Obair bhaile don mhac – agus don athair

NÍ FADA ó thosaigh mo mhac ar meánscoil. Bhain sé preab asam mar thuismitheoir é a fheiceáil faoi éide nua scoile

NÍ FADA ó thosaigh mo mhac ar meánscoil. Bhain sé preab asam mar thuismitheoir é a fheiceáil faoi éide nua scoile. Ócáid de na hócáidí sin a bhí ann nuair a fhiafraíonn tú díot féin cá ndeachaigh an t-am.

"

Bíodh is gur bhain cumha áirithe leis an ócáid, bhí sásamh le fáil as an aistriú seo ó bhunscoil go meánscoil fosta. Den chéad uair ó thosaigh sé a dhul ar scoil, tá múinteoir agus ranganna Gaeilge aige.

Tarlaíonn sé go bhfuil cónaí ormsa sa cheathrú páirc ghlas agus níl teacht ar sheirbhísí oideachais trí mheán na Gaeilge chomh furasta sin agus atá sa Stát seo. Ní raibh tumoideachas nó ranganna Gaeilge mar rogha agamsa, ag mo mhac nó ag na páistí eile atá ar bunscoil faoi láthair.

READ MORE

Labhraím Gaeilge leo; labhraíonn mo chéile mná a cúpla focal féin leo agus cluineann siad Gaeilge ar TG4 anois is arís. Sin uilig. (B'fhéidir gur cheart dom 'tuismoideachas' a thabhairt ar an 'chóras' áirithe seo.)

Ach, faoi dheireadh is faoi dheoidh, i ndiaidh seacht mbliana d'oideachas foirmiúil bunscolaíochta, tá ranganna Gaeilge aige. Bíodh is go bhfuil mórán cainte faoi fhorbairt na Gaeilge sa Tuaisceart - agus tá forbairt ann - beidh sé ag foghlaim na teanga mar a d'fhoghlaim mise í tá 30 éigin bliain ó shin; as téacsleabhair agus comhrá.

Ach tá faoiseamh orm, mar sin féin. Ní ghuífinn obair bhaile ar dhalta ar bith ach tá sásamh éigin le fáil as a chuid ceachtanna. Tá sé ag cur ceisteanna anois agus tá sé ag foghlaim. Tá na fuaimeanna aige agus tá an foclóir neamhghníomhach sin a bhí ina intinn anois in úsáid.

Bhí siad ag foghlaim "Cad é mar atá tú?" agus freagraí ar an cheist sin an tseachtain seo. Ní mórán é, b'fhéidir, ag cuid de na daoine a léann an colún seo ach ba chosúil le léim an chandaim agamsa é. Bhí duine éigin eile, diomaite dá athair, ag labhairt Gaeilge leis. Níos tábhachtaí fós, bhí comhluadar ranga aige a bhí ag foghlaim na gceachtanna céanna.

Níl a fhios agam cén chríoch a bheidh ar an aistear eolais seo aige. Tá súil agam go mbaine sé tairbhe as an teanga mar a bhainimse. Seans nach mbeidh an oiread sin cuideachta aige i gcónaí. Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais sa Tuaisceart go bhfuil laghdú ar líon na ndaltaí atá ag dul do GCSE agus A-leibhéal. Ní thugann na figiúirí uchtach duit. Tá an Ghaeilge in iomaíocht le mórán ábhar eile agus, oiread chéanna le daoine sa Stát seo, cuireann Ultaigh náisiúnaíocha féin an cheist: "cad is fiú Gaeilge?" Ó tharla fosta go bhfuil an Ghaeilge ina hábhar taobh istigh den chóras Caitliceach meánscolaíochta don chuid is mó, is ag brath ar sciar beag de mhionlach atá cur chun cinn na teanga cheana féin.

Is ar an ábhar sin a dhéanaim iontas den cháineadh leanúnach a dhéanann sciar áirithe den tsochaí sa Stát den Ghaeilge mar ábhar scoile agus den droim láimhe atá an Roinn Oideachais abhus ag tabhairt leis an tumoideachas.

An dtig le duine ar bith a rá go raibh mo mhac agus a chairde oilte gan eolas bheith acu ar an teanga?

