Mol na leitheoiri agus tiocfaidh siad

Tá ardú deontais ó €950,000 go €1,120,000 curtha ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta do Bhord na Leabhar…

Tá ardú deontais ó €950,000 go €1,120,000 curtha ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta do Bhord na Leabhar Gaeilge i mbliana, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Agus an t-ardú sin á fhógairt aige, dúirt an tAire Éamon Ó Cuív gur bhain "tábhacht faoi leith le léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh".

Níos túisce i mbliana, cheap sé bord nua ar Bhord na Leabhar Gaeilge agus tá súil aige anois go n-éireoidh leis an mbord ábhar léitheoireachta a chur ar fáil a spreagfaidh lucht léitheoireachta nua don Ghaeilge.

Tá sé beagnach dodhéanta, dar liom, daoine fásta a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh mura mbíonn nós na léitheoireachta acu agus iad ag fágáil na scoile.

Is cuma cé chomh suimiúil agus a bheadh ábhar an leabhair a chuirfí os a gcomhair bheadh iomarca stró ag baint le húrscéal fada Gaeilge a léamh ag daoine gan taithí ar a leithéid a léamh.

READ MORE

Ar an ábhar sin, má táthar chun lucht léitheoireachta nua a fháil don Ghaeilge ní mór iad a lorg i measc daoine óga agus gach ar féidir a dhéanamh chun a chinntiú go leanfaidh siad de bheith ag léamh leabhar Gaeilge.

D'éirigh leis na foilsitheoirí Gaeilge, An Gúm, ach go háirithe neart leabhar maisiúil a mbíonn éagsúlacht ábhar iontu a chur ar fáil do naíonáin agus do pháistí óga ar phraghas an-saor.

Tá an tÁisionad Gaeilge i gColáiste Ollscoile Mhuire, Béal Feirste, tar éis éacht a dhéanamh chun an t-ábhar léitheoireachta breise i mBéarla a bhíonn ar fáil do dhaltaí bunscoile a sholáthar i nGaeilge le cúpla bliain anuas.

Tá na leabhair seo ar aon chaighdeán nó níos fearr le rud ar bith a fhoilsítear i mBéarla don aoisghrúpa seo agus tá An Bhó Riabhach (An Gúm) ar ghearrliosta Bisto i mbliana.

Ach tá bearna mhór ann do dhaoine óga san aoisghrúpa 10-15 bliain. De réir taighde atá déanta sa tír seo agus thar lear, teastaíonn leabhair a bhfuil téagar iontu ó na daoine óga san aoisghrúpa sin, scéalta a chuireann síos ar an saol a bhfuil eolas acu air agus a chuidíonn leo tuiscint níos fearr a fháil ar na fadhbanna atá acu féin.

Ach cá bhfuil na scéalta i nGaeilge a chuireann síos ar chruachás páistí a bhfuil a dtuismitheoirí tar éis scarúint óna chéile, nó ar na deacrachtaí a bhíonn ag déagóirí smacht a fháil ar a gcuid hormón, nó faoi na fadhbanna a bhíonn ag inimircigh óga sa tír seo.

Tá beagán údar Gaeilge, Ré Ó Laighléis agus Micheál Ó Ruairc, atá tar éis leabhair do dhaoine óga a phléann leis na hábhair seo a chur ar fáil, agus tá Goimh agus Scéalta eile le Ré Ó Laighléis ar ghearrliosta Bisto i mbliana, ach is é a locht a laghad.

Bíonn tóir fosta ag déagóirí ar scéalta fantasaíochta agus uafáis ach eispéireas an déagóra bheith lárnach don scéal. Ainneoin an tsaibhris mhóir miotaseolaíochta atá againn in Éirinn is beag údar Gaeilge a scríobh úrscéal bunaithe uirthi do dhéagóirí.

Iarracht sármhaith ab ea An Túr Solais le Ríona Nic Congáil a d'fhoilsigh Coiscéim le déanaí agus ba cheart í a spreagadh chun a thuilleadh a scríobh.

Is tionscal mór i dteangacha eile freastal a dhéanamh ar mhargadh na ndéagóirí ach go dtí seo is beag atá déanta chun freastal ar an aoisghrúpa seo i nGaeilge.

Fiú dá mbeadh na leabhair ann ní hacmhainn d'aon fhoilsitheoir Gaeilge margaíocht a dhéanamh ar leabhar mar atá déanta ag Bloomsbury leis an leagan Gaeilge de Harry Potter.

Dúirt an tAire Ó Cuív go raibh faoi plé a dhéanamh le Bord na Leabhar Gaeilge agus le Foras na Gaeilge faoi bhealaí nua a aimsiú chun margaíocht níos fearr a dhéanamh ar na leabhair atá á bhfoilsiú agus ní miste é.

Ach feictear dom gur mó an phráinn a bhaineann le bealaí nua a aimsiú chun tuile leabhar de gach uile chineál a chur ar fáil do dhéagóirí agus margaíocht a dhéanamh orthusan.

Is fánach bheith ag caitheamh airgead mór ar fhoilsiú leabhar Gaeilge do dhaoine fásta mura féidir a chinntiú go dtiocfaidh glúin óg chun cinn a léifidh iad.

Tá seimineár ar théacsleabhair iar-bhunscoile le bheith ag an Ghúm in Óstán an Galway Bay, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn. Pléifidh aoichainteoirí na deacrachtaí a bhaineann le ceist na dtéacsleabhar i scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna. Eolas: 086-3905630