Moill fos ar shiniu conartha d'fhocloir an Fhorais

Sé mhí agus 20 tar éis don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas £3

Sé mhí agus 20 tar éis don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas £3.1milliún Éireannach (beagnach ?4 milliún) a cheadú le haghaidh foclóir nua Béarla-Gaeilge níl conradh sínithe go fóill ag Foras na Gaeilge le comhlacht ar bith chun bainistiú a dhéanamh air, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tá ceist le cur ag Micheál D Ó hUiginn sa Dáil inniu faoin chinneadh a rinne an Foras maidir le foilsiú an fhoclóra ag cruinniú boird dá gcuid ar 6ú Nollaig, 2002.

Fógraíodh an comórtas chun an phleanáil tosaigh a dhéanamh ar an fhoclóir nua ag deireadh an tsamhraidh seo caite agus chuir trí ghrúpa ar a laghad isteach air. Thug Bord Measúnachta an Fhorais le fios gurbh é an comhlacht Sasanach, Lexicography Master Class (LMC), a rogha chun an phleanáil seo a dhéanamh ach níl conradh sínithe go fóill.

Comhlacht Sasanach is ea LMC, a bhfuil taithí acu ar bhainistíocht agus ar eagarthóireacht foclóirí i dteangacha éagsúla. Tuigtear go bhfuil sé i gceist go ndéanfaidh siad an bainistiú ar an fhoclóir Béarla-Gaeilge i gcomhair le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann (ITÉ) a bhfuil corpas mór focal ar ríomhaire acu. Ach cén fáth an mhoill chun an conradh a shíniú?

READ MORE

Dúirt Micheál Ó Gruagáin, a ceapadh breis agus bliain ó shin chun a bheith ina chomhairleoir bainistíochta ar an tionscadal seo, go raibh cainteanna réamhphleanála ar siúl go fóill mar go raibh suim mhór airgid i gceist agus gur ghá teacht ar na daoine cuí chun an obair a chur i gcrích.

Bhí sé ag súil go síneofaí an conradh go luath agus go n-eiseofaí ráiteas cinnte um Cháisc. Tuigtear do Thuarascáil, áfach, go bhfuil deacracht ann chun eagarthóirí a cheapadh mar nach raibh Foras na Gaeilge go hiomlán sásta leis na hainmneacha a bhí ar iarratas LMC.

Tuigtear, mar shampla, go rabhthas ag lorg príomheagarthóra a mbeadh cúlra Ultach aige nó aici. Mí na Samhna seo caite thug beirt ó LMC, Sue Atkins agus Michael Rundell, i gcomhpháirt le ITÉ cúrsa oiliúna san fhoclóireacht dhátheangach. D'fhreastail thart faoi 40 duine ar an chúrsa ó gach cearn den tír. Shílfeá go mbeadh ábhar eagarthóra nó dhó ina measc.

Tá sé i gceist go nglacfaidh an foclóir nua seo áit an phríomhfhoclóra Béarla-Gaeilge atá ann faoi láthair agus a foilsíodh ar dtús sa bhliain 1959. De réir na dtéarmaí tagartha atá leagtha síos beidh 50,000 ceannfhocal ann chomh maith le 250,000 abairt shamplach.

Leagtar síos fosta go mbeidh an chéad chuid den obair, is é sin, an obair phleánala curtha i gcrích faoi dheireadh Lúnasa 2003 agus an foclóir féin ar fáil in 2005.

I bpaimfléad a foilsíodh le deireanas Ag Dul Ó Chion: Cás na Gaeilge 1952-2002 tá an méid seo le rá ag an Ollamh Máirtín Ó Murchú: "Gnó síoraí is ea an fhoclóireacht. Bhí de cheart ag an Roinn Oideachais aonad foclóireachta a mhaoiniú ar bhonn leanúnach sa Ghúm chun go dtógfaí go sciliúil ar a raibh déanta agus chun go ndeimhneofaí earra comhaimseartha a bheith i gcónaí ar fáil."

In 1978 bhí ochtar eagarthóirí ar a laghad fostaithe ag an Ghúm chun bheith ag obair ar Fhoclóir Uí Dhónaill. Ní dhearnadh aon iarracht athnuachan a dhéanamh ar an fhoireann sin.

An é an scéal céanna a bheidh ann arís nuair a cheapfar foireann chun dul i mbun an fhoclóra nua nó an bhféachfar chuige go mbeidh daoine óga ag teacht chun cinn a mbeidh ar a gcumas leasú a dhéanamh air? Is sean-nath é go mbíonn foclóir as dáta an lá a fhoilsítear é.