháis ón aer in Vítneam, ná san Iaráic, ná ag breith barróga ar dheachtóirí, ná ag gabháil do chogaí mídhleathacha, anois, faoi láthair, fad is atá seo á léamh.

Ar chúis éigin, ní chreidim gur thóg se banríon ná uachtarán pé bród féinmheastúil atá ag dul dúinn a mhúscailt.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar