O dhubh go dubh

Tá tuilleadh nuachta ar Raidió na Gaeltachta; tá an stáisiún anois ag craoladh 16 feasachán nuachta gach lá ón Luan go dtí an…

Tá tuilleadh nuachta ar Raidió na Gaeltachta; tá an stáisiún anois ag craoladh 16 feasachán nuachta gach lá ón Luan go dtí an Aoine agus 16 mír eile nuachta ag an deireadh seachtaine.

Is ionann sin agus a rá go bhfuil 96 tuairisc nuachta ar an stáisiún gach aon seachtain ar chúrsaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Dúirt Leas-Cheannaire an stáisiúin, Seán Ó Cuirreáin, gur cuid de "ghnáthphróiseas forbartha" a bhí ann. "Tá feasacháin againn ó 7 a.m. ar maidin go dtí 10 p.m. san oíche," a dúirt sé, rud a chiallaíonn go dtig le daoine bheith ag éisteacht le nuacht an stáisiúin ó dhubh go dubh.

De bharr an dearaidh nua atá ar an nuachtán, is ar na leathanaigh nuachta a fhoilseofar na colúin Beocheist, Dé Máirt, agus An Peann Coitianta, Déardaoin, as seo amach.