Obama v Gooch

BA THEACHTAIREACHT ar twitter is mó a bhain gáire as an gcolún seo le linn chuairt Bharack Obama

BA THEACHTAIREACHT ar twitter is mó a bhain gáire as an gcolún seo le linn chuairt Bharack Obama. Bhí an laoch rugbaí Brian O’Driscoll ar an stáitse le réaltaí eile spóirt don cheolchoirm in onóir an uachtaráin.

I ndiaidh na hócáide dúirt sé lena lucht leanta ar twitter go raibh “lá iontach aige” agus gur éirigh leis bualadh leis an “main man” féin. Spreag an teachtaireacht san freagra ó Darran O’Sullivan, peileadóir le Ciarraí. “Glacaim leis,” arsa gliocaire glic na Ríochta, “gur ag tagairt don nGooch atá tú”.