Is "trumpa gan teanga" í tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta de réir an eagras pobail i gConamara, Pléaráca. In iris Phléaráca, a seoladh ar an Spidéal, Co na Gaillimhe, arú inné, tugann cathaoirleach an eagrais Donnacha Ó hÉallaithe le fios go bhfuil moltaí an Choimisiúin, easnamhach, róghinearálta agus tánaisteach do shochaí na Gaeltachta agus go bhfuil na moltaí faoi "thionchar na fealsúnachta seanchaite a bhí taobh thiar de Ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge".
Cáineann Ó hÉallaithe a laghad béime a cuireadh ar chúrsaí bunoideachais sa saothar, á rá go bhfuil an ráiteas i leith bunscolaíochta chomh ceoch sin go bhféadfadh sé bheith i bhforógra páirtí polaitíochta ar bith: "... tá beatha na Gaeilge sa Ghaeltacht ag brath thar aon rud eile ar bhuanú na Gaeilge mar chéad teanga labhartha i measc pháistí óga na Gaeltachta ... Níl tada ar chor ar bith ráite faoi thábhacht na máithreacha sna Gaeltachtaí. Is iad thar aon dream eile atá freagrach as an Ghaeilge a thabhairt ó ghlúin go glúin."
Is beag is fiú don Choimisiún moladh go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. "Níl a fhios agam cén difríocht a dhéanfadh sé d'úsáid na Gaeilge mar theanga oibre i monarcha de chuid an Údaráis ar an Screabán nó thiar i gCasla..." Tugann sé "moladh míréadúil" ar a leithéid.
Ní fiú don Choimisiún ach an oiread iarraidh ar an Rialtas polasaí a dhearbhú ar athréimiú na Gaeilge mar theanga náisiúnta, a scríobhann Ó hÉallaithe.
"Dá n-éireodh le Coimisiún na Gaeltachta a chur faoi ndeara don Stát a admháil nach é a pholasaí an Ghaeilge a athréimiú mar theanga náisiúnta bheadh rud éigin bainte amach ar son na macántachta.
"Ach níl ann ach cur i gcéill bheith ag iarraidh ar an Stát seo a rá go bhfuil sé i bhfábhar na hathbheochana. Tréigeadh an t-idéal seo 30 bliain ó shin, le tacaíocht an phobail agus níor chuir mórán in aghaidh an tréigin."
Tá botún bunúsach déanta ag an Choimisiún ina moladh gur cheart don Rialtas córas a bhunú don phleanáil teanga ar bhonn náisiúnta: "Tá acmhainní Sáit an-teoranta. Cosnaíonn pleanáil teanga airgead. Más pleanáil teanga ar bhonn náisiúnta é, ní tharlóidh mórán seachas níos mó airgid a chur amú ar mhaithe le 'cur chun cinn na Gaeilge' ... Bheinn ag súil go mbeadh Coimisiún na Gaeltachta ag iarraidh an méid saineolais atá ar fáil a dhíriú ar riachtanais na Gaeltachta i dtosach ...
"Dá mbunófaí córas pleanála teanga don mhéid den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós á húsáid ag sciar den phobal mar ghnáth-theanga cumarsáide, b'fhéidir go bhféadfaí difríocht a dhéanamh agus spriocanna a bhaint amach agus deireadh a chur le meath na Gaeilge i ndeisceart Chonamara, in iarthar Dhuibhneach agus in iarthuaisceart Dhún na nGall. Agus níl ann ach b'fhéidir".
Mar fhocal scoir, scríobhann sé nach bhfuil straitéis ar bith ag an Choimisiún a chuirfeadh moill ar mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. "Tá liosta eile moltaí ag teastáil. Cé a chuirfidh le chéile iad?"