An dtig le duine ar bith a rá gur fearr as daltaí sa Tuaisceart, nach bhfaigheann oiread agus rang amháin i nGaeilge nó faoin Ghaeilge le linn bhlianta na bunscoile, ná a gcomhghleacaithe sa Deisceart?

Nach é fírinne an scéil é gur fearr i bhfad an córas oideachais a chuireann Gaeilge ar fáil (chomh luath agus is féidir) ná an ceann nach gcuireann?

Oileán eile

CÁS DE "oileán agus oileán eile" a bhí ann d'Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, agus é ar cuairt ar Oileán Mhanann an tseachtain seo caite.

Bhí cúis ar leith aige cuairt a thabhairt ar Oileán Mhanann nó ba é a sheanathair, Éamon de Valera, a shábháil caint na gcainteoirí deiridh Manainnise tá 60 bliain ó shin.

Chuaigh de Valera chun an oileáin i samhradh na bliana 1947 agus bhuail sé le Ned Maddrell, fear a raibh Manainnis ó dhúchas aige.

Thuig de Valera a chuid Manainnise agus chuir foireann as an Choimisiún Béaloideasa anonn chun an oileáin sa bhliain 1948 le caint na gcainteoirí dúchais deireanacha a thaifeadadh agus a chur ar cheirnín.

Rinne siad taifeadadh ar thuairim is 15 duine ar fad agus creidtear go bhfuil an méid cainte a bhailigh siad ar bhailiúchán chomh tábhachtach Manainnise agus atá ann.

Murach díograis de Valera, tá gach aon seans ann go rachadh an chaint sin ar fad le gaoth.

Ní gnó maoithneach í an pholaitíocht go minic ach is iontach go raibh Ó Cuív ábalta obair cheannródaíoch a sheanathar a chomóradh.

O'Keeffe cáinte

O'KEEFFE SEACHAS Ó Cuív atá á cháineadh ag na heagrais Ghaeilge an iarraidh seo. Cháin Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an tAire Oideachais, Batt O'Keeffe, as cuid dár dhúirt sé faoi chúrsaí oideachais sa nuachtán seo an tseachtain seo caite.

Dúirt stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail, gur "léiriú diúltach" a bhí sa méid a dúirt O'Keeffefaoi mheon an Roinn Oideachais "i dtaobh éagsúlacht a cheiliúradh tríd an gcóras oideachais agus ar mhianta na Roinne córas aonchineálach a chur i bhfeidhm.

"Ainneoin go bhfuil cúinsí airgeadais níos géire sa tír faoi láthair, is bocht an scéal é nuair a leagtar béim ar an gcostas a bhaineann le hoideachas a chur ar fáil gan aon tuiscint a bheith léirithe ar an luach fadtéarmach a bhaineann le hoideachas ar ardchaighdeán."

Mol na húdair

MOL NA húdair agus scríobhfaidh siad. Beidh ócáid ag Cumann Scríbhneoirí Óga is Úra na Gaeilge ar siúl oíche Aoine i Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, Sráid an Phiarsaigh, idir 5pm agus 11pm.

Beidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Caitríona Ní Chléirchín, Laoise Ní Chomhraí, Majella McDonnell, Ríona Nic Congáil, Ruth Nic Giolla Iasachta agus Scott de Buitléir ón chumann ag léamh i gcuideachta mac léinn ón Oscar Wilde Centre for Irish Writing ar Choláiste na Tríonóide.

(Dála an scéil, aithneoidh léitheoirí rialta triúr i measc na n-údar úr a scríobh ailt Ghaeilge sa nuachtán seo.)

Ná cuireadh sé beaguchtach ort mura dtig leat bheith i láthair don léamh. Seolfaidh an criticeoir agus léachtóir, Máirín Nic Eoin, an chéad díolaim le scríbhneoirí an chumainn, Blaiseadh Pinn, oíche Mháirt sa Winding Stair Bookshop, Cé Urumhan Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, ag 6.30pm.

bailiúchán collection - beaguchtach lack of courage - blaiseadh taste - candam quantum - comhthéacs context - diúltach negative - éagsúlacht diversity - faoiseamh relief - forbairt development - leanúnach continuous - maoithneach sentimental - mionlach minority - neamhghníomhach passive

"