O’Loan imníoch

TÁ DECLAN O’Loan, ball Thionól Thuaisceart Éireann de chuid an SDLP, i ndiaidh a imní a léiriú faoin mhéid a dúirt Aire Cultúir…

TÁ DECLAN O’Loan, ball Thionól Thuaisceart Éireann de chuid an SDLP, i ndiaidh a imní a léiriú faoin mhéid a dúirt Aire Cultúir Thuaisceart Éireann, Nelson McCausland, faoi Fhoras na Gaeilge agus The Ulster-Scots’ Agency roimh an Nollaig.

Agus é ag tabhairt freagra ar cheist sa tionól, dúirt McCausland: “I have concerns about the effectiveness of those North/South agencies, and I have discussed those concerns with Minister Carey from the Irish Republic. I have asked my officials to work up short and long term options to address my concerns as a matter of urgency in order to provide public confidence about value for money in both agencies.”

Dúirt O’Loan, leaschathaoirleach Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta an tionóil, go gcaithfidh McCausland cúis a imní a dhéanamh soiléir agus a rá conas mar a thabharfaidh sé aghaidh ar dheacrachtaí a mheasann sé bheith ann: “he has yet to afford the public with any details of his criticisms.”

Dá bharr sin, a dúirt O’Loan, bhí an coiste le scríobh chuige le fiafraí de: “what are his concerns about their effectiveness; what gives these concerns urgency; what contacts has the department made with the agencies to raise those concerns and what were the responses; and what evidence does the minister have there is a lack of confidence in both agencies?”

READ MORE

Dúirt sé go raibh “serious allegations” déanta ag McCausland; chuir an chaint iontas air nó tuigeadh dó nach raibh McCausland nó a chuid oifigeach i dteagmháil leis an Fhoras faoi na líomhaintí.

Dúirt O’Loan nach raibh barúil aige cén imní a bhí ar McCausland agus gur cheart dó a chuid tuairimí a chosaint go poiblí nó iad a tharraing siar.

Ag caint leis an cholún seo inné, dúirt O’Loan go raibh sé ag súil go mbeadh McCausland i dteagmháil leis an choiste “fairly quickly”.

Dúirt urlabhraí thar ceann McCausland leis an cholún seo inné faoi ráiteas O’Loan: “Now that the minister has received a request from the committee, he would wish to address the issue with them in the first instance.”

Dúirt urlabhraí thar ceann Roinn na Gaeltachta go mbíonn plé rialta ag Aire na Gaeltachta Pat Carey le McCausland go speisialta taobh istigh “de chreatlach na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, faoi ghnéithe éagsúla d’obair na n-eagraíochtaí Thuaidh/Theas a thagann faoina gcúram”.

Bíonn airí agus oifigigh ag iarraidh a chinntiú go mbíonn na caighdeáin rialachais is airde i bhfeidhm sna heagraíochtaí agus go mbíonn luach ar airgead á fháil acu.

I gcás aon cheist a thagann aníos, is amhlaidh go mbíonn comhphlé faoi na cúrsaí sin agus go nglactar na céimeanna is gá ar bhonn aontaithe idir an dá dhlínse, a dúirt sé.